Dún na nGall

baile i gContae Dhún na nGall

Tagraíonn an t-alt seo leis an bhaile darb ainm Dún na nGall. Fá choinne an chontae atá ainmnithe as, amharc ar Chontae Dhún na nGall

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDún na nGall

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°39′00″N 8°07′01″W / 54.65°N 8.117°W / 54.65; -8.117
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán2,618 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús987.92 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla2.65 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde32 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód74 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1414072
Suíomh gréasáindonegaltown.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is baile é Dún na nGall[1] (Béarla: Donegal) i ndeisceart Chontae Dhún na nGall i bPoblacht na hÉireann.

Stair cuir in eagar

Roimh an 17ú haois déag, bhí an baile ina phríomhdhún ag clann Ui Dhomhnaill, rialtóirí stairiúla Tír Chonaill. Tá fianaise ann go raibh daoine ag cur fúthu ar an láthair roimh theacht na Críostaíochta. Meastar gur mar gheall ar dhún a bheith ag na Lochlannaigh sa cheantar a tugadh Dún na nGall air. Tugann na mílte cuairt ar Chaisleán Dhún na nGall gach bliain, caisleán a thóg Clann Uí Dhónaill sa chúigiú haois déag. Tá ballóga sainmhainistreach ann chomh maith, mar a raibh Ord na bProinsiasach. Rinneadh cuid mhaith den obair ar Annála na gCeithre Máistrí, ceann de na lámhscríbhinní stairiúla is tábhachtaí in Éirinn, sa mhainistir seo.

 
An Diamant i lár Dhún na nGall.

Nuair a theith na hIarlaí i 1607 tar éis chogadh fhada in aghaidh na Sasanach, tugadh an caisleán agus a thailte don Sasanach Basil Brooke, mar chuid de Phlandáil Uladh. Rinneadh an baile a leagan amach le cearnóg ina lár ar a dtugtar an Diamaint.

Inniu cuir in eagar

Is ionad mór turasóireachta é an baile anois, é suite ag bun na gCruacha Gorma, agus in aice le cuid mhór tránna a mbíonn daoine ag tonnmharcaíocht orthu. Tá traidisiún láidir fíodóireachta sa bhaile agus sa cheantar máguaird, agus an-cháil ar chomhlacht Magee. Is ann atá ceannáras an nuachtáin an Donegal Democrat.

Tá Gaelscoil sa bhaile le tamall beag de bhlianta.

Tábla daonra cuir in eagar

Taispeánann an tábla seo athruithe ins an daonra ins na blianta anuas:[2][3]

Bliain Daonra Athrú Athrú, %
2002 2,453 - -
2006 2,339 -114 -4.6%
2011 2,607 +268 +11.5%
2016 2,618 +11 +0.4%

Tagairtí cuir in eagar