Ailill Aulom
I Miotaseolaíocht na nGael, mac Mogha Nuadhad agus rí deisceart na hÉireann ab ea Ailill Ólom (Sean-Ghaeilge Oilill Olum). Phós Sadhbh iníon Choinn Chéadchathaigh Ailill ina dara pósta. Roinn sé a ríocht idir a mhic Eoghan Mór, Cormac Cas agus Cian. Sinsear na nEoghanacht ab ea Eoghan. D'éirigh mac Saidhbhe, agus mac altrama Ailealla, Lugaid mac Con, ina Ard-Rí na hÉireann.
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | file |
Teaghlach | |
Céile | Sadb ingen Chuinn |
Páiste | Eoghan Mór, Cormac Cas |
Athair | Mogh Nuadhad |
Faightear sa Leabhar Laighneach dánta luaite le hAilill.
Curtha sa 3ú haois é sa saothair luath-nua-aimseartha, Leabhar na nGinealach. Tá ginealach na gclann Eoghanacht le fáil san Leabhar Muimhneach.
Seanscéal
cuir in eagarLe linn réim Ailealla, rí na Mumhan, ní fhásfadh an féar ina chluainte. Gan féar, ní tréada; gan tréada, d'fhágfaí ocras ar a mhuintir. Dúirt Ferchess draoi leis dul go Cnoc Áine oíche Shamhna. Nuair a tháinig sé ann, thit leath-chodladh air. Bhí fís aige inar tháinig chuige Áine, bandia na torthúlachta. Tógtha le háilíos, bhrúigh sé é féin uirthi, ionsaí ar chuir Áine deireadh leis trína chluas a bhaint de. Is dá bharr a leasainm Ó-lom, "cluas amháin". De réir dlí ársa na nGael, níorbh fhéidir ach le duine gan smál bheith ina rí. Rinne Áine neamhfhóirsteanach é le bheith ina rí tríd an íde a thug sí air - mar bandia an fhlaithis, d'fhéadfadh sí ceart rialaithe an duine a bhronnadh agus a bhaint.[1]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc Sheachtracha
cuir in eagar- Eberian Kings
- Ginealaigh na nEoghanacht ón Leabhar Muimhneach.