Aodh mac Ainmhireach

Ard-Rí na hÉireann
(Athsheolta ó Áed mac Ainmuirech)

Ard-Rí na hÉireann ba ea Aodh mac Ainmhireach (Sean-Ghaeilge Áed mac Ainmuirech) (bás 598), ball de Chineál Chonaill d'Uí Néill an Tuaiscirt.

Infotaula de personaAodh mac Ainmhireach
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás598 (Féilire Ghréagóra)
Ardrí na hÉireann
586 – 598
← Báetán mac NinnedoAodh Sláine, Colmán mac Baotáin → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMaol Cobha mac Aodha, Domhnall mac Aodha, Conall Cú mac Aodha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAinmuire mac Sétnai

Teaghlach cuir in eagar

Ainmuire mac Sétnai (died 569), iar Ard-Rí, ba ea a athair.[1][2] Bríg iníon Chobhthaigh, mhic Ailealla mhic Nath Í mhic Criomhthainn mhic Éanna Cheannsalaigh.[3].

Bhí gaol i bhfad amach ag Aodh le Colm Cille d'Oileán Í. Mar fíor, ba dhlúth chairde iad. Is dócha gur iarr sé a adhmholadh nuair a fuair sé bás, agus gur bhronn sé tailte do Mhainistir Darú.[4]

Teacht i réim cuir in eagar

Dáileadh ard-ríogacht na hÉireann idir Cineál Eoghain agus Cineál Conaill i ndeireadh na 6ú haoise.[5] Tháinig Aodh i gcoróin tamall tar éis bhás rí págánach deireanach na Teamhrach, Diarmaid mac Cearbhaill (bás 565). Le linn na tréimhse úd, ní soiléir é an raibh rí ruireach Uí Néill ann nó nach raibh.[6]

Is deacair é réimeas Aodha a scaradh amach ó shin a chol seisir níos sine, Baotán mac Ninneadha (bás 586). Tugtar achair éagsúla sna ríliostaí dá réimeas, a chuireann uile a thús roimh bhás Bhaotáin.[7] Tá an bheirt acu fágtha ar lár as an ríliosta is luaite, Buile Choinn, dán den 7ú haois, ach is dóigh gur dréacht bolscaireachta é seo.[8]

D'fhéadfadh é nach raibh Baotán ina ard-rí ar chor ar bith, ach gur tugadh an teideal dó ag bréag staraí níos deireanaí chun réimeas Bhaotáin mhic Cairill (bás 581) den Dál Fiatach mar ard-rí a cheilt.[9] Pé scéal é, an raibh Baotán ina rí na Teamhrach nó nach raibh, ba é Aodh mac Ainmhireach a bhí i bhfíorcheannas i measc Uí Néill an Tuaiscirt.[10]

Droim Ceat cuir in eagar

Tá fianaise ann gur bhuail sé le hAodhán mac Gabhráin, rí Dhál Riada, sa bhliain 575 ag Tionól Dhroim Ceat chun comhaontas a dhéanamh, is dóigh eagraithe ag a ghaol Colm Cille. Bhí Aodh agus Aodhán beirt faoi bhagairt rí Ulad, Baotán mac Cairill den Dál Fiatach, agus ba chun a leasa féin nach raibh an Dál Riada faoi cheannas Bhaotáin agus a chuid mianta. D'éirigh siad san iarracht sin.[11][12] Rinneadh ard-rí d'Aodh i ndiaidh sin, sa bhliain 576 b'fhéidir.[7]

D'fhéadfadh é mar tharla an tionól go dtí c, 587, an dáta de réir Annála Chluain Mhic Nóis.[13] Fuair Báetán mac Ninnedo bás sa bhliain 586, agus tuairiscítear dhá dháta báis le haghaidh Bhaotáin mhic Cairill i nAnnála Uladh, ceann amháin acu sa bhliain 587.[14]

Pléadh cúrsaí Osraige ag an tionól, rud a chuireann in iúl go raibh tionchar ar leith ag Aodh sa Mumhain.[15]

Dúshláin Uí Néill cuir in eagar

Thug Colca mac Domhnaill de Chineál Eoghain a dhúshlán Aodh. Throid siad ag, Cath Druim Meic Erce sa bhliain 580 agus maraíodh Colca.[16][17][18]

