Conall Laeg Breg

Rí Bhreá

Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conall Laogh Breá mac Aodha Sláine (Sean-Ghaeilge Conall Laeg Breg mac Áedo Sláine[1]) (bás 612). An tArdrí Aodh Sláine mac Diarmada (bás 604) ba ea a athair. Bhí sé i réim ón mbliain 604 go dtí 612. Ní thugtar an teideal rig Brega dó sna hannála, ach feictear é sa dara háit i ndán na ríthe Síl Aeda Sláne Na Sleg, caomhnaithe sa Leabhar Laighneach.[2]

Infotaula de personaConall Laeg Breg
Beathaisnéis
Bás612
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairAodh Sláine

Bhí Suibhne mac Colmáin (bás 600) maraithe go fealltach ag a uncail, Aodh athair Conaill, a maraíodh féin i mbun catha ag Conall Guthbinn mac Suibhne (bás 635), agus tharla achrann cathartha i measc Uí Néill an Deiscirt dá bharr.[3][4] Maraíodh Conall mar thoradh ag Aonghas mac Colmáin (bás 621) de Chlann Cholmáin Bhig i gCath Odba sa bhliain 612.[5][6]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ladg, laeg, laogh, sneachta, ar eDIL
  2. Leabhar Laighneach, Flann Mainistreach: "Síl Aeda Sláne Na Sleg"
  3. Annála Uladh, AU 600.2, 604.2
  4. Annála Tiarnaigh, AT 598.3, 602.2
  5. AU 612.2
  6. AT 610.2