An Eachléim
baile fearainn i gContae Mhaigh Eo
(Athsheolta ó Eachléim)
Sráidbhaile beag tuaithe i gContae Mhaigh Eo is ea an Eachléim[1] ina bhfuil na gnáthfhoirgnimh, mar shampla bunscoil, siopa agus séipéal Tá ionad oidhreachta, Ionad Deirbhile Eachléim, suite ann.
An Eachléim | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Mhaigh Eo | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 1 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 35252 |
D'eascair an t-ainm seo as na focail each (capall) agus léim, mar deirtear gur léim capall miotasach ó oirthear an cheantair chun an iarthair agus gur mar sin a thugtar Eachléim ar an talamh idir an dá áit.
Dar leis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, stádas Gaeltachta ag leibhéal C a bheadh ag an gceantar thart ar an Eachléim. Dá mbeadh dhá theaghlach eile sa toghroinn ag cáiliú faoi dheontas Scéim Labhairt na Gaeilge, bheadh an Eachléim i dteideal aitheantas i gCatagóir B.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “An Eachléim/Aghleam | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
Naisc Sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |