Mhic Lochlainn

clann Ghaelach

Príomh-theaghlaigh Cineál Eoghain Uí Néill ba ea Mhic Lochlainn (Meán-Ghaeilge Meic Lochlainn).[1][2][3][4] Domnall Dabaill (bás 915) mac Aodha Fhionnliath ba ea a sinsear,[5][6] agus bhíodar aitheanta mar Chlann Domhnaill as féin.[7][8] Niall Glúindubh, deartháir Domhnaill, ba ea sinsear eapainmneach mhuintir Uí Néill, lonnaithe i dtreoir dTír Eoghain.[1]

Lochlann mac Maolseachnaill, rí Inis Eoghain (bás 1023), ba ea sinsear eapainmneach na clainne.[9][10][11][12] Níorbh cheannaire mór le rá é Lochlann féin, ach a gharmhac, Domhnall Ua Lochlainn (bás 1121).[13]

Bhí Domhnall ina Ardrí na hÉireann le fiche bliain. Tháinig a mhac Niall i gcomharbacht air mar rí Thír Eoghain by his son, Niall. Rinneadh Ardrí Éireann do gharmhac Domhnaill, Muircheartach (bás 1166). Tar éis bhás Mhuircheartaigh, thús cumhacht Mhic Lochlainn i léig. Thug mac Mhuircheartaigh, Niall (bás 1176), tacaíocht dosna hUlaid in éadan an Normannaigh, John de Courcy (bás c. 1219). Sa bhliain 1215, maraíodh Aodh Mac Lochlainn ag troid in éadan chlann Uí Catháin, a bhí ag teacht chun cinn ansin i gContae Dhoire.[1]

Sa bhliain 1235, d'éirigh Domhnall Mac Lochlainn ina rí Thír Eoghain, tar éis dó an sealbhóir Uí Néill a mharú. Bhuaigh Domhnall roinnt cathanna in éadan na Normannach, ach cloíodh é sa deireadh ag Brian Ua Néill agus Máelsechnaill Ua Domnaill, rí Thír Chonaill. Óir gur milleadh ceannairí Mhic Lochlainn sa chath seo, tháinig a gcéilí comhraic Uí Néill chun cinn n-ionad.

Chaill clann Mhic Lochlainn a dtiarnas ina gceantar dúchais, Inis Eoghain, agus tháinig clann Uí Dhochartaigh ina n-ionad. Sa bhliain 1601, feictear sna hannála beirt bhall de chlann Mhic Lochlainn ann: Hugh Carrogh, "taoiseach a chlann", ag Caisleán Charraig Mhic Uidhilín; agus Brian Óg, ag Caisleán Garnigall Castle.[1]

FoinsíCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar