Rítheaghlach na Laigean ba ea Uí Chinnsealaigh (Meán-Ghaeilge Uí Ceinnselaig[1]), a rianaigh a sinsearacht ó Éanna Cinnsealach, ar chomhaois a dúradh le Níall Noígíallach. Dúradh fosta gur gharmhac Bhreasail Bhéalaigh é Éanda, agus i dteannta sin col ceathrar le Dúnlaing mac Éanna Niadha, sinsear eapainmneach Uí Dhúnlainge.

Faightear Uí Chinnsealaigh ar dtús sa cheantar thart timpeall Ráth Bhile, Contae Cheatharlach, agus uiscí uachtair na Sláine, ach le himeacht aimsire, brúdh ó dheas iad. Níos déanaí, faightear iad lonnaithe i bhFearna, suíomh mhainistir Naomh Máedóc (bás 626 nó 632).

I dtosach, roinntí ríogacht na Laigean idir Uí Chinnsealaigh agus Uí Dhúnlainge, ach le himeacht ama, tháinig Uí Dhúnlainge ina n-aonar i gceannas. Tar éis bhás Aodha mac Colgan (738), ní bheadh rí Uí Chinnsealaigh i réim go dtí Diarmaid mac Maol na mBó, trí chéad bliain níos deireanaí (féach Ríthe Uí Chinnsealaigh).

Bhí géag amháin den chlann, de shliocht Mhurchadha mhic Dhiarmada mhic Mhaoil na mBó, a ghlac an sloinne mac Murchada.[2][3][4] Ón géag seo bhí Domhnall Caomhánach, bunaitheoir na gCaomhánach.[5] Bhí géag eile ann, síolraithe ó Dhomhnall Ramhar mac Maoil na mBó, a thóg an sloinne Ó Domhnaill.[4][6] Bhíodh an dá ghéag seo gcónaí san iomaíocht le chéile le haghaidh ríogacht Uí Chinnsealaigh.[4]

I measc ríthe agus pearsana Uí Chinnsealaigh agus muinteracha gaolmhara tá a leanas:[7]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8

Tagairtí cuir in eagar

  1. cennselach ar eDIL; cinseal
  2. O'Byrne, E (2005). "Medieval Ireland: An Encyclopedia": 302–303. Routledge. 
  3. Zumbuhl, M (2005). "Medieval Ireland: An Encyclopedia": 406–407. Routledge. 
  4. 4.0 4.1 4.2 Flanagan, M. T. (1981). "Mac Dalbaig, a Leinster Chieftain". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 111: 5–13. JSTOR 25508795. 
  5. MacLysaght, E (1972). "Irish Families: Their Names, Arms and Origins": 189–190. Crown Publishers. 
  6. Byrne, FJ (2001). "Irish Kings and High-Kings". Four Courts Press. 
  7. Dátaí per The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy


Teimpléad:Laigin