Is é An Domhnach an chéad lá den tseachtain de réir an traidisiúin Chríostaí, ach mar gur lá saoire é is é an dara lá den deireadh seachtaine é go coitianta. Rinneadh lá saoire de ionas go mbeadh Críostaithe in ann freastal ar an Aifreann (Caitliceach) agus comaoineach a ghlacadh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Domhnach
Íomhá
CineálLaethanta na seachtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósMr (en) Aistrigh, aiséirí, margadh, 1, obair, An Ghrian, adhradh agus Aiséirí Íosa Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dedeireadh seachtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#HappySunday Cuir in eagar ar Wikidata

De réir na féilire Greagóraí, ní thosaíonn aois nua ar an Domhnach. De réir na féilire Eabhraí, ní thosaíonn aon bhliain ar an Domhnach. Bíonn Aoine 13 le fáil in aon mhí a thosaíonn ar an Domhnach.

De réir seantraidisiúin Ghiúdaigh is é an Satharn an tSabóid. Ina lán teangacha is ionann na focail atá ar 'Shatharn' agus ar ‘Shabóid,' cé go ndéanann eaglaisí ceartchreidmheacha idirdhealú idir an Satharn agus lá na Sabóide. Is annamh a thugann Caitlicigh an tSabóid ar an lá, ach is nós le go leor Protastúnach 'an tSabóid' a thabhairt ar an Domhnach.

Sa chuid is mó den Eoraip agus i Meiriceá Theas (seachas sa Bhrasaíl) is é an Domhnach an lá deireanach den tseachtain. I dtíortha eile, dála SAM, is é an chéad lá é, barúil thraidisiúnta a tháinig anuas ó na Seanghiúdaigh, ó na Seanéigiptigh agus ón Impireacht Naofa Rómhánach. De réir an ISO 8601, is é an Luan an chéad lá agus is é an Domhnach an seachtú lá.

Dar le haicmí áirithe Críostaí a bhfuil dearcadh ceartchreidmheach nó piúratánach acu, ní dhéantar obair ar bith Dé Domhnach, cé is moite de chúrsaí adhartha nó de ghníomh práinne.

Is lá mór spóirt é an Domhnach. I SAM imrítear an pheil Dé Domhnaigh, agus Dé Sathairn agus Dé Luain freisin. (Imrítear peil choláisteach ar an Sathairn agus peil mheánscoile ar an Aoine.) Imrítear formhór na gcluichí Gaelacha (peil, iománaíocht agus camógaíocht) ar an Domhnach, agus is minic a athraítear am freastail sna séipéil nuair a bhíonn cluiche tábhachtach á imirt.

Sa chuid den domhan a tháinig faoi anáil na Críostaíochta, is gnách le hoifigí stáit, le rialtais áitiúil, le cúirteanna agus eile dúnadh Dé Domhnaigh. Ní fada ó bhí sé ina raic sa Bhreatain nuair a chinn an rialtas go mbeadh cead trádála ag gnólachtaí áirithe Dé Domhnaigh, agus is annamh tráchtáil ar siúl Dé Domhnaigh i dtíortha a bhfuil traidisiún Caitliceach iontu. I SAM agus san Eoraip bíonn uaireanta oscailte na siopaí níos giorra de ghnáth ar an Domhnach.

I dtíortha Béarla craolaíonn a lán stáisiún teilifíse a gcuid clár polaitiúil Dé Domhnaigh. Bhíonn eagrán níos toirtiúla de na nuachtáin ar fáil ar an Domhnach, agus iris lándaite agus forlíonta spóirt agus cultúir leo go minic .

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar