Fergus mac Colmáin
Rí Uisnigh de Chlann Cholmáin, géag d'Uí Néill an Deiscirt ba ea Fearghas Mac Colmáin (Sean-Ghaeilge Fergus mac Colmáin) (bás 618). Colmán Már mac Diarmato (bás 555/558) ba ea a athair, agus Suibhne (barr 600) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 600 go dtí 618.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 618 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Athair | Colmán Már |
Bhí an t-achrann idir Clann Cholmáin agus Síol Aodha Sláine fís ar siúl le linn a réimis, ach ní fheictear Fearghas ar an bhfód sna hannála. Sa bhliain 604, chloígh a nia, Conall Guthbhinn mac Suibne (bás 635) an tArdrí Aodh Sláine mac Diarmada (bás 604) i gcath ag Faiche mhic Meannáin (Faithche Mic Mencnain), ar bhruach Loch Seimhdí (Contae na hIarmhí), inar maraíodh an Ardrí.[3][4] Bhuaigh a chol ceathrar, Aonghas mac Colmáin Bhig (bás 621) ag Cath Odba sa bhliain 612, inar maraíodh Conall Laogh Bhreá mac Aodha Sláine.[5][6]
Sa bhliain 618, maraíodh Fearghas féin ag Anfartach ua Mescáin de Mhuintir Blaitíne (lonnaithe gar do Cuaille, Contae Lú).[7][8] Is amhlaidh gurbh fhala pearsanta é seo.[9]
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Rig Uisnig
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Dublin: Gill and Macmillan
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Charles-Edwards, Aguisín 3
- ↑ Tugtar réimeas 6-7 bliain dó sa Leabhar Laighneach agusSioncronachtaí Laud
- ↑ Annála Uladh, AU 604.2
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 602.2
- ↑ AU 612.2
- ↑ AT 610.2
- ↑ AU 618.2
- ↑ AT 617.7
- ↑ Mac Niocaill, lch. 91