Gob an Choire
Baile in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo is ea Gob an Choire[1] (Achill Sound as Béarla). Tá sé suite ar Acaill, ar an taobh thoir den oileán. Ceanglaíonn Droichead Mícheál Dáibhéad le leithinis an Chorráin agus mórthír Chontae Mhaigh Eo.
Gob an Choire | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Mhaigh Eo | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 302 (2006) | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 0 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 37015 |
Saol
cuir in eagarGo hoifigiúil, cuid de Ghaeltacht Mhaigh Eo atá ann, cé go bhfuil Béarla níos forleithne i nGob an Choire faoi láthair.
Tá teach cúirte an oileáin i nGob an Choire in aice le stáisiún na ngardaí díreach roimh an droichead isteach ar an oileán.
Is beag crann atá le fáil in Acaill seachas coill Ghleann Dairbhre in aice le Gob an Choire.
Béaloideas
cuir in eagarDe réir na scéalta, fadó ní bhíodh hata ag gach duine san oileán ach bhíodh hata ag an bpobal. Bhíodh an hata seo ar crochadh ar phósta i nGob an Choire i dtreo go mbeadh éinne a bhí ar a bhealach chun an bhaile mhóir é a chaitheamh agus a chur ar ais ar an bpósta agus é ar a bhealach abhaile.
Stair[2]
cuir in eagarTógadh an chéad dhroichead chun Oileán Acla a cheangal le Co. Mhaigh Eo sa bhliain 1887. Ainmníodh an droichead in ómós do Michael Davitt, a bhunaigh Conradh na Talún.
Seacht mbliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1894, leathnaíodh líne iarnróid Chathair na Mart - Baile Uí Fhiacháin chomh fada leis an mbaile.
Mar thoradh ar na forbairtí sin, bhí Acaill níos inrochtana, cé go raibh tragóid i gceist leis an dul chun cinn seo freisin. Bhí coirp na n-íospartach ó thragóid bhá Chuan Mó ar an gcéad turas ar an líne iarnróid chun an oileáin. Bádh 32 duine.
Ar an 17 Meán Fómhair 1937, cailleadh deichniúr daoine óga as Acaill i dtine i scioból in aice le Cathair Cheann Tulaich (Kirkintilloch) in Albain.[3][4] Ag piocadh fataí a bhí siad ('tattie howkers’).[5][6][7]Tháinig na deirfiúracha go léir slán as...ina gcónaí i dteachín in aice leis na buachaillí. Iompraíodh na coirp ar an líne idir Cathair na Mart agus Gob an Choire, an t-aistear deireanach a rinneadh ar an gcuid seo den iarnród choíche.
Íomhánna
cuir in eagar-
Óstán
-
Leabharlann
-
Oifig an phoist
-
Eaglais
-
Eaglais
-
Iarnród, 1994
-
Droichead
-
Droichead
-
Droichead
-
Caisleán
-
Caisleán
-
Radharc
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Gob an Choire/Achill Sound | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Máirtín Ó Direáin (1944). "Leannán Dá Ġráḋ a Fuair Bás". Comhar 3 (8): 3. doi: . ISSN 0010-2369.
- ↑ "BBC - Irish - Audio & Video" (ga). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2021-09-17.
- ↑ theirishstory.com. "The Kirkintilloch Tragedy, 1937 – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-09-17.
- ↑ http://www.mayococo.ie/ga/Seirbhisi/OifignaGaeilge/Nuachtlitreacha/2011Newsletters/Lúnasa2011/Articles/Article,16459,ga.aspx[nasc briste go buan]
- ↑ MayoCoco.ie (2011). "/Nuachtlitreacha/2011Newsletters/Lúnasa2011/Articles/Article,16459" (ga). MayoCoCo. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-17. Dáta rochtana: 2021-09-17.
- ↑ British Pathé. "Farm Fire In Kirkintilloch" (en-GB). www.britishpathe.com. Dáta rochtana: 2021-09-17.