Cineál Chonaill
Géag Uí Néill an Tuaiscirt ba ea Cineál Chonaill (Sean-Ghaeilge Cenél Conaill) a mhaíodh gurbh é Conall Gulban mac Néill Naoighiallaigh a sinsear, an chéad Éireannach a d'iompaigh ina Chríostaí, a deirtear. Tugadh Tír Chonaill ar a ríocht dhúchais, agus a n-ionad cumhachta ar Mhaigh Íotha i nGleann na Finne. Leathadar de réir a chéile isteach i gcontaetha Dún na nGall agus Fear Manach an lae inniu.
Bhíodh Cineál Chonaill ag troid go minic lena ngaoil, Cineál Eoghain, agus ghabhadar faoin 12ú haois a lárionad Aileach ar Inis Eoghain Tháinig Cineál Eoghain ina n-ionad áfach mar ríthe Uí Néill an Tuaiscirt.
Seo a leanas liosta de phríomhchlanna an Chineáil.
Is é is Colm Cille, a bhunaigh mainistir Dhoire, an bhall is cáiliúla de chuid Cineál Chonaill. Maítear gur gharmhac Chonaill Ghulbain é.[1]
Cenél Luighdech
cuir in eagarLugaidh mac Séadna (Lugaid mac Sétnai), fionnó Chonaill Ghulbain, ba ea sinsear Chineál Lughaí (Cenél Luighdech; aitheanta níos coitianta mar Síl Lugdach). Síneadh a gcuid tailte dúchais ó Ghaoth Dobhair go dtí An tSúileach. Bhíodh Uí Dhomhnaill agus Uí Dhochartaigh, ina gclanna is cumhachtaí de Chineál Chonaill.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Domhnaill | Domhnall | Domhan-rialóir | Cill Mhic Réanáin | Sa 13ú haois, tháinig suas chun cinn mar ríthe Cineál Chonaill. Géag Uí Dhomhnaill is ea Clann Dálaigh (féach thíos) |
Ó Dochartaigh | Dochartach | Dochrach | Ráth Bhoth | An dóú duine dhéag de shliocht Chonaill Ghulbain ba ea Dochartach. Bhí Uí Dhochartaigh i réim i nInis Eoghain ón 13ú go 17th haoiseanna |
Mac Daibhéid | Daibhéad Ó Dochartaigh | Gleann Fhinne; faoin 15ú haois, Inis Eoghain fosta | Comhairleoirí agus teachtaí i seirbhís Uí Dhochartaigh ba ea Mhic Dhaibhéid bunaithe ag Caisleán Ailigh Mór | |
Ó hAmhsaigh | Amhsach | Amhas | Aird Mhic Giollagáin, oirthuaisceart Doire | |
Mac Giolla Bhríde | Giolla Bríde Ó Dochartaigh | Ráith | ||
Mac Meanman | Meanma | Crógacht / misneach | Dún na nGall |
Clann Chionnfhaoladh
cuir in eagarGéag de Cenél Luighdech is ea Clann Chionnfhaoladh ainmnithe as Cionnfhaoladh seanathair Bhaoill (Báegell). Sinsear eapainmneach an phríomhchlann Uí Bhaoill ba ea Baoll féin. Taoisigh Thír Ainmhireach agus Tír Bhoghaine i ndeisceart Dún na nGall ba ea iad. Shíneadh a gcuid críoch ó thús ó Bhaile Dhún na nGall go dtí gar do Chill Mhic Réanáin ar an gcósta thiar. Faoin 13ú haois, bhí a thailte roinnte ina ndá leath ag clann Uí Dhomhnaill; Tír Ainmhireach sa deisceart agus na Trí Tuatha sa tuaisceart. Deirtear go bhfuil an bharúntacht, Baollaigh ainmnithe astu.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha |
---|---|---|---|
Ó Baoill | Baoigheall mac Bradagáin | Geall | Baollaigh, Tír Bhoghuine agus Tír Ainmhireach |
Clann Dálaigh
cuir in eagarGéag Uí Dhomhnaill de Chineál Lughaí is ea Clann Dálaigh (aitheanta fosta mar Síol Dálaigh). Ainmnithe as Dálach athair Éineacháin (féach thíos), taoiseach Chineál Lughaí, is ea iad.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha |
---|---|---|---|
Mac Eachmharcaigh | Capall-marcach | Dún na nGall |
Cenél Aedha
cuir in eagarAodh mac Ainmhireach (Áed mac Ainmuirech), dubhó Chonaill Ghulbain, ba ea sinsear Chineál Aodha (Cenél Áedha). Ainmuire mac Sétnai ba ea a athair, agus Lugaid mac Sétnai, bunaitheoir Cenél Luighdech, a uncail. Deirtear go bhfuil an bharúntacht Tír Aodha ainmnithe astu.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Gallchobhair | Gallchobar | Gall-cabhair | Ballybeit agus Baile na Glaice | Ceannairí mharcra Uí Dhomhnaill. |
Ó Canannáin | Canann | Leitir Ceanainn | ||
Ó Maoldoraidh | Tír Aodha |
Cenél mBógaine
cuir in eagarÉanna Bóghoin (Énna Bóguine) mac Conall Gulban ba ea sinsear Chineál Bhóghona. Deirtear gurbh é Tír Bhóghona a gcríocha, a deir O'Donovan gurbh ionann sin agus an bharúntacht Báinigh agus cuid den bharúntacht Baollaigh.
