Ciannachta

dream Gaelach i nÉirinn na meánaoise

Dream Gaelach in Éirinn na meánaoise ba ea na Ciannachta. Mhaígh siad gur de shliocht Taidhg mhic Céin iad. Feictear iad ar dtús i bhfoinsí stairiúla den 6ú haois. Bhí a gcuid críoch le fáil anseo is ansiúd ar an oileán, san áireamh Magh Breá agus Oirialla. Slogadh dreamanna Chiannacht de réir a chéile i ríochtaí eile isteach.

Sanasaíocht cuir in eagar

Tugann David Sproule le fios nach raibh ach trí dhream ann i luathstair na hÉireann a raibh an iarmhír -acht ina n-ainmneacha acu, mar atá na Connachta, na hEoghanachta agus na Ciannachta féin.[1] Deir sé:

ar dtús, ní raibh ann ach dream cumhachtach amháin agus an iarmhír "-acht" ina ainm aige [mar atá na Connachta] ... cruthaíoch na hainmneacha eile aithris... Is dócha é nach raibh brí 'muintir Choinn' le "Connacht". B'fhéidir gur chiallaigh an t-ainm 'ceannaireacht', ón bhfocal "conn"[2], agus go ndearnadh ciall eile de níos déanaí...

Glacann Paul Byrne leis an hipitéis seo,[3] agus molann sé:

"...ainm an naomhphátrúin, Cianán bunaitheoir Dhamhléige, is ea foinse ainm na gCiannacht Breá. ... Más fíor, d'fhéadfadh gur cruthaíodh an t-ainm 'Ciannachta' le "(naomh) Cian" agus an iarmhír "-acht." D'fhéadfadh a rá mar sin gur shocraigh aon treibh uaillmhianach, sách-neamhthábhachtach amháin (nó comhaontas treibheanna), lonnaithe gar de chill Dhámhléige, aitheantas nua a chothú, bunaithe ar an naomh áitiúil.

Stair cuir in eagar

Mhaígh na Ciannachta gur shíolraigh siad ó Thadhg mac Céin, a dúradh gur gharmhac Ailealla Ólom na Mumhan é. Meastar gurbh é Tadhg sinsear na Luigni agus na Gailenga, treibheanna lonnaithe i lár agus iarthar na tíre".[4] Insítear scéal ghabháil chríocha Bhreá ag Tadhg sa seanscéal Cath Crinna den 9ú haois b'fhéidir.[5][6][7]

Is féidir cuid d'eachtraí na gCiannacht stairiúil a rianaigh sna hannála Éireann.[8][9] Feictear iad faoin mbliain 535 nuair a cloíodh iad i mbun chogaidh ag an Luachair Mór (idir na hainmneacha An Ainí agus An Bhóinn) gar de Dhamhliag ag Túathal Máelgarb.[10]

Bhí na Ciannachta fós neamhspleách sa 9ú haois. Buaileadh go dona iad i gCath Imblech Pich (Imleach Bheagáin gar de Cheanannas) sa bhliain 688 ag Niall mac Cearnaigh, rí na mBreá.[11] I ndiaidh na cliste seo, chaill siad a neamhspleáchas raibh ó dheas den Bhóinn in oirdheisceart Bhreá, agus luaitear iad mar Ard Ciannachta as sin amach.

Sa bhliain 742, thosaigh Conaing mac Amhalaí, rí Thuaisceart Bhreá den tSíol Aodha Sláine, an teideal rí Ciannacht a úsáid, an chéad as seachtar a rinne amhlaidh.[12] In am trátha, chloígh Uí Chonaing an cheantar agus thóg isteach i mBreá é, ag coinneáil dóibh féin an teideal úd.

Deir Byrne:[13]

I ndiaidh bhás Ceallaigh (786), ní raibh na Cianachta dúchais choíche ina ríthe dá gcríocha féin, agus thug siad aghaidh go polaitiúil ar a gceantar, Fir Arda Ciannachta ... Tar éis mheath polaitiúil na gCiannacht Breá ó lár na 8ú haoise ar aghaidh, d'fhéadfadh a bharr gur thug siad aird ar an réimse eaglasta, áit a ceapadh duine dá muintir Conmael ua Loichene, ina ab i [Mainistir Bhuithe] sa bhliain 733. Tháinig ball eile de mhuintir Chiannacht Bhreá, Ioseph ua Cernae, ina ab ann sa bhliain 790 ... Ainmnítear Flann Mainistrech ... a fuair bás sa bhliain 1056, i nginealach Chiannacht Bhreá, ó dteannta lena mac, Echthigern ... a fuair bás sa bhliain 1067.

