Breithem

eadránaí nó idirghabhálaí i ndlí na hÉireann ársa

I seanchas dlí na hÉireann ársa, chomhlíonadh breithem ról eadrána, idirghabhála agus dlíthiúla. Gar don taoiseach ba ea é, ó thaobh aicme de.

WD Bosca Sonraí GairmBreithem
Cineál fostaíochta
eadránaí
Féach freisin: Breitheamh

Stair cuir in eagar

Téann dlí dúchais na hÉireann, An Féineachas, siar go dtí an iarannaois (c. 500 RC). D'fhorbair sé ó nósanna seachadta ar aghaidh ó bhéal, ó ghlúin go glúin. Ba chosúil le breithiúna an lae inniu a bhí breithiúna an Fhéineachais, ach go raibh ról ar nós eadránaí acu.[1] Chuireadh na breithiúna na dlíthe de ghlanmheabhair agus i bhfeidhm chun aighnis a réiteach.

Gaolmhar le treibheanna a bhíodh roinnt breithiúna, agus bhronntaí talamh orthu; neamhspleách a bhíodh roinnt eile. Aicme dá gcuid féin a bhíodh ann, difriúil le draoithe agus bard. D'éiríodar go formhór oidhreachtúil.[2]

Mhair oiliúint breithimh le fiche bliain. Cumtha i rannta a bhí na dlíthe ó bhunús. Bhí na breithiúna faoi dhliteanas pearsanta i leith damáistí dá mbá rud é gur mhícheart, mhídhleathach nó éagórach í an bhreith. Níorbh fhéidir achomharc a dhéanamh chun breithimh den chéim chéanna, ach amháin chun cúirte níos airde agus urrús tugtha ag an achomharcóir.[2] Bhraith céim breithimh ar a chumas agus ar a eolas faoina trí bhunús an dlí: an Féineachas féin, filíocht agus (níos deireanaí) dlí canónta. Tugadh an rí an breithiúnas, bunaithe ar comhairle breitheamh.

Mar ba chuí dá gcéimíocht, ghlacadh breithiúna páirt i bhFeis Teamhraigh gach trí bhliain ar an Samhain. Shocraítí ann aighnis réigiúnacha maidir le haicme agus réadmhaoin. Scríobhadh na breithiúnais sna hamanna oifigiúla ag an Ollamh Éireann. Eagraíodh an imeacht dheireanach dá leithéid sa bhliain 560 AD ag Diarmait mac Cerbaill.[3][4]

Creidtear gur cuireadh dlí cóipchirt i bhfeidhm in Éirinn agus é scríofa síos don chéad uair riamh sa domhain. Sa bhliain 561, bhí aighneas géar an idir Colm Cille agus Naomh Finnian de dheasca lámhscríbhinn dar teideal "Cathach Cholm Cille". In ainneoin breithiúnas an rí, tharla cath dearg the ag Cúl Dreimhne, agus bhí ár mór ann.[5][6]

Bhí sé mar phríomh chúram ag na breithiúna na ginealaigh daoine a chlárú. San Fhéineachais, ba í an derbfine í an bunaonad clainne.[7] Gineolaithe agus seanchaithe den scoth ba ea clann Mhic Fhirbhisigh. Rinne Dubhaltach Mac Firbhisigh Leabhar na nGinealach, Coimre na nGinealach agus Leabhar Mór Leacáin. Clann Uí Chléirigh ba ea breithiúna agus gineolaithe suntasacha eile, mar shampla Mícheál Ó Cléirigh, údar Annála na gCeithre Máistrí.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Brehon Law", An tSeirbhís Chúirteanna Curtha i gcartlann 2015-07-14 ar an Wayback Machine
  2. 2.0 2.1 Ginnell, Laurence. "the Brehons", The Brehon Laws: a Legal Handbook, 1844
  3. Feis of Tara, Library Ireland
  4. The Great Assembly of Tara, The Wild Geese
  5. Brehon Law and the Establishment of Copyright, Stair na hÉireann
  6. The Battle-of-the-book, The Wild Geese
  7. Genealogy and Brehon Law, Tripod