Ard-Rí na hÉireann de réir roinnt ríliostaí ba ea Colmán mac Baotáin (Sean-Ghaeilge Colmán mac Báetáin), aitheanta fosta mar Colmán Ríomhaí (Colmán Rímid[1]) (bás 604). Ball de Chineál Eoghain ba ea é, agus bhí sé i gcoróin i nAileach ón mbliain 578 go dtí 602.[2] Báetán mac Muirchertaig (bás 572), a mheastar freisin gurbh Ard-Rí é, ba ea a athair.[3]

Colmán mac Baotáin
Ardrí na hÉireann

598 - 604
Aodh mac Ainmhireach - Aodh Fuariodhnach
Saol
Eolas breithe 6 century
Bás 604 (Gregorian)
Muintir
Athair Baotán mac Muircheartaigh
Páistí
Treibh Cineál Eoghain
Gairm
Gairm monarc

Dáileadh ard-ríogacht na hÉireann rotated idir Cineál Eoghain agus Cineál Chonaill i ndeireadh na 6ú haoise.[4] Deirtear gur roinn sé an tArd-Ríogacht le hAodh Sláine, taifeadta sna hannála don bhliain 598.[5][6][7] Fágtar ar lár iad áfach sa ríliosta is luaite, Buile Choinn Chéadchathaigh, dán den 7ú haois. D'fhéadfadh é go raibh Fiachna mac Baotáin na nUlad i ndáiríre an tArd-Rí ag an am.[8]

Sa bhliain 602, chloígh Colmán a céile comhraic den Chineál Chonaill, Conall Cú mac Aodha (bás 604) ag Cath Cúl Sleamhna (i Ráth Bhoth) agus theith Conall.[9][10] Maraíodh Colmán sa bhliain 604 ag duine dá mhuintir, Lochán Dialmana.[11][12] Insítear i nAnnála Uladh fair seo:[13]

Cedu righe, cedu recht
ce(du) nert for righradha,
inid Colman Rimidh ri
ro-m-bi Lochan Dithnadha
Cén dú[14] ríocht, cén dú reacht
cén dú neart ar ríora
óir is é Colmán Ríomhaí rí
a mharaigh Lochán Dithnadha

Máthair Aldfrith mac Oswiu ba ea a iníon, nó b'fhéidir a ghariníon, Fín.[15] Ceann Faoladh mac Ailealla (bás 679), file, ba ea a nia.[16] Throid a dheartháir Maol Umha (bás 610) ag Cath Degsastan, áit a deirtear gur mharaigh sé rí Æthelfrith Bernicia.

 
 
 
 
 
 
 
 
Báetán mac
Muirchertaig
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Colmán Rímid
 
Máel Umai
 
Fergus
 
Forannán
 
 
 
Ailill
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fín ingen
Colman
 
Oswiu of
Northumbria
 
Cenél
Forgusa
 
Hui
Forannáin
 
Cenn Fáelad
mac Aillila
 
Sabina
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Aldfrith
Northumbria
 
Cuthburh
Wessex
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cuthbert of
Lindisfarne
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Osred
 
Offa
 
Osric
 
Osana

FoinsíCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 2 rímid, ríomhaí, ríomhaire, áiritheoir
  2. Tugtar réimeas 24 bliana do sna Sioncronachtaí Laud
  3. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
  4. Charles-Edwards, ll. 494-495
  5. Annála Uladh, AU 598.5
  6. Annála Tiarnaigh, AT 596.3
  7. Tugtar réimeas 6 bliana dóibh i Sioncronachtaí Laud, 7 mbliaina sa Leabhar Laighneach
  8. Charles-Edwards, ll. 499-500
  9. AU 601.3, 602.2
  10. AT 600.2
  11. Annála Uladh, AU 604.1
  12. Annála Tiarnaigh, AT 602.1
  13. AU 604.1
  14. dú Lit, le brí cóir, fiú srl, ar teanglann FGB
  15. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 260
  16. "Aldfrith of Northumbria and the Irish genealogies" (1991).


Roimh
Áed mac Ainmuirech
Comh-Ard-Rí na hÉireann
595-600
Tar Éis
Áed Uaridnach