Is sráidbhaile é an Pollach[1] (nó An Phollaigh, nó Pollagh as Béarla). Tá sé suite ar Oileán Acla i gContae Mhaigh Eo, idir Dumha Acha agus An Caol.[2]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Pollach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°58′17″N 10°06′12″W / 53.97142251°N 10.10339259°W / 53.97142251; -10.10339259
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1417925

Gníomhaíochtaí

Tá traidisiún bannaí píob an-láidir ar Oileán Acaill agus tá banna píob sa Phollach.[3]Lá Féile Pádraig, bailíonn na bannaí ag breacadh lae ag an Achill Head Hotel agus máirseáileann siad ar ais go dtí a sráidbhailte féin.

Tá dhá ionad leighis, sa Phollach agus i nGob an Choire, ceathrar dochtúirí leighis lán aimsire agus beirt bhanaltra Sláinte Poiblí ag clúdach an cheantair

Conspóid

I mí na Samhna 2019, bhí conspóid sa Phollach tar éis do dhaoine áitiúla tús a chur le hagóid trí mhí 24/7 chun cosc ​​a chur ar dhídeanaithe a bheith san Achill Head Hotel[4] sa sráidbhaile.[5]

Mar gheall ar an agóid, chinn an An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, atá freagrach as dídeanaithe agus daoine a lorgaíonn tearmann sa chóras soláthair, nach raibh fanacht sa Phollach chun leasa na ndídeanaithe mná leochaileacha lena mbaineann.[6][7]

 
Road to Dooagh.jpg

Ansin d'fhógair an Roinn Dlí agus Cirt nach rachfar chun cinn leis an bplean i bhfianaise na hagóide ina aghaidh.[8] Dúirt gníomhaithe in Acaill go raibh daoine an-díomách nach mbeadh imircigh ag teacht chun an oileáin agus ag cur fúthu in ionad soláthar díreach mar a bhí beartaithe. Dúirt an t-ardeaspag go bhfuil clú agus cáil ar fud an domhain ar mhuintir Acla mar dhream soicheallach agus go bhfuil fáilte curtha acu roimh dhaoine ón iasacht san am atá caite.[9]

 

Tagairtí

  1. An Pollach/Pollagh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. google.com/maps. "Pollagh" (ga). Pollagh. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  3. "achill community futures action plan 2018-2023" (en). Scribd. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  4. Google Maps. "Achill Head Hotel" (en). Achill Head Hotel. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  5. Rosita Bol. "‘There will always be two groups in Achill now’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  6. Patrick Logue, Vivienne Clarke. "Achill residents insist they are not opposed to asylum seekers but have safety concerns" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  7. Amanda Cassidy. "The refusal to welcome 13 vulnerable women to Achill is worse when it's dressed up as concern". IMAGE.ie. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  8. Nuacht RTÉ (2019-11-01). "Díomá ar ghrúpa in Acaill nach bhfuil teifigh ag teacht" (as ga). 
  9. ""Daoine fáilteacha iad muintir Acla" - Ardeaspag Thuama" (as ga) (2019-11-04).