Conaing mac Amhalaí
Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Síl nÁedo Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conaing mac Amhalaí (Sean-Ghaeilge Conaing mac Amalgado) (bás 742). [[Amalgaid mac Congalaig] (bás 718), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 728 go dtí 742.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 742 |
Ríthe Bhreá | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Conghalach mac Conaing, Diarmaid mac Conaing |
Athair | Amalgaid mac Congalaig |
Siblín | Dúnghal mac Amhalaí |
Bhíodh achrann cathartha idir Uí Chonaing agus Uí Chearnaigh le linn na tréimhse seo. Bhí athair Chonaing, Amhalaidh, maraithe ag Cath Cheanannais in éadan Conall Grant (bás 718).[2] Insítear sna hannála gur mharaigh Cathal mac Néill Uí Chernaig sa bhliain 729 ach ní deirtear aon rud faoina cásanna.[3] Sa bhliain 737, tharla Cath Lía Ailbe i Maigh nAilbhe, Contae na Mí, idir an dá chlann. Bhuaigh Conaing in éadan Cathal mac Áeda agus Chearnaigh mhic Fhógartaigh, agus mharaigh Cathal.[4] Sa bhliain 738, mharaigh Cearnach ag a mhuintir féin.[5]
Sa bhliain 742, tachtadh Conaing, ag an Ardrí Áed Allán (bás 743) de Cenél nEógain, más fíor an tuairisc i nAnnála Tiarnaigh. Tugtar an teideal regis Ciannachte dó ina thásc.[6][7]
Bhí mic Conaing, Conghalach (bás 778) agus Diarmaid (bás 786) ina ríthe Bhreá, fosta.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Flann Mainistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
- ↑ Annála Uladh, AU 718.3
- ↑ AU 729.4
- ↑ AU 737.4
- ↑ AU 738.3
- ↑ AU 742.7
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 742.5