Sloinne Éireannach is ea Caomhánach, a ghlac a chéaduair Domhnall Caomhánach, mac is sine Dhiarmada mhic Mhurchadha, rí Laighean den 12ú haois.[1]

Armas Chaomhánaigh

Luathstair - Ríthe na Laigean cuir in eagar

Síolraithe ó Uíbh Chinnsealaigh is ea clann Caomhánach. I measc a gcuid críoch, bhí an chuid is mó de chontaetha Ceatharlach agus Loch Garman, agus codanna de chontaetha Cill Mhantáin agus Cill Chainnigh san áireamh. Choinnigh an chlann Caomhánach a ceannas ar ríogacht na Laighean go dtí an 17ú haois. Bhíodh agóid agus achrann i dtaobh an éilimh úd, agus troideanna le lonnaitheoirí Angla-Normannacha in Éirinn.

Is suaitheantas armais clasaiceach é an leon passant ar armas Chaomhánaigh, gaolmhar le cumhacht fheodach, bíodh is neamhghnách i dtaobh chlainne Ghaelaí. Is dóigh go gciallaíonn sé sean-nasc na clainne le ríogacht na Laighean.

12ú haois - sanasaíocht cuir in eagar

De réir John O'Donovan, chuaigh Domhnall Caomhánach ar altramas ag Cill Chaomháin, Guaire, Contae Loch Garman.[2] Mar a deir an sean-nós, ghlac Domhnall dá bharr an leasainm Caomhánach.[3] In ainneoin an ghnáth-nóis Gaelaigh ag an am, ghlac a mhuintir an t-ainm mar shloinne le huacht.[4]

14ú haois - Art Óg mac Murchadha Caomhánach cuir in eagar

Meastar go forleathan gurbh é an rí Laighean is ollmhó é Art Óg mac Murchadha Caomhánach. Le linn a réimse 42 bliain, fuair sé ar ais a cheannas ar an ríoga, aitheanta go minic ansin mar "críocha Caomhánaigh". Chuir sé an ruaig ar lonnaitheoirí Anglo-Normannacha as tuaisceart Loch Garman agus Cill Mhantáin cois farraige, agus bhagair sé ar bhailte Angla-Éireannacha Loch Garman, Ceatharlach agus Átha Cliath. Fuair sé fiú airgead ó rí Shasana, an cíos dubh.

 
Art Mór ag marcaíocht chun bualadh le hiarla Gloucester, i léaráid le fáil in Histoire du roy d'Angleterre Richard II le Jean Creton

Ba mhór an dúshlán é Art do leasa Sasanacha, agus dá bharr tháinig Richard II Shasana (bás 1400) ar fiannas faoi dhó go hÉirinn ag iarraidh é a chloígh. Níor gabhadh Art agus d'fhan sé mar rí na Laighean go dtí 1416 nó 1417, nuair a tugadh nimh dó i Ros Mhic Thriúin.

Cé gurbh é Domhnall an chéad duine a glac an t-ainm Caomhánach, le fírinne tá formhór na gclann den 15ú haois ar aghaidh síolraithe ó Art.

17ú haois - Cogadh na Naoi mBliana cuir in eagar

Sa 16ú haois, ghlac Cathair mac Airt Chaomhnaigh páirt sna hÉirithe Amach i nDeasumhain. Ghlac Art Caomhánach, comrádaí Aodha Uí Néill, páirt san éalú misniúil as Caisleán Átha Cliath sa bhliain 1590.

Thógadh fós taoisigh na clainne an teideal ríoga mac Murchadha, ach faoi lár na séú haois déag, bhí a gcuid cumhachta ag dul i léig agus faoi thús na seachtú haoise déag, briste tríd is tríd. Ba é Domhnall Spáinneach Mac Murchadha Caomhánach rí deireanach na Laighean, a ghéill i ndeireadh na dála tar éis Chogadh na Naoi mBliana sa bhliain 1603.

In ainneoin chailleadh cumhachta agus réadmhaoine, lean gan briseadh sliocht na clainne ó duly Cheann Fine deireanach go cuí insealbhaithe, Brian Caomhánach Mac Murchadha, go dtí le gairid.

Diaspóra cuir in eagar

Bhí na Caomhánaigh chun cinn i measc na n-uaisle Gaelacha ar deoraíocht san Eoraip i ndiaidh cliseadh deiridh na hÉireann Gaelaí, ag deireadh na seachtú haois déag. D'éirigh ag éirí ina oifigigh i n-airm Chaitlicigh na Fraince, Spáinne agus na hOstaire.

Sa 17ú haois, throid Brian Caomhánach ar son Teach Stuart san Albain agus dúradh gurbh é an fear is airde san airm. D'éirigh Charles Caomhánach ina Governor míleata Phrág sa bhliain 1766. Bhí roinnt Caomhánach ina n-oifigigh san Bhriogáid Éireannach in arm Seacaibíneach na Fraince, agus lonnaigh géag den chlann sa tír úd. Bhain Caomhánaigh ardchéim amach san impireacht f-Ungárach.[5]

Clann Caomhánach cuir in eagar

Tá Clann Caomhánach cláraithe le Finte na hÉireann, áisíneacht rialtais a cruthaíodh um gníomhaíochtaí gach clann Éireannach a thacú agus a eagrú.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Irish Pedigrees: Or, The Origin and Stem of the Irish Nation by John O'Hart, 1892, Imleabhar 1, lch. 493
  2. Annála na gCeithre Máistrí, John O'Donovan (eag.), imleabhar 3, fo-nóta F.
  3. "Origin of the Name Caomhánach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-09-05. Dáta rochtana: 2020-06-20.
  4. Sloinnte Gaedheal is Gall: Irish Names and Surnames by Rev. Patrick Woulfe (1923)
  5. Irish surnames[nasc briste go buan]
  6. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named family


Teimpléad:Laigin