Aodh Allán
- le haghaidh rí den 7ú haois darb ainm Aodh Allán, féach Aodh Fuariodhnach
Rí Ailigh agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Aodh mac Fearghail (Sean-Ghaeilge Áed mac Fergaile) (bás 743), ar a glaodh Aodh Allán (Áed Allán) air. Fergal mac Máele Dúin, Ard-Rí, ba ea a athair. Ba bhall an rítheaghlach de Cenél nEógain, géag d'Uí Néill an Tuaiscirt.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois Éire |
Bás | 743 (Féilire Ghréagóra) Éire |
Ardrí na hÉireann | |
734 – 743 ← Flaithbertach mac Loingsig – Domhnall mac Murchadha → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Cineál Eoghain |
Páiste | Maol Dúin mac Aodha Alláin |
Athair | Fearghal mac Maoil Dúin agus iníon anaithnid (?) |
Teacht i réim
cuir in eagarMharaigh a athair, Fearghal, sa bhliain 722 ag Cath Alúine, in éadan Murchadh mac Brain Uí Dhúnlainge. Bhí Flaithbheartach mac Loingsig de Chineál Chonaill ina rí Uí Néill an Tuaiscirt ag an am sin. Cloíodh Aodh Allán i mbinn chatha in aghaidh Flaithbheartaigh ag Cath Mag nÍtha sa bhliain 734. In ainneoin sin, d'éirigh nó cuireadh Flaithbheartach as a choróin go gairid ina dhiaidh sin, agus chuaigh sé sa joined the mhainistir ag Ard Mhacha isteach.
Chun freastal ar riachtanais bheith ina Ard-Rí, b'éigean don té bheith rathúil i mbun catha. Chuaigh Aodh in aghaidh na nUlad, a chéilí comhraic san a oirthear, faoi cheannas Aodha Róin den Dál Fiatach ag Fochaird. Chloígh Aodh Allán na hUlaid, agus mharaigh sé Aodh Róin agus ríking of Uí Eachach Chobha, agus bhain sé ceannas ar Chonaille Muirthemhne amach.
Cathal mac Finghin
cuir in eagarSa bhliain 737, bhuail Aodh Allán le Cathal rí na nEoghanacht ag Tír Dhá Ghlas, is dócha ar thalamh neodrach don bheirt. Deir Byrne nach dócha é gur aithin Cathal údarás Aodha — ba bheag an tionchar a bhí ag Uí Néill sa deisceart — ach dá mbeadh Cathal ag súil le leas éigin ón gcruinniú, bheadh díomá air.
Is amhlaidh ámh go raibh cléirigh Ard Mhacha rí-shásta, óir go n-insítear i nAnnála Uladh, san iontráil i ndiaidh tuairisc an chruinniú, go raibh Cáin Phádraig i bhfeidhm in Éirinn. Is dócha dá bharr gur shocraigh siad áit speisialta i gcaitheamh na heaglaise, a cuid tailte agus tionóntaí, mar atá ordaithe sa Cháin.
Cath Átha Seanaigh
cuir in eagarSa bhliain 738, throid Aodh Allán in éadan airm na Laigean i gCath Átha Seanaigh — Cath na Groans. Gortaíodh Aodh Allán agus maraíodh rí na Laigean, Aodh mac Colgan Uí Chinnsealaigh. Maraíodh fosta Bran Beag Uí Dhúnlainge, mac Mhurchadha mhic Bhrain Mut a chloígh athair Aodha Alláin sa bhliain 722. Déantar cuir síos fada sna hAnnála Éireann faoin gcath seo, mar shampla i nAnnála Uladh:[1]
- ... in tali bello tantos cecidisse ferunt quantos per transacta retro secula in uno subcubuisse impetu & feroci ruisse conflictu non conperimus
- ... tuairiscítear gur thit an oiread sin fear sa mhórchath seo nach bhfaightear a leithéid d'eirleach in aon ionsaí agus comhrac fíochmhar amháin i gcaitheamh na réanna uile roimhe sin.
Is amhlaidh gur treascraíodh Uí Chinnsealaigh leis an maidhm seo, óir go raibh Uí Dhúnlainge i gceannas sa Laigin le trí chéad bhliain ina dhiaidh.
Bás agus comharba
cuir in eagarD'éag Aodh Allán sa bhliain 743, i mbun catha ag Seredmag, clóite ag Domhnall na Mí de Clann Cholmáin. Faightear rann sna hannála a chum Aodh Allán mar dhea ar lá an chatha:[2]
- anomm-ansed[3] mo Dia dil
- for bru Locha Sailcedain,
- iarum dia m-beinn-si fri col,
- ropadh main ar modh m' anacol[4]
- An ainice mé mo Dhia dil
- ar bhruach Loch Sailcheadáin,
- iaramh dá mbeinn faoi chol,
- ba mhaoin (uaim) ar mhodh m'anacal.[5]
Tháinig Domhnall Mí i gcomharbacht ar Aodh Allán mar Ard-Rí. De réir Réine ríliostaí, tháinig Niall Frasach i gcomharbacht air mar Rí Ailigh, ach séanann foinsí eile. Ina thásc sa bhliain 764, tugadh an teideal 'rí an Tuaiscirt' ar Aodh Muindearg mac Flaithbheartaigh, rud a chuireann in iúl gur phríomhrí Uí Néill é, agus b'fhéidir ionadaí is Domhnaill ann. Rinneadh rí Ailigh de Mhaol Dúin mac Aodha Alláin (bás 788) in am trátha.
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, Part 1 (431–1201), G100001A
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
- Ó Cróinín, Dáibhí, Early Medieval Ireland: 400–1200. Longman, Londain, 1995. ISBN 0-582-01565-0