Tugtar seachtar mac d'Éanna sna ginealaigh le fáil in Laud 610, tiomsaithe c.1000 AD:
- Secht maic Bógaine .i. Áedh Cesdubh, Feidilmid, Brandubh Caech Cluassach, Anmere, Crimthan Lethan, Fergus, Eichín & Melge.[2]
Tá leagan eile ámh sa saothair le Ó Cléirigh:
- (Da)Ui. mic Enda bogaine mic Conaill gulban .i. Melge, Lugaid,Criomhthann, Anguine, Niall, Cathair. Mac don Chathair sin Caelmhaine diaruo mac an Conall errderc.[3]
De shliocht Cineál is ea Naomh Cróine Bheag.
Cenél Duach
cuir in eagarAinmnithe as Tiarnach Daui (Tigernach Duí) mac Conaill Ghulbain is ea Cenél Duach. Deirtear go raibh Ninnid mac Tiarnaigh ar an bhfód ag Cath Móin Daire Lothair (Muine Mór, Contae Doire), áit a chloígh Uí Néill an Tuaiscirt na Cruithne. Bhí Báetán mac Ninnedo mhic Tiarnach ina Rí na Teamhrach le bliain amháin, sa bhliain 568.
Cenél Énna
cuir in eagarDe shliocht Éanna, séú mac Chonaill Ghulbain, is ea Cineál Éanna (Cenél Énna). Feictear iad mar ríthe Maigh Íotha, Tír Éanna agus Fánaid.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | |
---|---|---|---|---|
Ó Lapáin | Lapa (b'fhéidir) | Tír Chonaill, níos deireanaí Ard Mhacha | Ar cheann desna sloinnte is sine i nÉirinn agus dá réir sin sa domhan | |
Ó hÉineacháin | Tír Chonaill | Luaite sna hannála mar thaoisigh Chineál Éanna |
Ó Breasláin
cuir in eagarGéag de Chineál Éanna trí Fergus Fanad is ea Uí Bhreasláin
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Breasláin | Violent | Inis Caoil, Fánaid, níos deireanaí Doire Mhaoláin, Fear Manach | Ruaigthe as Fanad ag Mhic Shuibhne sa bhliain 1261, lonnaigh siad i bhFear Manach, agus d'éirigh ina mbreithimh ar son Mhic Uidhir |
Clanna eile
cuir in eagarSloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Mac Ailín | Ailín | Nó Alan nó Ailín (cloichín) | An chéad chlann darbh ainm úd a raidh tionchar acu ar an Uladh ba ea Clan Campbell Mac Ailín, a thug Uí Dhomhnaill go Tír Chonaill mar ghallóglaigh iad sa 15ú haois. Sna luath-1600í, bhí clann McCallion i seirbhís Uí Dhochartaigh, bunaithe ag Gleann Daoile, Inis Eoghain. Ar na gaobhair, aimsíodh an leac uaighe cáiliúil den 16ú haois Cluain Catha, le hinscríbhinn as Gaeilge na hAlban ag rá: 'FERGUS MAK ALLAN DO RINI IN CLACH SA'.[4] |
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Robert Bell (1988). "The Book of Ulster Surnames", The Black Staff Press
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Adomnan of Iona (23ú Feabhra 1995). "Life of St. Columba". Penguin UK.
- ↑ The Laud Genealogies, CELT
- ↑ The O'Clery Book of Genealogies, Seamus Pender (eag.), in Analecta Hibernica 18, 1951, ll. 1-198
- ↑ Clonca Church, timetravelireland.blogspot.com