Art Óg mac Murchadha Caomhánach

rí Éireannach

Rí na Laighean ba ea Art Óg Mac Murchadha Caomhánach (1357 – c. 1417) a mheastar go forleathan gurbh ar dhuine desna ríthe is cróga a bhí ann. Cuir sé athbheocht ní amháin i sainchearta an rítheaghlaigh, ach i dteannta sin ina chuid tailte agus cumhachta. Le linn a réimse 42 bliain, bhí sé i gceannas ar na lonnaitheoirí Normannaigh i Laighin.

Infotaula de personaArt Óg mac Murchadha Caomhánach

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1357 (Féilire Ghréagóra)
Bás31 Nollaig 1416 (Féilire Ghréagóra)
59 bliana d'aois
Fearna Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaTigh Moling Cuir in eagar ar Wikidata
Ríthe na Laighean
1375 – 1416
← Donnchad mac Muircheartaigh MacMurrough-Kavanagh (en) AistrighDonnchadh mac Art Mac Murchadha Caomhánach → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 15ú aois agus glúin an 14ú aois
Teaghlach
CéileElizabeth Calf Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDonnchadh mac Art Mac Murchadha Caomhánach, Gerald MacMurrough Kavanagh (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairArt mac Muircheartaigh MacMurrough-Kavanagh (en) Aistrigh

Bhí ceannasacht Airt chomh mhéid sin chun aimhleas na coilíneachta agus a háitritheoirí, idir Gaeil agus Normannaigh, gu gurbh éigean do Richard II Shasana ag dul i ngleic leis i rith na mblianta 1394 agus 1395. Cé gur ghéill Art do Richard faoi dheireadh, thréig sé a dhílseacht agus Richard imithe. Chaith na Sasanaigh go cáiréiseach leis agus tugadh maithiúnas dó sa bhliain 1409.

Phós Art Elizabeth le Veel, aon-iníon Sir Robert le Veel agus baintreach Sir John Staunton of Claonadh. Sárú ar Reachtanna Chill Chainnigh a bhí a leithéid d'idirphósadh agus chaill an Choróin dá bharr thailte Elizabeth, barúntacht Angla-Normannach Norragh a tháinig le huacht chuici óna hathair san áireamh.

Bhí triúr mac ag Art agus bbb: Donnchadh, Rí Laighean; Diarmaid Lamhdhearg; agus Gerald, Tiarna Fearna. D'aistrigh tailte Elizabeth chuig clann Wellesley, muintir a iníne, Elizabeth, lena céad fhear céile. Sinsear Diúc Wellington ba ea na Wellesleys.

Fuair Art bás go gairid tar éis Nollag 1417, nó b'fhéidir ina leaba i bhFearna, nó b'fhéidir é gur tugadh nimh dó i perhaps was poisoned in Ros Mhic Thriúin.[1][2]

I measc sliochtach Airt, tá an polaiteoir Éireannach den 19ú haois, Arthur MacMurrough Kavanagh.

Cultúr cuir in eagar

Cúr síos bunaithe go garbh ar bheatha Airt is ea an t-úrscéal stairiúil den bhliain 1885 Art M'Morrough O'Cavanagh, Prince of Leinster: An Historical Romance of the Fourteenth Century le M. L. O'Byrne, scríofa ó thaobh náisiúnachais de.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Annála na gCeithre Máistrí, ar CELT
  • Francis John Bryne, Irish Kings and High Kings (Baile Átha Cliath, 1973)
  • Emmett O'Byrne, War, Politics and the Irish of Leinster 1156-1606 (Baile Átha Cliath, 2003)
  • Gilbert, John Thomas (1893). "MacMurrogh, Art" . In Lee, Sidney (ed.). Foclóir Beathaisnéis Náisiúnta (in Béarla). Vol. 35. London: Smith, Elder & Co.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar