Muircheartach Ua Briain

Ard-Rí na hÉireann

Ba é Ardrí na hÉireann, go bhfreasúra, (ó 1101 go dtí 1118) é Muirchertach Mac Toirdelbach Mór Ua Briain (t. 1050 – t. 10 Márta 1119).[1]

Infotaula de personaMuircheartach Ua Briain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1050 (Féilire Ghréagóra)
Bás10 Márta 1119 (Féilire Ghréagóra)
68/69 bliana d'aois
Lios Mór Cuir in eagar ar Wikidata
Rí na Mumhan
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois
Eile
Teideal uasalArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachUí Bhriain Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBjaðmunjo Mýrjartaksdóttir, Lafracoth Ní Bhriain, Domnall Gerrlámhach, Mahon O'Brien, Prince of Corkobaskin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairToirdhealbhach Ua Briain  agus Dearbforgail, of Ossory (en) Aistrigh

Mac le Toirdhealbhach Ua Briain (Ard-Rí na hÉireann ó 1055 go 1086 agus garmhac Brian Bóirmhe) ab ea Muircheartach. Ó ríshliocht Dál gCais a bhí sé, agus rugadh é in aice le gCill Dá Lua i gContae an Chláir. Ghabh sé ríocht Áth Cliath sa bhliain 1075 i rith ard-ríocht a hathar. Fuair Toirdhealbhach bás sa bhliain 1086 agus roinntear Mumhan i trí chuid idir Muircheartach, Tadhc agus Diarmaid, a thrí mhic. Fuair Tadhc bás go luath, áfach, agus dhíbir Muircheartach Diarmaid as an cúige chun cumhacht a ghlacadh dó féin.

Léarscáil Éirinn timpeall ré Muircheartaigh

Chuaigh Muircheartach ar ruathar go Mide agus Laighean sa bhliain 1089 agus ghlac sé ríochta Laighean agus Áth Cliath. Sa bhliain 1093, ghéill a dheartháir Diarmaid dó i gCaiseal, agus ghéill Domhnaill mac Flainn Ua Maíl Shechnaill, rí Uí Néill Teamhrach freisin.

Insíonn Annála Inis Faithleann faoi "cogadh mór" a tharla idir Muircheartach agus ríthe Leath Cuinn le tacaíocht Gofraid, rí Lochlannaigh Átha Cliath. Chuaigh Muircheartach ar mórshiúil chuig Baile Átha Cliath. Dhíbir sé Gofraid as an gcathair agus mharaigh sé Domhnaill mac Flainn Ua Maíl Shechnaill.

Sa bhliain 1101, ghlac sé ardríocht na hÉireann agus chuaigh sé ar "turas an rí" timpeall na cúigí chun géilleadh na ríthe ruireach a dhaingniú. Bhí tionóil mór ag Muircheartach inar bhronnaigh sé dún Caiseal don Eaglais. An bhliain ina dhiaidh sin, rinne sé comhaontas le Magnus III an tIorua de bharr pósadh Sigurd mac Magnus leis a hiníon.

D'éirigh Muircheartach tinn sa bhliain 1114 agus ghabh Diarmaid ríocht Mumhan ó Muircheartach. Dhíbir sé as cathair Luimnigh é agus thóg sé níos mó ná bliain go dtí go raibh neart a dhóthain ag Muircheartach cumhacht a ghlacadh ar ais. Bhí sé i gcoimhlint le Diarmaid ó 1114 ar aghaidh maidir le ríocht an cúige.

Fuair Muircheartach Ua Briain bás sa bhliain 1118.

Muircheartach Ua Briain, Ard Rí

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. https://www.geni.com/people/Muirchertach-Ua-Briain-High-King-of-Ireland/6000000004533048198 Muirchertach Mac Toirdelbach Mor Ua Briain, High King of Ireland