Aonghas mac Colmáin

(Athsheolta ó Óengus mac Colmáin)

Rí Uisnigh de Chlann Cholmáin Bhig, géag d'Uí Néill an Deiscirt ba ea Aonghas mac Colmáin Bhig (Sean-Ghaeilge Óengus mac Colmáin Bec) (bás 621[1]) Bhí sé i réim ón mbliain 618 go dtí 621.[2] Tháinig Aonghas i gcomharbacht ar Fearghas mac Colmáin.

Dar leis na ginealaigh, Colmán Bec (bás 587) ba ea a athair, agus Diarmaid mac Cearbhaill (bás 565) a sheanathair. Rianaíonn Caille Fallamhain a sinsearacht siar go hAonghas.[3]

Sula ndearnadh rí de, insítear sna hannála go raibh baint ag Aonghas leis an achrann idir Clann Cholmáin agus Síol Aodha Sláine. Sa bhliain 612, bhuaigh sé ag Cath Odba (gar den Uaimh, Contae na Mí) inar maraíodh Conall Laogh Bhreá mac Aodha Sláine.[4][5] Tharla an cath seo b'fhéidir mar thoradh éilimh Chonaill agus é ag iarraidh teacht i gcumhacht ar Aodh Fuariodhnach mar ardrí.[6]

Maraíodh Aonghas sa bhliain 621.[7][8] Ina thásc sna hannála, deirtear go míchruinn gur mhac Cholmáin Mhóir é. Tugtar an teideal regis Nepotum Neill (AU) nó ríg h-Úa Neill (AT) dó. Is amhlaidh gurb ionann sin agus Ardrí na hÉireann, nó rí Teamhrach. Moltar mar chúis gur thug Suibhne Meann, tar éis dó Maol Cobha mac Aodha a mharú sa bhliain 615, tacaíocht d'éilimh Aonghasa in ionad bheith féin i gcumhacht, é sin nó b'fhéidir é gur leath-rí é Aonghas sa deisceart.[9]

Sa ríliosta Buile Choinn, scríofa sa 7ú haois le linn réimeas Ardrí Uí Néill, Fíonsneachta Fleách, deirtear go mbeidh Domhnall mac Aodha, an rí a tháinig i gcomharbacht ar Shuibhne Meann, ina "Óengus glórmhar". Tá Aonghas san áireamh mar ardrí sa ríliosta le Marianus Scottus.[10]

Maraíodh a mhic, Maol Umha (Máel Umai) agus Colga (Colgu), sa bhliain 635, mar chuid den achrann i measc Uí Néill an Deiscirt, i gCath Cúil Caeláin by Diarmaid mac Aodha Sláine (bás 665).[11][12] Maraíodh a gharmhac, Faolchú mac Maoil Umha (Fáelchú mac Máele Umai) i gCath Ogamain sa bhliain 662, ag troid ar son Chonaing Choirre mhic Conghaile as Cnóbha agus Bhlathmaic mhic Aodha Sláine (bás 665) in éadan lucht leanúna Diarmada mhic Aodha Sláine.[13][14]

Féach freisinCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • Charles-Edwards, T.M.. "Suibne Menn mac Fiachnai (d. 628)". Oxford Dictionary of National Biography. Oxford University Press. Dáta rochtana: 2007-10-22.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. gach dáta de réir The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
  2. Tugtar réimeas 7 mbliana do sa Leabhar Laighneach, agus 6 bliana i Sioncronachtaí Laud
  3. Charles-Edwards, Aguisín III
  4. Annála Uladh, AU 612.2
  5. Annála Tiarnaigh, AT 610.2
  6. Mac Niocaill, lch. 90
  7. AU 621.2
  8. AT 621.2
  9. Charles-Edwards, lch. 492-493
  10. Charles-Edwards, lch. 486
  11. AU 635.2
  12. AT 637.8
  13. AU 662.2
  14. AT 662.4