Cruach Phádraig
Sliabh in iarthar Chontae Mhaigh Eo, os cionn Chuan Mó, is ea Cruach Phádraig[1], i mBéarla Croagh Patrick nó The Reek (ón fhocal cruach).
(ga) Cruach Phádraig | ||||
Cineál | Sliabh | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 114135 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Mhaigh Eo, Éire | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 764 m | |||
Starraiceacht thopagrafach | 640 m | |||
Tá an sliabh 762m in airde. Tá Binn Ghorm thiar dó.
Tugadh Cruachán Aigle (< aicil < Laidin aquila 'iolar', agus Fraincis, aigle) air sa mheánaois is cosúil.
Seanchas
cuir in eagarTá cnocán i láthair ar an sliabh. D’fhéadfadh gur cosaint ón gCré-umhaois é seo. Rinne seandálaithe é a thochailt ach ní raibh siad in ann dáta radacarbóin a fháil.
De réir an tseanchais chaith Naomh Pádraig Carghas na bliana 441 anseo ag guí agus ag troscadh.
Deirtear gur chaith Naomh Pádraig daichead lá ar an sliabh ag guí sa chúigiú chéad. Deirtear freisin gur ruaig Naomh Pádraig na nathracha nimhe agus créatúir nimhe eile as Éirinn ó bharr na cruaiche.[2]
Oilithreacht
cuir in eagarLáthair oilithreachta atá ann leis na céadta bliana. Mar aithris ar Naomh Pádraig, tá na mílte ag dreapadh na cruaiche, iad cosnocht go minic.
Bíonn oilithreacht Dhomhnach na Cruaiche ann (Garland Sunday nó Reek Sunday i mBéarla) ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Glacann na scórtha míle duine páirt san oilithreacht.
Tá séipéal beag ar bharr an tsléibhe, a tógadh sa bhliain 1905. Ceiliúrtar an tAifreann gach cúpla Domhnach sa samhradh, agus go háirithe ar 15 Lúnasa agus Domhnach na Cruaiche.
-
Radharc ar Chruach Phádraig ó Chathair na Mart
-
Cloich ag Cruach Phádraig
-
Radharc ar Chruach Phádraig ó Leac an Anfa ar maidin i mí Iúil
Fionnachtain óir
cuir in eagarThángthas ar seam óir sa sliabh sna 1980idí
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Cruach Phádraig/Croagh Patrick | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Mayo County Council. "Mayo County Council" (ga). www.mayococo.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-24. Dáta rochtana: 2019-07-16.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |