Cnuasach ollmhór ginealach is ea Leabhar na nGinealach, scríofa den chuid is mó sna blianta 1649 agus 1650 san St. Nicholas' Collegiate Church, Gaillimh, ag Dubhaltach Mac Firbhisigh. Lean sé leis ag cur ábhair ann go dtí an bhliain 1666 ar a laghad, cúig bliana sular maraíodh é in 1671.

Thiomnaigh Arthur Cox, dlíodóirí Átha Cliath, an bhunlámhscríbhinn de chuid na 17ú ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD) sa bhliain 1929. Is féidir féachaint uirthi via Sainchnuasaigh UCD. Is féidir an lámhscríbhinn a fheiceáil ar Meamhram Páipéir Ríomhaire Curtha i gcartlann 2021-09-02 ar an Wayback Machine (ISOS). Foilsíodh an Leabhar in eagrán cúige imleabhar sa bhliain 2004 i mBaile Átha Cliath ag De Búrca Books, faoin teideal The Great Book of Irish Genealogies.

Cur síos cuir in eagar

Is é Leabhar na nGinealach (LnG) gan amhras an cnuasach ginealaigh Éireannach is mó agus is iomláine dá bhfuil ar marthain.[1] Tá ann go garbh dhá oiread achair agus atá le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta agus Leabhar Mór Leacáin. Caomhnaítear ann eolas ar chlanna as fud na hÉireann: réamh-Ghaeil, Lochlannaigh agus Normannaigh, agus Gaeil na hAlban araon.

Tá ann díonbhrollach ocht leathanach déag, naoú leabhar agus clár nó innéacs ceithre leathanach is seachtó le colúin dúbailte. Tá ocht gcéad aon is seachtó leathanach ón iomlán, 95% dóibh scríofa ag Mac Firbhisigh féin. Sa chuid eile, feictear scríobhaí anaithnid agus roinnt ábhar le Mícheál Ó Cléirigh scrios dá bhliain.

Tá an-chuid ceisteanna an maidir leis an Leabhar. Cé a spreag é a dhéanamh? Conas a rinne sé a chuid ullmhaithe, cén foinsí a raibh aige? An raibh sé ar intinn aige é a chur i gcló? Is léir nach bhfuil a fhios againn.[2]

Ní fios fiú conas ar éirigh leis é féin a choinneáil beo i nGaillimh, cé go ndearna sé coimisiúin ar son na gCláiríní agus Seáin Uí Loingsigh. Molann Ó Muraíle go ndearna sé a obair san am saor a raibh aige, agus é i mbun teagaisc pháistí a dhéanamh. Murab ionann is naCeithre Máistrí, is amhlaidh nach raibh patrún nó urraíocht de chuile shórt aige.

I dtaca leis an bhfáth ar scríobh sé Leabhar na nGinealach, deir Mac Fhirbhisigh go raibh sé ar intinn aige:

... do mhórughadh glóire Dé agus do ghéunamh iúil do chách i ccoithchinne
.. glóir Dé a mhórú agus eolas a thabhairt do chách i gcoitinne.

Scríobh sé é ar son cách, mar is léir óna leanas:

Na slioinnte, iomorra, da suarraighe atáid, ní fuigfeam dar ndeóin éanghloinneadh aca gan a aireamh ó a cheap fén
Na sloinnte, iomorra, dá shuaraí a bheidís, ní fhágaimid dár ndeoin féin aon cheann acu gan áireamh óna cheap féin

Más fíor seo uile, is óna chroí amach a tháinig an Leabhar. Is cosaint é ar son léinn Gaelaigh traidisiúnta, cá ní gan cheist.

Ábhar cuir in eagar

Díonbhrollach cuir in eagar

Deirtear sa díonbhrollach gur tiomsaíodh an leabhar ag Dubhaltach Mac Firibhisigh as Lecány, 1650. Déantar chur síos ar ábhar an leabhair, san áireamh:

  • Fotheideal ar ábhar, áit agus am scríofa, údar agus aidhm
  • Cosaint ar an seanchas, fírinneacht an nóis.
  • Ráitis chriticiúla ar fhuil Mhíl Espáine na nGael
  • Dlí Mhic Fhirbhisigh, a deir:
It is customary for great lords that, when their families and kindreds multiply, their clients and their followers are oppressed, injured and wasted.[3]
  • Conas a eagraíonn an Leabhar le gach cine agus dream in Éirinn: saor- agus daorchineáil, Fir Bholg, Gaeil agus gach ionróir ina ndiaidh.
  • Trácht ar canúint.
  • Leithscéal ag Mac Firbhisigh as easnamh ar bith sa chéad eagrán ... go dtuga Dia am eile níos suaimhní chun é a athdhéanamh.