Sa bhliain 586, maraíodh Baotán mac Ninneadga ag Léim an Eich, spreagtha ag rí Uisnigh, Colmán Beag (bás 587), a bhí i mbun iarrata ar an ard-ríogacht; b'fhéidir é gur thug sé iarraidh eile uirthi sa bhliain 573.[19][20][21] Sa bhliain 587, fuair Aodh an lámh in uachtar nuair a maraíodh Colmán ag Cath Bhealach Daithí.[22][23][24]

Dúshlán Uladh cuir in eagar

Thug Fiachna mac Baotáin (bás 626) de Dhál Araí a dhúshlán Aodh. Sa bhliain 597, bhuaigh Fiachna Cath Shliabh Chua sa Mhumhain.[25][26] Bhí Cath buaite ag ríomhe sin in éadan na gCiannacht Bhreá sa bhliain 594.[27][28] D'fhéadfadh é gur rí na Teamhrach é an Fiachna le linn na 590idí[29]

Bóramha Laighean cuir in eagar

Bhí aighneas idir Aodh agus Brandubh mac Eachach Uí Chinnsealaigh, Rí na Laighean, a bhí i mbun chúngú Ui Neill a ruaigeadh. De réir an nóis Borúma Laigean, bhí Cummascach mac Aodha maraithe ag Brandubh, óir gur éiligh sé dul a luí le bean chéile Bhranduibh.[30][31] Insítear sna hannála gur mharaigh Brandubh Cumascach sa bhliain 597 ag Dún Buchat/Buiced (Dún Buaice).[32] Ag Cath of Dún Bolg sa bhliain 598 ámh, chloígh Brandubh Aodh agus mharaigh sé é.[33][34][35]

Comharbaí cuir in eagar

Tháinig Colmán Ríomhaí mac Baotáin mhic Mhuircheartaigh de Cineál Eoghain i gcomharbacht ar Aodh mar rí Uí Néill an Tuaiscirt. Theip ar Conall Cú mac Aodha (bás 604) ina iarracht ar an ard-ríogacht, ach níos deireanaí rinneadh ríthe ruireach Uí Néill an Tuaiscirt dá mhic, Mhaol Cobha (bás 615) agus Domhnall (bás 642).[36]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Adhamhnán, Life of St Columba, aistr. & eag. Richard Sharpe. Penguin, Londain, 1995. ISBN 0-14-044462-9
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 4; Aguisín IV
  2. Mac Niocaill, lch. 81
  3. Corpus Genealogiarum Sanctorum Hiberniae, Ó Riain, Pádraig, eag., Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath Dublin Institute for Advanced Studies, 1985, §380.1
  4. Charles-Edwards, ll. 289, 555
  5. Charles-Edwards, ll. 494–495
  6. Byrne, ll. 110–111.
  7. 7.0 7.1 Charles-Edwards, lch. 487
  8. Charles-Edwards, lch. 491
  9. Byrne, lch. 114
  10. Mac Niocaill, lch. 72
  11. Adomnán, nóta 204
  12. Byrne, ll. 109–111.
  13. Charles-Edwards, lch. 487, nóta 79
  14. Annála Uladh, AU 587.3
  15. Charles-Edwards, lch. 490
  16. Annála Uladh, AU 580.1, 581.1, 586.2
  17. Annála Tiarnaigh, AT 578.1
  18. Mac Niocaill, lch. 80
  19. AU 586.1
  20. AT 584.1
  21. Mac Niocaill, lch. 80
  22. AU 587.2
  23. AT 585.1
  24. Mac Niocaill, lch. 80
  25. AU 597.2, 603.5
  26. AT 595.2
  27. AU 594.1
  28. AT 592.1
  29. Charles-Edwards, lch. 500
  30. Mac Niocaill, ll. 81–82
  31. Byrne, ll. 145
  32. AU 597.1; AT 595.1
  33. AU 598.2
  34. AT 596.2
  35. Mac Niocaill, lch. 82
  36. Byrne, ll. 281, 283.


Réamhtheachtaí
Báetán mac Ninnedo

Báetán mac Cairill
Ard-Rí na hÉireann
568–594
Comharba
Áed Sláine
agus
Colmán Rímid