Ainm de dhá dhream agus a ríochtaí in Éirinn na meánaoise ba ea Gaileanga (Meán-Ghaeilge Gailenga[1]), suite i mBreá agus i gcúige Chonnacht.

Léarscáil Bhréifne c. AD 700, le Gaileanga san oirthear

I dteannta leis na Luíne, Dealbhna, Saitne agus Ciannachta, mhaígh na Gailenga gur de shliocht Thaidhg mhic Céin, trína a mhac, Cormac Gaileang.[2] Creideann Francis John Byrne agus Eoin Mac Néill beirt:

gur threibheanna gaiscíoch a bhí ann a lonnaigh na Connachta agus Uí Néill iad ... ar thailte cloíte acu (IKHK, lch. 69).

De réir ginealach luaite i bhForas Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn:

Seo a leanas na críocha a bhain siad amach: Gaileanga, san oirthear a agus iarthar; Ciannachta, sa deisceart agus tuaisceart; Luighne, san oirthear a agus iarthar

Cé gur chreid Byrne agus MacNeill gurbh as Connachta iad ó dhúchas, mholfadh taighde a rinneadh le gairid ar shanasaíocht an fhocail 'Connachta' gurbh as Breá iad i ndáiríre, agus gur lonnaíodh trasna na Sionainne ag na the Connachta iad.

Deir Byrne fosta go raibh gaol láidir idir na Gailenga agus na Luigne mar chomharsana agus comhghuaillithe i gConnacht:

suite taobh ó dheas de Shliabh Gamh, ba bhloc mór iad idir Uí Fiachrach agus Uí Bhriuin. Bhí siad féin i gceannas ar threibheanna níos lú, agus tá ceart éigin acu bheith san áireamh mar ard-ríocht nó ríocht ruire, agus aithníodh seo sa dara haois déag nuair a tógadh a gcuid críoch i nDeoise Achadh Conaire isteach. Bhíodh a rítheaghlaigh, Uí Gadhra agus Uí hEaghra, chun cinn fós sa seachtú haois déag. Bhíodh na barúntachtaí Gaileang i Maigh Eo agus Luíne i Sligheach ... dubh le treibheanna beaga, agus dlúthghaol ag roinnt acu siúd le scéalta bunúis na gConnacht.[3]

Ginealaigh

cuir in eagar

Deir ginealach luaite ag Seathrún Céitinn:

"Bhí beirt mhac ag Tadhg mac Céin mhic Ailealla Óloim, mar a bhí, Connla agus Cormac Gaileang. De shliocht Iomchaidhe mhic Connla iad Uí Chearbhaill, agus d'Fhionnachta mac Connla iad Uí Meachair. De shliocht Chormac Gaileang mhic Thadhg mhic Céin iad Uí Eadhra agus Uí Ghadhra agus Uí Conchúir Chiannacht."

Faightear i Rawlinson B 502 agus/nó Rawlinson B 512 an ginealach a leanas:

Léocán m. Laidgneáin m. Máeláin m. Éicnich m. Dúnchada m. Cináeda m. Léocáin m. Donngaile m. Conchobair m. Moínaich m. Máel Mórda m. Adamra m. Dechraich m. Dergscáil m. Leae nó oe m. Cormaicc [Gaileang] m. Taidg m. Céin m. Ailella Auluimm.

Ríochtaí na nGaileang

cuir in eagar

Ghlac clanna na nGaileang Mór agus Breá na sloinnte Uí Lóthcháin, Uí Aonghasa agus Mhic Maoláin.

Sna liostaí a leanas, tógadh gach taigairt ó Annála na gCeithre Máistrí, muna deirtear a mhalairt.

