Conghalach Chnóbha

rí Éireannach
(Athsheolta ó Congalach Cnogba)

Ard-Rí na hÉireann ba ea Conghalach Chnóbha (Mheán-Ghaeilge Congalach Cnogba) nó Conghalach mac Maol Mithigh (Congalach mac Máel Mithig), de réir na ríliostaí i nAnnála na gCeithre Máistrí, ón mbliain 944 go dtí 956. Is é Conghalach duine den dá "ard-rí Érenn" déag i láimh an bhunscríobhaí d'Annála Uladh.[1]

Conghalach Chnóbha
Ríthe Bhreá


Ardrí na hÉireann

944 - 956
Donnchad Donn - Domnall ua Néill
Saol
Eolas breitheÉire, 10 century
BásÉire, 956
Muintir
AthairMáel Mithig (?)
TreibhSíol Aodha Sláine
Gairm

Sliochtach den 10ú glúin de Shíol Aodha Sláine ar thaobh a athar ba ea Conghalach, rud a dtugfadh tacaíocht dá ríogacht.[2] Ar thaobh a mháthair, ba bhall de Chlann Cholmáin é, garmhac Flann Sionainne agus nia an iarArd-Rí, Donnchad Donn.[3] Sna Annála Inis Faithlinn, Ard-Rí go bhfreasúra a bhí sé, ag coimhlint lena namhaid, Ruairí Ó Canannáin de Chineál Conaill.[4]

Tuairiscítear sna hannála Éireann go raibh Conghalach i mbun chogaidh le cuid mhaith dá chomharsana, agus ó thráth go chéile cara agus namhaid rí Dhubhlinne, Amhlaoibh Cuarán. D'éag Conghalach i ndearadh na dála ag troid in éadan na Laigean agus na nGael-Lochlannach as Duibhlinn sa bhliain 956, i luíochán ag Dún Ailinne (Contae Chill Dara).[5][6]

FoinsíCuir in Eagar

  • Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings. B.T. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • McCarthy, Dan, "The Chronology of the Irish Annals", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann',1998, ll. 203–255 (pdf).
  • Woolf, Alex, "Pictish Matriliny Reconsidered" in The Innes Review, imleabhar XLIX, uimh. 2 (Fómhar 1998), ll. 147–167. ISSN 0020-157X

TagairtíCuir in Eagar

  1. Byrne, ll. 256–257; tugtar sinsearacht Chonghalaigh ó Aodh Sláine ar aghaidh ina thásc i nAnnála Uladh, AU 956.
  2. Byrne, lch. 87 & lch. 281, tábla 2.
  3. Woolf, lch. 151.
  4. McCarthy, Dan, "The Chronology of the Irish Annals", leagan athbhreithnithe ar líne.
  5. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 953
  6. Annála Uladh, AU 956.