Domnall ua Néill
Ardrí na hÉireann ba ea Domhnall Ó Néill (Meán-Ghaeilge: Domnall ua Néill) (bás 980) ón mbliain 956 go 980.
Domnall ua Néill | |||||
---|---|---|---|---|---|
943 - 980
956 - 980 ← Congalach Cnogba - Máel Sechnaill mac Domnaill → | |||||
Saol | |||||
Eolas breithe | Éire, 10 century | ||||
Bás | Ard Mhacha, 980 (Gregorian) | ||||
Muintir | |||||
Athair | Muirchertach mac Néill | ||||
Máthair | Flann (?) | ||||
Céile/Céilí |
Mór ingen Taidhg an Tuir (en) ![]() | ||||
Páistí |
liosta iomláin Muiredach (en)
![]() Muircheartach 'Midheach' (en) ![]() Aedh II (?) (en) ![]() Aedh 'Craoibhe Tulcha', King of Ailech (en) ![]() | ||||
Treibh |
Cenél nEógain (en) ![]() | ||||
Gairm | |||||
Gairm | monarc |
Muircheartach mac Néill ba ea athair Dhomhnaill, agus Niall Glúndub a sheanathair, ball de Chineál Eoghain Uí Néill an Tuaiscirt. Rinneadh chomh-rí Ailigh é lena dheartháir Flaithbheartach tar éis bhás a athar sa bhliain 943. D'éirigh sé ina Ard-Rí tar éis bhás a chol ceathrair Conghalach Chnóbha de Shíol Aodha Sláine.
Meastar gur cheannaire éifeachtach é Domhnall, a chuir who leasuithe míleata i bhfeidhm, a cuireadh níos dearanaí síos do Bhrian Bóramha. Chaith sé cuid mhaith dá réimeas i mbun chogaidh in éadan fhear cheile a dheirféir, Amhlaoibh Cuarán, rí Átha Cliath. Sa bhliain 980, d'éirigh sé as a choróin agus chuaigh sé isteach i mainistir Ard Mhacha, áit a fuair sé bás go gairid ina dhiaidh.
Tugtar ina thásc an teideal "ard-rí Érenn" do Dhomhnall. An duine dearanach dá mhuintir ba ea é ar a bronnadh an teideal úd. Tháinig Maol Seachnaill mac Domhnaill de Clann Cholmáin i gcomharbacht air.
I measc chlann Dhomhnaill bhí: Muireadach, agus mac aigesean a bhí ina shinsear Dhomhnall Ó Lochlann, b'fhéidir; agus Muircheartach, sinsear Uí Néill Thír Eoghain. Rí Ailigh agus príomhphearsa Uí Néill ba ea a gharmhac, Flaithbheartach Ó Néill.
FoinsíCuir in Eagar
- Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
- Downham, Clare (2007). "Viking Kings of Britain and Ireland: The Dynasty of Ívarr to A.D. 1014". Dún Éadain: Dunedin.
- Hudson, Benjamin (2005). "Viking Pirates and Christian Princes: Dynasty, Religion, and Empire in the North Atlantic". Nua Eabhrac: Oxford University Press.
- Hudson, Benjamin T.. "Oxford Dictionary of National Biography". Oxford. Oxford University Press. Dáta rochtana: 2007-10-27.
- Woolf, Alex (2007). "From Pictland to Alba, 789–1070". Dún Éadain: Edinburgh University Press.
TagairtíCuir in Eagar
Roimh Muirchertach mac Néill |
rí Ailigh 943–980 |
Tar Éis Fergal mac Domnaill meic Conaing |