Maol Cobha mac Aodha
Ardrí na hÉireann ba ea Maol Cobha mac Aodha (Sean-Ghaeilge Máel Coba mac Áedo) (bás 615). Aodh mac Ainmhireach (bás 598) ba ea a athair, agus Domhnall mac Aodha (bás 642) a dheartháir, Ardríthe beirt a mheastar. Na bhall iad de Cenél Conaill Uí Néill an Tuaiscirt.[1][2][3] D'éirigh Maol Cobha ina thaoiseach Cenél Conaill tar éis bhás a dhearthár, Conall Cú mac Aodha, sa bhliain 604.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 615 (Féilire Ghréagóra) |
Ardrí na hÉireann | |
612 – 615 ← Aodh Fuariodhnach – Suibhne Meann → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Néill an Tuaiscirt |
Páiste | Ceallach mac Maoil Chobha, Conall mac Maoil Chobha, Cacht (?) |
Athair | Aodh mac Ainmhireach |
Siblín | Domhnall mac Aodha |
Dáileadh an ardríocht idir Cenél nEógain agus Cenél Conaill ó lár na 6ú haois ar aghaidh. Ba é Aodh Fuariodhnach réamhtheachtaí Mhaoil sna ríliostaí the king lists, agus tháinig seisean i gcomharbacht ar Shuibhne Meann, an bheirt de Cenél nEógain, cé go rítheaghlaigh iomaíochta. Bhí sé i réim ó 612 go 615.[4]
Sa bhliain 615, cloíodh agus maraíodh Maol Cobha ag Suibhne Meann i gCath Shliabh Troim, Tír Eoghain.[5][6][7] Insítear i dtéacsanna níos deireanaí, ámh, gur tháinig sé slán as an gcath, rinneadh file agus easpag Clochair de, agus ansin díseartach ag Droim an Iolair[8], Béal Leice, Contae Fhear Manach, agus i ndeireadh na dála fuair sé bás den phlá.[9][10][11][12][13] Is amhlaidh gur insealbhaigh Suibhne Meann Aonghas mac Colmáin mar Ardrí, in ainm ar a laghad.
Bhí beirt mhac aige a rinneadh Ardríthe díobh de réir roinnt foinsí, Ceallach (bás 658) agus Conall (bás 654). Insítear gur gharmhac Mhaoil é Dúnchad mac Cinn Fáelad, ab Oileán Í, (bás 717).
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, Part 1, G100001A
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
- Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
- Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
- "Suibne Menn mac Fiachnai (d. 628)". Oxford Dictionary of National Biography (2004).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Byrne, Tábla 4
- ↑ Charles-Edwards, Aguisín IV
- ↑ Mac Niocaill, lch. 153
- ↑ Tugtar réimeas 3 bliana sa Leabhar Laighneach agus 4 bliana i Sioncronachtaí Laud.
- ↑ Annála Uladh, AU 615.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 613.1
- ↑ Mac Niocaill, lch. 90
- ↑ Droim an Iolair ar logainm.ie
- ↑ The banquet of Dun na n-Gedh and The battle of Magh Rath via archive.org.
- ↑ Lebor gabála Érenn via archive.org
- ↑ Genealogiae regum et sanctorum Hiberniae via archive.org
- ↑ The Register of Clogher, by K. W. Nicholls, in Clogher Record, Iml. 7, Uimh. 3 (1971/1972), lch. 381
- ↑ Ó Daly, 1969a, ar CODECS
Réamhtheachtaí Áed Uaridnach |
Ardrí na hÉireann 608-610 |
Comharba Suibne Menn |