Ríocht Dhuibhlinne
Ríocht Lochlannach in Éirinn ó thart ar 853 AD go 1170 AD ab ea Ríocht Dhuibhlinne (Sean-Lochlainnis: Dyflin[1]). Ba í an chéad ríocht Lochlannach in Éirinn, agus an ceann a mhair an tréimhse is faide. Slua Lochlannach a rinne ionradh ar chósta thoir na hÉireann sa 9ú haois a bhunaigh an ríocht. Chuimsigh an chríoch an chuid is mó de Chontae Bhaile Átha Cliath mar atá sé sa lá atá inniu ann.
Ríocht Dhuibhlinne | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Príomhchathair | Baile Átha Cliath | ||||
Daonra | |||||
Reiligiún | creideamh na Sean-Lochlannach | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 839 | ||||
Díscaoileadh | 1171 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Stair
cuir in eagarIs in Annála Uladh a luadh na Lochlannaigh den chéad uair. Seo é an chéad iontráil don bhliain 841 AD: “Gennti for Loch Eachach beós” (Nua-Ghaeilge: “Gintlithe fós ar Loch nEathach”). Is ón dáta seo ar aghaidh a fhaightear tagairtí do longfoirt Lochlannacha in Éirinn. Seans gurbh é 840–841AD an chéad gheimhreadh a chaith na Lochlannaigh in Éirinn. Ba mhinic a bhí comhríthe i gceannas ar Ríocht Dhuibhlinne, agus uaireanta Ríthe Jórvík ón réigiún ina bhfuil Yorkshire anois. Faoi cheannas na ríthe seo, ba í Duibhlinn an calafort sclábhaíochta ba mhó in Iarthar na hEorpa.[2][3] Thugtaí Dyflinnar skíði (“Sír Dhuibhlinne”) ar an gcúlchríoch thart ar Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse seo.[4] D’éirigh na lonnaitheoirí níos Gaelaí de réir a chéile, agus forbraíodh cultúr sincréatach a chomhcheangail gnéithe de chultúr na Lochlannach le cultúr na nGael.
Sa bhliain 988, bhí Máel Sechnaill mac Domnaill i gceannas ar an gcéad ghabháil Ghaelach ar Bhaile Átha Cliath. Sin an fáth a ndeirtear gur bunaíodh Baile Átha Cliath in 988, cé go raibh lonnaíocht ann beagnach míle bliain roimh an dáta sin.
Buaileadh mona i mBaile Átha Cliath thart ar 995, agus ar Oileán Mhanann timpeall 1025.[5]
Faoi lár an 11ú haois, bhí Ríocht Laighean ag imirt tionchair ar Dhuibhlinn. Mharaigh na hionróirí Normannacha Ascall mac Ragnaill, an rí deireanach ar Dhuibhlinn, sa bhliain 1171.
Tíreolaíocht
cuir in eagarIn aimsir na síochána, shín an ríocht chomh fada ó dheas le Cill Mhantáin (Wykinglo), Gleann Daingin in aice le Baile Coimín, Léim an Bhradáin (Lax Hlaup) siar ó Bhaile Átha Cliath, agus na Sceirí (Skere) ó thuaidh. Ainmníodh ceantar Fhine Gall lastuaidh de Bhaile Átha Cliath i ndiaidh na Lochlannach a bhí ina gcónaí ann.
Ríthe Dhuibhlinne
cuir in eagarRí | Blianta |
---|---|
Amlaíb Conung | c. 853–871 |
Ímar | c. 857–873 |
Auisle | c. 863–867 |
Oistin mac Amlaíb* | 873–875 |
Bárid mac Ímair | 873–881 |
Albann^ | 875–877 |
Sichfrith mac Ímair | 881–888 |
Sitriuc mac Ímair | 888–893/896 |
Sichfrith Jarl^ | 893-? |
Glúniarann* | ? |
Ímar ua Ímair | ?-902 |
Thréig na Lochlannaigh Baile Átha Cliath ó 902 go 917. | |
Sihtric ua Ímair (a.k.a. Sihtric Cáech) | 917–921 |
Gofraid ua Ímair | 921–934 |
Olaf Guthfrithson | 934–941 |
Blácaire mac Gofrith | 941–945 |
Sigtrygg (Sitric)[fíoras?] | 941–943 |
Amlaíb Cuarán | 945–947 |
Blácaire mac Gofrith | 947–948 |
Gofraid mac Sitriuc | 948–951 |
Amlaíb Cuarán | 952–980 |
Glúniairn | 980–989 |
Ivar of Waterford or Sigtrygg Silkbeard | 989–993 |
Ivar of Waterford | 994–995 |
Sigtrygg (Sitric) Silkbeard Olafsson | 995–1036 |
Echmarcach mac Ragnaill | 1036–1038 |
Ímar mac Arailt | 1038–1046 |
Echmarcach mac Ragnaill | 1046–1052 |
Murchad mac Diarmata | 1052–1070 |
Diarmait mac Mail na mBo | 1070–1072 |
Toirdelbach Ua Briain | 1072 |
Gofraid mac Amlaíb meic Ragnaill | 1072–1075 |
Domnall mac Murchada | 1075 |
Muirchertach Ua Briain | 1075–1086 |
Donnchad mac Domnaill Remair | 1086–1089 |
Gofraid Crobán | c. 1091–1094 |
Domnall mac Taidc | |
Domnall Gerrlámhach | |
Magnús berfœttr | 1102–1103 |
Domnall Gerrlámhach | |
Diarmait mac Énna meic Murchada | ×1117. |
Domnall Gerrlámhach | 1117–1118 |
Toirdelbach Ua Conchobair | ×1118 |
Énna Mac Murchada | ×1122–1126 |
Conchobar Ua Conchobair | 1126–1127 |
Conchobar Ua Briain | 1141–1142 |
Ottar mac meic Ottair | 1142–1148 |
Ragnall mac Torcaill | 1144×1146 |
Brodar mac Torcaill | ×1160 |
Gofraid mac Amlaíb | 1150s or 1160s |
Ascall mac Ragnaill | ×1170 |
^ Faoi dhíospóid *Tuairimeach
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Clarke (1995). "Medieval Dublin, the making of a metropolis". Irish Academic Press. ISBN 978-0716524595.
- ↑ Downham (May–June 2009). “The Viking slave trade: entrepreneurs or heathen slavers?”. History Ireland. History Publications Ltd. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-08-09. Dáta rochtana: 2020-01-31.
- ↑ O'Donnell (2013-04-23). “The Slave Market of Viking Dublin”. Around the World in Eighty Years. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-17. Dáta rochtana: 2020-01-31.
- ↑ Church (2021). "Why Are There Very Few Scandinavian Place-names in Ireland?". Northern Studies 52: 22–37.
- ↑ Barrett (2016) p. 4.