Críocha cuir in eagar

I measc ghéaga na gCiannacht, tá:

Naomh Cianán cuir in eagar

Meastar gur mórphearsa é Cianán i saol luathCríostaíochta na hÉireann. Deirtear go raibh a chill i nDámhliag ar an gcéad chill tógtha le cloch in nÉirinn. Insítear i nAnnála Uladh go bhfuair sé bás don bhliain 489,[15] ceithre bliana roimh Naomh Pádraig. Níl aon beathaisnéis ar mharthain, ach caomhnaítear roinnt anecdotes, go háirithe sa commentary, Féilire Aonghasa.[16]

Ríthe na gCiannacht cuir in eagar

Ainm Teideal Réimse Nótaí
Cronán mac Tiarnaigh Rí Ciannacht 571 Mharaigh sé na comh-Ard-Ríthe, Baotán mac Muircheartaigh agus Eochaidh mac Domhnaill mhic Mhuircheartaigh de Chineál Eoghain.[17] Déanann Annála Uladh tagairt mícheart air mar de Ghleann Geimhin, cé gur de Chiannachta Breá é i ndáiríre.[18]
Gerthide 594 Mac Chronáin is dócha. Cloíodh é ag Cath Eudunn Mhóir i gCiannachta Breá.[19]
Cenn Faelad mac Gerthide Rí Ard Ciannacht 662 Maraithe ag Cath Oghamain[20]
Ultan mac Eraine Rí Ciannacht 662 Maraithe ag Oghamain[21]
Mael Fuataich mac Eraine 662 Deartháir Ultain
Doir mac Mael Duib Rí Ciannacht fl. 674[22]
Dub da Inber Rí Ard Ciannacht 688[23]
Ailill mac Cenn Faelad bás 702[24] Bhí mic leis, Eodus agus Oengus, ríthe beirt.
Dub da Chrich Rí Ard Ciannachta bás 722[25]
Oengus mac Ailillo Rí Ard Ciannachta in 737[26]
Ailill mac Duib da Chrich Rí Ard Ciannacht, is amhlaidh bás 749[27] De shliocht Chinn Faolaidh
Cellach mac Cormaic meic Ailillo Rí Ard Ciannachta bás 786[28]
Muiredach Rí Ard Ciannachta bás 855[29] I dtásc a mhic Tiarnach don bhliain 879, insítear gurbh é episcopus, princepas Droma Inasclainn.[30]

Ríthe eile cuir in eagar

  • 974. Tadhg Ua Ruadhrach, tiarna na gCiannachta. Maraithe i nUlaid.

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Sproule, Origins of the Éoganchta, ll. 31–32
  2. conn (b) (ní (a), is léir!), taoiseach, ar eDIL
  3. Byrne, Ciannachta Breg, ll. 122–123.
  4. Byrne, Ciannachta Breg, lch. 121.
  5. O'Grady (eag.), Silva Gadelica 1, ll. 319–326
  6. O'Grady (aistr.), Silva Gadelica 2, ll. 359–368
  7. Byrne, Ciannachta Breg, lch. 122
  8. Byrne, Ciannachta Breg, ll. 124–126
  9. Byrnes, Ard Ciannachta, ll. 128–131.
  10. U535.2 Bellum Lochara .i. More eiter da Inber ria Tuathal Maelgarbh mc. Cormaic Chaeich mc. Cairbre mc. Neill Naoighiallaigh for Ciannacht.
  11. U688.4, Bellum Imlecho Pich ubi ceciderunt Dub Da Inber, rex Ardda Cianacta, & h-Uarcride nepos Osseni & Congalach m. Conaing fugitiuus euasit. Niall m. Cernaigh uictor erat.
  12. U742.7 Strangulatio Conaing m. Amalgaidh regis Ciannachte.
  13. Byrne, Ciannachta Breg, lch. 126. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na Ciannachta agus Mainistir Bhuithe, féach Dobbs, Pedigree and Family.
  14. Byrnes, Ard Ciannachta, ll. 130–131.
  15. U489.1, Quies sancti Ciannaini cui sanctus Patricius Euangelium largitus est.
  16. Stokes (eag. agus aistr.), Félire Óengusso, ll. 244–247.
  17. AT 571.1
  18. AU 572.1
  19. AU 594.1
  20. AU 662.3
  21. AU 662.3
  22. AU 674.2
  23. AU 688.4
  24. AU 702.4
  25. AU 722.8
  26. AU 737.7
  27. AU 749.5
  28. AU 786.2
  29. AU 855.6
  30. AU 879.3