Ríthe Ghaileang Mór

cuir in eagar
# Meán-Ghaeilge Gaeilge
M978.3 Cath Temhra ... Torcratar bheós h-i frithghuin an catha ... Conghalach mac Flainn, tigherna Gaileng, & a mac .i. Maolán Conghalach, son of Flann, lord of Gaileanga, and his son, i.e. Maelan, killed in the Cath Theamhrach
M990.8 An Siondach ua Leochan, tighearna Gaileng, d'écc An Sionnach Ó Leocháin, tiarna Ghaileang, d'éag
M1001.15 Meirlechán, .i. mac Cuind, tigherna Gaileng, & Brodubh, .i. mac Diarmata, do mharbhadh lá Mael Sechlainn Meirleachan, .i. mac Coinn, tiarna Ghaileang, agus Brodubh, .i. mac Dhiarmada, do mharú ag Maol Seachlainn
M1002.7 Dondghal, mac Duind Cothaigh, tigherna Gaileng, do mharbhadh lá Trotan, mac Builcc Argait, mic Maoil Dora, tigherna Fer Cúl ina thigh budhdhein Donnghal mac Doinn Cothaigh, tiarna Ghaileang, do mharú ag Trotan mac Boilg Airgid mhic Mhaoil Dhora, tiarna Fhear Cúl, ina thigh féin
M1005.6 Cathal, mac Dunchadha, tigherna Gaileng Mór, do marbhadh Cathal mac Dunchadha, tiarna Ghaileang Mór, do mharú
1013 Senán ua Leocháin king of Gailenga, fell in battle in a raid by Ualgarg ua Ciardha king of Cairbre
M1017.7 Maolán mac Eccnígh uí Leochain, tigherna Gaileng & Tuath Luicchne (Luigne) uile, do mharbhadh dona Saithnibh Maolán mac Éicnígh Uí Leocháin, tiarna Ghaileng agus Tuatha Luigne uile, do mharú ag na Saithne
M1038.11 Laidhgnén h-Ua Leocáin, tigherna Gaileng, do erghabhail Laidhgnén Ó Leocháin, tiarna Ghaileang, d'urghabháil
M1051.11 Laidcenn mac Maolain h-Uí Leocáin, tigherna Gaileng, & a bhen inghen an Ghuitt, do dhol dia n-ailithre do Roimh, co n-erbaltattar thoir oc tiachtain on Róimh Laidcenn mac Maoláin Uí Leocháin, tiarna Ghaileang, agus a bhean iníon an Ghoitt, do chuaigh ar oilithreacht go Róimh, agus d'éag san oirthear ag teacht ar ais
M1053.14 Creach lá Lethlobhar, mac Laidhgnén, tigherna Oirghiall, for Gailengaibh, & for techeda Fer Midhe & Bregh, co rug mór do bhuaibh & braitt, co n-dechaidh ina n-diaidh Congalach, mac Senáin, tigherna Gaileng co t-taraidh[4] bú Fer Manach cona tairthetar[5] iaramh Fir Mhanach imo tigherna .i. Domhnall mac Maol Ruanaidh, co t-torchair[6] leó Conghalach, mac Senáin, tighearna Gaileng co sochaidhe oile cenmótha-somh[7] Creach ag Leathlobhar mac Laidhgnen, tiarna Oiriall, in éadan na nGaileang agus theifigh Fhear Mí agus Breá, agus rug mór de bhó agus braitt, ach chuaigh ina ndiaidh Conghalach mac Seanáin, tiarna Ghaileang, agus tharrtháil siad creach-bhó na bhFear Manach, ach sheas na Fir-Manach, lena dtiarna, .i. Domhnall mac Maol Ruanaidh, agus thit Conghalach mac Seanáin, tiarna Ghaileang, agus sochaí eile freisin
M1130.10 Cathraoineadh ria Tighernán Ua Ruairc & ria n-Uibh Briuin i Sleibh Guaire for Feraibh Mídhe, dú i t-torchair Diarmaitt Ua Maoilechlainn, rí Temhrach, & Amhlaoibh, mac Mic Senain, tigherna Gaileng, & Oengus Ua Caoindelbháin, tigherna Ua Laoghaire, mac Mic Giolla Fhulartaigh, tigherna Deisceirt Bregh, & drong oile nach airimhthir Buadh cath ag Tiarnán Ó Ruairc agus Uí Bhriuin i Sliabh Guaire in éadan Fhear Mí, inar thit Diarmaid Ó Maoileachlainn, rí Teamhrach, agus Amhlaoibh mac Mhic Seanáin, tiarna Gaileang, agus Aonghas Ó Caoindealbháin, tiarna Uí -Laoghaire mac Mhic Giolla Fhulartaigh, tiarna Deiscirt Bhreá, agus drong eile nach áirítear
M1144.14 Mac Mic Maoláin, tigherna Gaileang Breagh, do mharbhadh Mac Mhic Mhaoláin, tiarna Ghaileang Breá, do mharú

Ríthe Ghaileang Breá

cuir in eagar
# Meán-ghaeilge Gaeilge
M1076.2 Murchadh, mac Floinn Ui Maoileachlainn, do marbhadh, i c-cend teora n-oidhche cona láibh iar n-gabháil forlámhais Temhra, i c-cloictheach Cenannsa tré fhéill lá tigherna Gaileng .i. la h-Amhlaoibh, mac mic Maoláin, & a mharbhadh-sidhe fein fo chédóir, tria fhertaibh Dé & Cholaim Chille, la Maol Seachlain, mac Concobhair Murchadh mac Floinn Uí Mhaoilseachlainn, do mharú, i gceann trí oíche agus trí lá tar éis dó forlámhas Teamhrach a ghabháil, i gclogtheach Cheannannais, trí fheall ag tiarna Ghaileang, .i. Amhlaoibh mac mhic Mhaoláinalenga, agus do mharúsa féin fá céadóir,[8] trí fheart Dé agus Colm Cille, ag Maolseachlainn mac Conchúir
M1144.14 Mac Mic Maoláin, tigherna Gaileang Breagh, do mharbhadh Mac Mhic Mhaoláin, tiarna Gaileang Breá, do mharú

Ríthe Ghaileang Connacht

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  • Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Paul MacCotter, Four Courts Press, 2008. ISBN 978-1-84682-098-4
  • Irish Kings and High Kings, ll. 68–9, 88, 101n., 132-3, 231, 233, 249, 291, Francis John Byrne, 3ú heagrán, 2001.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Gailenga ar eDIL
  2. Gaileng ar eDIL
  3. Byrne, lch. 233
  4. 1 tárr(th)aigid, tarrtháil, ar eDIL
  5. do-airret, tarrtháil, ar eDIL
  6. do-tuit, tit, ar eDIL
  7. cenmothá, Compd. of cen [gan] and -tá, freisin, le cois
  8. céadóir, céaduair, ar teanglann