Réamhrá cuir in eagar

Tosaíonn an réamhrá le:

Senchus genealach gabháltas uasal Éreann agus Albansgot go ccraobhsgaoileadh a ccineadhach ó créudthós na n-aimsior n-aicsidhe gus aniú
Seanchas ginealach ghabháltas uaisle Éireann agus Scotti na hAlban go craobhscaoileadh a gcónaí ó thús go haimsir infheicthe inniu

Déanann Mac Firbhisigh teacht ar athleagan de Leabhar Gabhála na hÉireann le Mícheál Ó Cléirigh ina achoimre ar ionróirí seanscéalta na hÉireann ó Phartholón go Míl Espáine.

Leabhar I go IV cuir in eagar

Tá ag an gcéad leabhar mar gheall first book is entitled Craobhsgaoileadh Cloinne Partholón, ceannaire an dara dreama a lonnaigh in Éirinn (tar éis Cheasrach). Feictear é ó leathanach 27 go 30 sa lámhscríbhinn.

Sna leabhair ina dhiaidh, déantar cur síos ar gach ionróir na hÉireann roimh theacht lucht Mhíl Espáine - Neimheadh, na Fir Bholg agus Tuatha Dé Danann.

Leabhar V cuir in eagar

Tá trí chéad leathanach is caoga an i Leabhar a Cúig, mar sin beagnach leath den saothar iomlán. Feictear ann ná dreamanna a leanas: Cineál Eoghain agus Cineál Chonaill (Uí Néill an Tuaiscirt); Clann Cholmáin agus Síol Aodha Sláine (Uí Néill an Deiscirt); Uí Briúin agus Uí Fiachrach (Connachta); Airgíalla (Uí Maine, na Déise agus Dál Riata san áireamh); agus na Laigin.

Tá Leabhar a Cúig bunaithe go formhór ar Leabhar Mór LeacáinLeabhar Bhaile an Mhóta. Mar sin féin, chuir Mac Firbhisigh ábhar ann ábhar nach bhfeictear sa dá fhoinse sin, an-chuid de siúd uathúil in LnG. I gcúpla cás, mar shampla Ó Néill agus Mhic Shuibhne, bhí Mac Firbhisigh i mbun na ginealaigh a scríobh go dtí a ré féin. Feictear seo i gcomhair Chlann Mhic Fhirbhisigh sa dréacht UF.

Tá Leabhar Oirghiallach is léir bunaithe ar leabhair Leacáin agus Bhaile an Mhóta, ach arís anseo feictear ábhar uathúil maidir le Clann Mhic Dhomhnaill, clann Ghallóglach. Tagann an ábhar as leabhar teagloim agus Leabhar Balbh Shémus Mec Fhirbhisigh, an dís anois caillte. Scríobhadh an ceann deireanach ag sin-seanathair Dhubhaltaigh, Séamus mac Diarmada Chaoich.

I measc foinsí eile, tá a leanas: Senchus fer n-Alban; Leabhar Uí Mhaine, as míreanna anois caillte; Amhra Colm Cille; Opus chronologicum le Ubbo Emmius; leaganacha de De Shíl Chonairi Móir, De Maccaib Conaire agus an Duan Albanach; an dán 'Saor do leannán, a Leamhain' le Muireadhach Albanach Ó Dálaigh (beo c. 1200).

Tá an Leabhar Laighneach féin bunaithe go páirteach ar leabhair Leacáin agus Bhaile an Mhóta, chomh maith le Leabhar Ghleann Dá Loch. Tá ábhar uathúil le fáil anseo, áfach, caomhnaithe ag Mac Firbhisigh.

Is é an t-aon fhoinse amháin a luann Mac Firbhisigh go follasach ná Leabhar Buidhe Lecain Mec Fhirbhisigh, anois caillte.

Leabhar VI cuir in eagar

Déantar cur síos sa leabhar seo ar stair agus ginealach mhuintir Íor mac Míl Espáine, aitheanta mar Síol Íor. Tá an t-ábhar bunaithe ar Leabhar Uí Mhaine). I ndeireadh sin, tá alt níos giorra ar Dhál Araí agus muintir Fhearghasa mhic Róigh. Ag an deireadh, tá leagan de Clann Ollamhan Uaisle Eamhna, cosúil leis an leagan le fáil i Leabhar Ua Maine.

Chuir Mac Firbhisigh an-chuid ábhar sa bhreis sa Leabhar seo, sna ciumhaiseanna agus idir na línte. Tá roinnt acu siúd an-shuimiúil, óir go bhfuil acu na foinse lámhscríbhinn amháin atá níos sine ná LnG, .i. ARÉ B iv2.

Leabhar VII cuir in eagar

Déantar cur síos i Leabhar a seacht ar mhuintir Éibhir mhic Mhíle, tuaithe sa bhliain 1649, ar leathnaigh 599 go 689 (tá roinnt acu bán). Rinne Mac Firbhisigh ach achoimre ar an bhfoinse, Saltair Chaisil as Laidin.

