Na Cruithnigh
Cónaidhm dreamanna san Albain thoir agus thuaidh ab ea Cruithnigh i rith tréimhsí Iarannaois déanach na Breataine agus luath-meánaois na hAlban roimh theacht na nGael. Bhí cónaí orthu ó thaoibh thuaidh desna haibhneacha Foirthe agus An Chluaidh. Bhí an cháil orthu go gcuiridís dathanna ar a gcoirp.
Cineál | treibh |
---|---|
Teanga | an Chruithnis |
Eapainm | tatuáil |
Tréimhse | An Iarannaois sa Bhreatain Mhór agus An Mheánaois Luath |
Tíreolaíocht | |
Stáit | an Ríocht Aontaithe |
Ní mór ár n-eolas ar na Cruithnigh, ná ar a dteanga, cé go ndéanann foinsí Gaelacha agus Rómhánacha trácht orthu. Is féidir a gcríocha agus a gcultúr a thuiscint as téacsanna dá leithéid agus Galláin Chruithneacha. Mar shampla, feictear a n-ainm Laidine, Picti, i dtaifid scríofa ón Seandacht go dtí an 10ú haois.
Teanga
cuir in eagarTugann foinsí na meánaoise le fios go raibh teanga ar leith acu, .i. Cruithnis. Creidtear inniu gur theanga Cheilteach na nOileán a bhí ann, gaolmhar go gar leis an mBriotainic labhartha ag na Briotanaigh ina gcónaí ó dheas, ach tá díospóireacht leanúnach fós ann faoin teanga a labhair siad.[1][2][3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ The language of the Picts Curtha i gcartlann 2023-08-01 ar an Wayback Machine ar orkneyjar.com
- ↑ Language in Pictland, Katherine Forsyth, 1997 (PDF)
- ↑ Forsyth, Literacy in Pictland, Forsyth, 1998 (PDF).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |