Domhnall Mac Lochlainn

(Athsheolta ó Domnall Ua Lochlainn)

Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, agus Ardrí na hÉireann, ba ea Domhnall Mac Lochlainn (Meán-Ghaeilge Domnall Ua Lochlainn[1]) (1048 – 10ú Feabhra 1121).

Infotaula de personaDomhnall Mac Lochlainn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1048 (Féilire Ghréagóra)
Bás9 Feabhra 1121 (Féilire Ghréagóra)
72/73 bliana d'aois
Doire Cuir in eagar ar Wikidata
Rí Ailigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois
Eile
Teideal uasalArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachCineál Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNiall, Conchobar, Dearbhfhorghaill Nic Lochlainn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairArdgar
Cumhdach Phádraig, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Baile Átha Cliath. Tá inscríbhinn ar chiumhais an chumhdaigh a thosaíonn "Guigh ar Dhomhnall Ua Lochlainn a d'ordaigh an clog seo a dhéanamh..."[2]

Ard-ríogacht tar éis Mhaoil Seachnaill cuir in eagar

 
Léarscáil polaitiúil na hÉireann sa bhliain 1014.

Is doiléir é céard ba bhrí le hard-ríogacht Éireann, ar a raibh Domhnall ina éilitheoir uirthi, tar éis bhás rí dheireanach na Teamhrach de chuid Uí Néill, Máel Sechnaill mac Domnaill de Clann Cholmáin, sa bhliain 1022. Mholl ríthe iomaíochta sainmhínithe éagsúla. Mhaígh Domhnall agus a dhlíodóirí go raibh Ardrí "le freasúra" in ann dul i gceannas a arm fad timpeall na hÉireann gan cliseadh, agus bhí Domhnall in ann amhlaidh. Ní raibh tacadóirí a chéile comhraic deisceartach, Muircheartach Ó Briain na Mumhan, ar aon intinn leis, ar ndóigh. Dar leo, ba chóir go raibh faoi smacht Ardrí "gan bhfreasúra" trí mhórchalafort na tíre: Áth Cliath, Port Láirge agus Luimneach, agus ar ndóigh, bhí roinnt smacht ag Muircheartach orthu siúd.[3][4]

Diarmaid mac Maoil na mBó Uí Chinnsealaigh ba ea an chéad fhear i ndiaidh Mhaoil Seachlainn a bhí in ann a mhaíomh gurbh Ardrí é. Rí na of Laighean agus na nGall ina thásc, i ndáiríre bhí Diarmaid ina rí ar fud an-chuid na hÉireann. Bhí a mhac Murchadh i gcoróin i nÁth Chath; client leis ba ea Toirdhealbhach Ó Briain sa Mhumhain; agus chomhghuaillí leis ba ea Niall mac Eochadha na nUlad.[5][6] Fuair Diarmaid bás i mbun chatha, ag iarraidh oidhrí Mhaoil Seachnaill a chur faoina chois, ar Dé Máirt 7ú Feabhra 1072.[7]

Tar éis bhás Diarmada, tháinig Toirdhealbhach Ó Briain, a iar-ccc, chun cinn. Chuir sé a mhac, Muircheartach, i gceannas i nÁth Cliath, agus rinne feachtais sna hUlaid. Sna Laigin agus Connachta, bhí sé mar aidhm aige achrann a chóiriú i measc clann in iomaíocht achéile. Nuair a tháinig Domhnall Ua Lochlainn chun cinn sa tuaisceart sa bhliain 1084, nuair chuir Toirdhealbhach isteach air. D'éirigh sé tinn an bhliain dár gcionn, agus fuair bás sa bhliain 1086, 77 bliain d'aois. D'aithin na hannála claonpháirteacha tuaisceartacha é fiú mar Ardrí.[8][9]

Bunúis cuir in eagar

Sna ginealaigh, mar shampla Rawlinson B 502, rianaítear sinsearacht Domhnaill ar ais trí Dhomhnall ó Néill, a athair Muircheartach mac Néill, go Niall Glúindubh. Sa Leabhar Laighneach, tá leagan go caolchúiseach difriúil le fáil. Is é Lochlann mac Maoil Seachnaill é sinsear Mhic Lochlainn sa leagan seo, in ionad Lochlainn uí Dhomhnaill uí Néill. De shliocht deartháir níos lú cáiliúla Néill Ghlúinduibh é an Domhnall seo. Pé scéal é, ba bhall é Mhic Lochlainn de Chineál Eoghain, géag Uí Néill an Tuaiscirt, agus ba cheart dóibh sinsir cháiliúla a mhaíomh.[10][11][12]

Roimh Dhomhnall féin, ní raibh ach ceannaireacht lag ag Cineál Eoghain, chomh lag sin gur rugadh cuireadh do Chonchúr Ó Briain na Mumhain, col ceathrar agus namhaid dearg Thoirdhealbhaigh, ríogacht Tulaigh Óig a glacadh. Tar éis dúnmharú Conchúir agus a mhná chéile sa bhliain 1078, tugadh cuireadh sa dheartháir Cinnéid teacht i gcomharbacht air.[13] Faoi cheannas Domhnaill, thángadar chun cinn arís mar cumhacht shuntasach i saol polaitiúil na tíre.

Réimeas cuir in eagar

Rinneadh rí Ailigh de Dhomhnall sa bhliain in 1083 agus thuaidh sé a réimeas mar ba ghnách 'creach rí' in éadan Chonaille Muirtheimhne.[14] Deirtear i nAnnála Uladh:[15]

Crech righ lais for Conaillibh co tuc boroma mor & co taraidh tuarustal don creich-sin do Feraib Fernmuighi.
Creach rí leis ar Conaille, rug bóramha mhór agus thug tuarastal don chreich sin d'Fhir Fhearnmhaighe".

Chuaigh Muircheartach Ua Briain, rí nua na Mumhan agus gaol máthartha Thoirdhealbhaigh, i ngleic ámh in éadan cheannas Mhic Lochlainn idir na blianta 1101 agus 1119.

Tásc cuir in eagar

Léitear tasc ardmholtach Domhnaill glowing i nAnnála Uladh mar a leanas:[16]

Domnall m. Ardghair m. Lochlainn ardri Erenn derscaithech Goeidhel ar cruth & cenel ar ceill & gaiscedh ar shonus & sobarthain ar thidnacal seoit & bidh do éc a n-Dairi Coluim Cille isin .uiii. bliadhain .xxx. regni sui isin .iii. bliadhain imorro .lxx. aetatis suae & i n-aidche Cetaine & i .v. Id. Febre & in uiii déc & i feil Mo Chuaroc ind Ecnai.
Domhnall mac Ardghair mac Lochlann, Ardrí Éireann, dearscnaitheach na nGael ar cruth agus cineál, ar céill agus gaisce, ar sonas agus sobharthan, ar tíolacadh seod agus biadh, d'éag i nDaire Cholm Cille insan ochtú lá bliain is tríocha dá réimeas, insan tríú bliain is seachta dá bheatha, oíche Céadaoin, ceathrú [cúigiú] Ides [.i. 10ú] Feabhra, ochtú [gealach] déag, féile Mo-Chuaróc an Eagnaí.

Foinsí cuir in eagar

  • The Annals of Ulster AD 431–1201, CELT: Corpus of Electronic Texts, 2003, aisghafa 10 February 2007
  • Bracken, Damian (2004), "Ua Briain, Muirchertach [Murtagh O'Brien] (c.1050–1119)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 6 March 2008
  • Bracken, Damian (2004), "Ua Briain, Toirdelbach [Turlough O'Brien] (1009–1086)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 6 March 2008
  • Byrne, Francis John (2001) [1973], Irish Kings and High-Kings (2nd ed.), Dublin: Four Courts Press, ISBN 1-85182-196-1
  • Flanagan, Marie Therese; Harrison, B. (2004), "Ua Lochlainn, Domnall", Oxford Dictionary of National Biography, doi:10.1093/ref:odnb/20744, aisghafa 7 January 2008
  • Flanagan, Marie Therese (2005), "High-kings with opposition, 1072–1166", in Ó Cróinín, Dáibhí (ed.), Prehistoric and Early Ireland, A New History of Ireland, vol. I, Oxford: Oxford University Press, pp. 899–933, ISBN 978-0-19-922665-8
  • Griffin, Patrick C. (2002), The Mac Lochlainn High-Kingship in Late Pre-Norman Ireland., Unpublished M. Phil. thesis, Trinity College Dublin, aisghafa 11 May 2008
  • Lydon, James (2003), The Lordship of Ireland in the Middle Ages (2nd ed.), Dublin: Four Courts Press, ISBN 1-85182-737-4
  • Ó Cróinín, Dáibhí (1995), Early Medieval Ireland: 400–1200, London: Longman, ISBN 0-582-01565-0
  • Simms, Katherine (2004), "Ua Conchobair, Toirdelbach Mór (1088–1156) [Turlough the Great O'Connor] (1088–1156)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 6 March 2008

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ua Lochlainn and its replacement Mac Lochlainn are surnames, as distinct from ua/garmhac Lochlainn agus mac Lochlainn.
  2. Clog Phádraig agus a Chumhdach
  3. Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, ll. 273–277
  4. Griffin, The Mac Lochlainn High-Kingship, ll. 10–11.
  5. Byrne, ll. 271–272
  6. Ó Cróinín, ll. 277–278.
  7. Annála Uladh, AU 1072.
  8. Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, ll. 278–279
  9. AU 1086.
  10. Griffin, The Mac Lochlainn High-Kingship, ll. 4–5 & 9–10
  11. Byrne, Irish Kings, lch. 284
  12. Feictear an ginealaigh seo sa scéal Cogadh Gaedhel Re Gallaibh, féach James Henthorn Todd, Rolls Series (1867), lch. cxcviii, nóta 1.
  13. Bracken, "Toirdelbach".
  14. Flanagan.
  15. AU 1083.6
  16. AU 1121.1