Aodh Sláine

Rí Bhreá
(Athsheolta ó Áed Sláine)

Ard-Rí na hÉireann de réir roinnt foinsí ba ea Aodh mac Diarmada (Sean-Ghaeilge Áed mac Diarmato) (bás 604), ar a glaodh Aodh Sláine (Áed Sláine) air. Diarmaid mac Cearbhaill ba ea a athair. Tá seanscéalta ann maidir le breith Aodha. Deirtear go ndearna Naomh Colm Cille tuar faoina bhás. Bhí Síol Aodha Sláine suntasach in Éirinn sa 7ú agus luath-8ú haoiseanna.

Infotaula de personaAodh Sláine
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás604 (Féilire Ghréagóra)
Ardrí na hÉireann
598 – 604
← Aodh mac AinmhireachAodh Fuariodhnach → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachSíol Aodha Sláine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAilill Cruitire, Conall Laeg Breg, Congal mac Áedo Sláine, Blathmac mac Aodha Sláine, Diarmaid mac Aodha Sláine, Dúnchad (?) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDiarmaid mac Cearbhaill

Breith Aodha cuir in eagar

Insítear gur mháthair Aodha í Mugain Mór, bandia eoihéimireach Muimhneach an fhlaithis. Iníon Chonchradha mhic Dhuach, rí Osraí ba ea í, a deirtear. Bean aimrid a bhí Mugain go dtí gur thug Naomh Finnian Mhaigh Bhile uisce coisricthe dí le hól. I ndiaidh sin, rugadh uan, ansin bradán di, agus i ndeireadh na dála thug sí Aodh ar an saol.

Muintir Dhiarmada cuir in eagar

Bhí dhá rítheaghlach móra Uí Néill an Deiscirt ann: Síol Aodha Shláine, ríthe Bhreá san oirthear; agus Clann Cholmáin Móir sa Mhí. Bhí Síol Aodha níos suntasaí le linn na 7ú haoise, ach i ndiaidh bhás Cináed mhic Írgalaig sa bhliain 728, ríthe ruireach uile Uí Néill an Deiscirt come from Clann Cholmáin, ach amháin le tréimhse gearr ó 944 go 956, nuair a rinneadh rí ruireach de Chongalach Cnobha.

Thug Naomh Finnian tuar go "sáróidh Aodh a bhráithre agus ginfidh a mhuintir níos mó ríthe ná muintir eile". Téann an tairngreacht seo siar roimh c. 730, nuair a bhí Síol Aodha fós i gceannas. Pearsa shinsearach fosta ba ea tríú deartháir Aodha, Colmán Beag, ach de dhream níos lú tábhachtach, Caílle Follamain.

Beatha Aodha cuir in eagar

Le taobh a athar agus a mhac, insítear sách beag faoi Aodh, nó sna hannála Éireann nó i bhfoinsí eile amhail is naomhsheanchais nó dánta laochais.

Ina shaothar Vita Columbae, insíonn Adhamhnán tuar Cholm Cille go mbeadh Aodh ina rí mór cosúil lena athair (Ard-Rí, dar le hAdhamhnán), ach amháin dá séanfadh sé fionaíolach. Muna séanfadh, ní bheadh sé ach rí a mhuintir féin, agus ach ar feadh tamaill ghearr.

De réir roinnt ríliostaí níos deireanaí, Ard-Rí Éireann ba ea Aodh i gcomhréim le Colmán Ríomhaí de Chineál Eoghain, tar éis bhás Aodha mhic Ainmhireach sa bhliain 598, a mharaigh le linn catha gar do Bhealach Conglais, ag troid in éadan Bhranduibh mhic Eachach, Rí na Laighean.

Ní fhaightear Aodh i roinnt ríliostaí, san áireamh an ceann is luaite Buile Choinn, dréacht bolscaireachta tiomsaithe le linn réimeas gharmhac Aodha, Fínsnechta Fledach. Moltar gur fágadh ar lár é de dheasca bhotún tras-scríbhinne, agus gur rí-dhócha é gurbh Ard-Rí é.

Sa bhliain 600, rinneadh Aodh a nia Suibhne mac Colmáin Mhóir, do mharú, "go fealltach" dá le hAdhamhnán. De réir Marianus Scotus, ba é Suibhne an fíor ard-rí, agus ní Aodh agus Colmán Ríomhaí. Sa bhliain 604, déag idir Aodh agus Cholmán Ríomhaí go foréigneach. Maraíodh Colmán ag gaol leis, agus maraíodh Aodh ag Conall Guthbinn mac Suibhne. B'fhéidir gur tharla bás bás Aodha le linn chatha. Tháinig Aodh Fuariodhnach i gcomharbacht ar Aodh agus Colmán Ríomhaí.

Bhí ar laghad seisear mac agus iníon amháin ag Aodh, san áireamh Diarmaid, Blathmac agus Rontud. Ina gharchlann, bhí san áireamh Fínsneachta Fleadach, Seachnassach agus Ceann Faoladh. Eithne ba ea a bhean chéile.

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar


Réamhtheachtaí
Áed mac Ainmuirech
Comh-Ard-Rí na hÉireann
595-600
Comharba
Áed Uaridnach