Giorrú den mórshaothar Leabhar na nGinealach le Dubhaltach Mac Firbhisigh is ea Coimre na nGinealach. Scríobhadh é ag a theach i Leacán i dTír Fhíacrach Mhuaidhe, Contae Shligigh le linn an earraigh agus an tsamhraidh 1666.

Stair cuir in eagar

Cailleadh an bunleagan an éigin tar éis na bliana 1706, ach caomhnaítear é in dhá lámhscríbhinn neamhiomlána de chuid na 18ú haoise: ARÉ LS 25 N2, ag scríobhaí anaithnid; agus Maigh Nuad LS B 8, le Henry MacCarrick, ceannaí as baile Shligigh.

Feictear sa réamhrá fada le Mac Firbhisigh an ábhar, údar, am agus áit:

Cuimre craobhsgaoileadh chineadh Éreann accus Albanscot gona bprímhghéaguibh genealach ó Adhamh gus anois, 1666, tionóiltear a leabhraibh Cloinne Fhirbhisigh (is go hairidhe as an leabhar do sgriobhsam fén go foirleanthan are cráobhsgaoileadh mór – agus mion-bhabhal Ereann in gach am) egarthas agus sgriobhthar sonna lesin Dubhaltach mc Giolla Íosa Mhóir mc an and Dubhaltach Mec Fhirbisigh Lecain Mhec Firbhisigh i tTír Fhiachrach Muaidhe, anno Christi 1666: anius and dara lá is an cédlúan do mhís Aibreóil (le toil nDé) trosaigheam so isin Tír Fhiachrach remebeartha
Coimre craobhscaoilte chine Éireann agus Scotti na hAlban lena bpríomhghéaga ó Ádhamh go dtí anois, 1666, tionólta as leabhair Chlann Fhirbhisigh (is go háirithe as an leabhar a scríobh mé féin go forleathan ar craobhscaoileadh mhór- agus mionghéaga Éireann i ngach am), eagraithe agus scríofa ag Dubhaltach mac Giolla Íosa Mhóir mhic an Dubhaltaigh Mhic Fhirbisigh Leacáin Mhic Fhirbhisigh i dTír Fhiachrach Muaidhe, anno Christi 1666: inniu an 2a lá agus an chéad Luan de mhí Aibreáin (le toil Dé) thosaigh muid seo insan Tír Fhiachrach réamhráite.
genealogical ramifications

Ábhar cuir in eagar

Tá ann sa Choimre go garbh 30% den ábhar le fáil i Leabhar na nGinealach (LnG). Tógadh focal ar fhocal níos mó ná trian amháin den téacs (25,000 focal). Is giorrú nó coimre den LnG é trian eile de (21,000 focal). Is nua é an t-ábhar, cuid de uathúil, as foinsí éagsúla, go formhór anaithnid.

Cé go bhfuil éagsúlachtaí an eatarthu, tá an cumadh céanna acu dís, LnG agus an Coimre. Tá as láthair ámh: an Naoimhsheanchas; cóip de gobharnóirí, ionadaí agus leifteanaint na hÉireann le Holinshed; agus an chuid is mó desna dánta. B'fhéidir é go raibh sé ar intinn ag Mac Firbhisigh iad a chur an níos deireanaí.

Tá giorrú agus atheagrú déanta ar an alt Seanchas Síl Ír. I measc a ábhar nua tá:

  • Alt gearr maidir leis na Cruithnigh
  • Stair mionsonraithe maidir le ríthe of the Stuart na hAlban agus an Bhreatain ón mbliain 1034 go dtí 1666
  • Ginealaigh faoi níos mó ná cúig géag is fiche de chlanna Nuinseann agus Daltún

Nuálaíocht cuir in eagar

Rud nua a rinne Mac Firbhisigh sa Choimre ná an chaoi a leag sé go leor ginealaigh amach. Tosaíonn iad siúd is tábhachtaí le sinsear i gcein amach agus théann síos go dtí duine ar comhaimseartha le Dubhaltach féin.[1]

I measc samplaí, tá Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, Martán Ó Conchobhair Sligigh, Brian Ó Ruairc (bás 1641) agus Mac Fhirbhisigh féin. D'fhéadfadh é go raibh sé ar intinn aige ná ginealaigh eile a athleagan, ach chuir méid na hoibre cúl air.

I measc saothar atá luaite sa Choimre, tá a leanas:

Ullmhú agus dul chun cinn cuir in eagar

Thosaigh Dubhaltach a chuid oibre ar an 2a Aibreán 1666. Is féidir a dhul chun cinn a thomhais le colafan ina bhfeictear an dáta Dé Sathairn, 5ú Bealtaine 1666, nuair a bhí 45% den Choimre scríofa aige. Molann seo go raibh ach tras-scríobh á dhéanamh aige ag an am seo, agus go mbeadh a chuid oibre déanta aige dá bhfuil fós ar marthain faoi Mheitheamh nó Iúil. Dar le Ó Muraile, níor chríochnaigh Dubhaltach an obair.[2]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Ó Muraíle, Nollaig (1996). The Celebrated Antiquary. Maynooth.
  • Mac Fhirbhisigh, Dubhaltach; Ó Muraíle, Nollaig, editor (2004). Leabhar Genealach. The Great Book of Irish Genealogies. Dublin: De Búrca. (Alternate names by which it may be referenced include Leabhar Mór nGenealach, and Leabhar Mór na nGenealach).

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ó Muraíle, The Celebrated Antiquary, lch. 267
  2. Ó Muraile, 1996, lch. 269