Ar leathanaigh 640.5 go 645.5 feictear muintir Bhriain Bóramha, .i. Uí Bhriain, ach an cosán Angla-Éireannach Plunkett san áireamh. Is bréag-ghinealach an dara cheann acu, ag maíomh gurbh é an sinsear na Donnchadh mac Briain, a d'éag sa Róimh sa bhliain 1064. Maraon le Seathrún Céitinn, bhí amhras ar Mhac Firbhisgh maidir leis an scéal seo, cé go tugann sé faoi ndeara, in ainneoin aois Donnachadha, ní féidir an scéal a shéan, toisc "there is no period in a man's life in which he may not beget." Deirtear fosta gurbh é Donnchadh ina shinsear na clainne Eustace, Bennett agus Power, i measc eile.

Tá mír ann maidir le Cian mac Ailealla Óloim, a théann siar go dtí an 8ú haois. Tá an mhír dheireanach bunaithe go páirteach ar Leabhar Uí Mhaine.

Leabhar VIII cuir in eagar

Is 'Naoimhsheanchas' é teideal an Leabhair seo, thar na leathanaigh anois 692 go 753, as foinsí éagsúla, ina measc an Leabhar Laighneach, Leabhar Uí Mhaine, Leabhar Breac agus an athleagan de Naoimhsheanchas Naomh Inse Fáil le Cú Choigcríche Ó Cléirigh. Cé gur scríobhadh an chuid is mó den téacs sa bhliain c. 1650, is léir ón ndúch agus ón lámhscríbhneoireacht gur chuir Dubhaltach leis an saothar ón mbliain 1653 go dtí 1664. Tá an Naoimhsheanchas féin (ll. 697–739) leagtha amach cosúil leis an LnG,

Ag deireadh an leabhair, feictear Rém Ríogharaidhe Éreann (Réim Ríoraí Éireann), liosta de ríthe na hÉireann go dtí 1198. Is dócha gurbh í an phríomhfhoinse a bhí ag Mac Firbhisigh ná ARÉ MS C iii3 .i. imleabhar C d'Annála na gCeithre Máistrí, luaite aige mar Leabhar Airison Fhearghaill Uí Ghadhra (bhí Fearghal Ó Gadhra ina phatrún ar an leabhar oiris). Scríobh Mac Firbhisigh gur chríochnaigh sé an leabhar seo "...i cColáisde na Gaillmhe dhia Céadaoin vii. Augusti. anno MDCXLIX." Thosaigh léigear na Gaillimhe cúpla lá i ndiaidh sin, agus plá agus ocras ina theannta.[4]

Leabhar IX agus an Clár cuir in eagar

Tá ann i Covering pages, Leabhar a Naoi aon alt déag éagsúla, ar leathanaigh 768 go 852, go formhór maidir leis na hionróirí iar-Ghaelacha (Lochlannaigh, Normannaigh, Breatnaigh, srl.).

Ar leathanaigh 853–932 tá an the Clár, innéacs na nginealach tuata, agus ar leathanaigh 926–932, tá Clár Naomh nÉireann, innéacs na naomh.

Ag deireadh Leabhar na nGinealach tá tíolacadh le Mac Firbhisigh:

Ad maiorem Dei gloriam, DF do theagair agus rus graif for Iúil, 1653

Ag deireadh ar fad an saothair, tá trí dán ar leathanaigh 935 goo 957: Triallam timcheall na Fodla, Tuilleadh feasa ar Éirinn oig agus Foras focal luaightheal libh

Coimre na nGinealach cuir in eagar

Tá bunleagan an Choimre anois caillte, ach caomhnaítear é in dhá lámhscríbhinn neamhiomlána de chuid na 18ú haoise; ARÉ LS 24 N2 agus Maigh Nuad Irish MS B 8. Níl ann ach c. 30% den ábhar le fáil i Leabhar na nGinealach, cé go bhfuil cuid dá ábhar nua agus uathúil. Thosaigh Mac Firbhisigh é ar an Luan 1d Aibreán 1666, ag a thigh féin i mBaile an Chaisleáin, Contae Shligigh. Faoin Satharn 5ú Bealtaine, bhí tuairim is 45% den ábhar ar marthain críochnaithe aige, agus is amhlaidh go raibh an leabhar go léir chun críche aige síos ndeachaigh sé ar ais go mBaile Átha Cliath fostaithe ag Sir James Ware.

Eagráin an lae inniu cuir in eagar

Eagraíodh agus foilsíodh Leabhar na nGenealach le cúig imleabhar sa bhliain 2004 faoin teideal The Great Book of Irish Genealogies.[5] Bhí an t-eagarthóir, Nollaig Ó Muraíle, i mbun á staidéir in mbliain 1971.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Ó Muraíle, Nollaig (1996). The Celebrated Antiquary. Maynooth.
  • Mac Fhirbhisigh, Dubhaltach; Ó Muraíle, Nollaig, editor (2004). Leabhar Genealach: The Great Book of Irish Genealogies. Baile Átha Cliath: DeBurca.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Eoin Mac Néill
  2. Nollaig Ó Muraíle
  3. Thomas Charles-Edwards (aistr.), in Early Irish & Welsh Kinship, lch. 221
  4. O Muraile
  5. Nollaig Ó Muraíle (eag), 2004, Baile Átha Cliath: De Búrca Books