Osclóidh seo an príomhroghchlár

New Orleans, Louisiana

Cathair ins na Stáit Aontaithe
(Athsheolta ó New Orleans)
New Orleans
Ville de La Nouvelle-Orléans
New Orleans
Suíomh

29°58′ Thuaidh 90°3′ Thiar

Rialtas
Tír Flag of the United States.svg SAM
Stát Louisiana
Méara Mitch Landrieu (D)
Déimeagrafaic
Achar 907 km²
Daonra 378,715 (2013)[1]
Dlús daonra 973/km²
Crios ama CST/CDT (UTC-6/-5)
www.cityofno.com

Is cathair i stát Louisiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá í New Orleans as Béarla, nó La Nouvelle-Orléans as Fraincis, nó Nua Orléans. Is port tábhachtach í an chathair, agus í suite ar bhruach na hAbhann Mississippi, cóngar do bhéal na habhann ar Mhurascaill Mheicsiceo. Tá cultúr saibhir cáiliúil ag New Orleans, le tionchar mór Francach, Spáinneach, agus Afra-Mheiriceánach le feiceáil. Tugtar an leasainm "The Big Easy" ar an gcathair go minic. "The Crescent City" leasainm eile ar New Orleans. Tagann an t-ainm seo as an lúb mór a dhéanann an abhainn ar thaobh theas na cathrach.

Sráid Bourbon i New Orleans.

Sa bhliain 2010, labhair 90.3% de mhuintir New Orleans (os cionn 5 bliana d'aois) Béarla sa bhaile mar príomhtheanga. Labhair 4.8% díobh Spáinnis, 1.9% Vítneaimis agus 1.1% Fraincís. San iomlán bhí príomtheanga tí eile seachas Béarla ag 9.7% de mhuintir New Orleans.

Hairicín KatrinaCuir in Eagar

Ar an 29 Lúnasa 2005, rinneadh go leor dochar do New Orleans nuair a bhuail Hairicín Katrina deisceart na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cumadh Hairicín Katrina i Mhurascaill Mheicsiceo ar an 23 Lúnasa. Ar an 28 Lúnasa, d'ordaigh gobharnóir Louisiana aslonnú éigeandala agus spéirling Katrina ag teannadh ar cheantar New Orleans.

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar