Suibhne Meann

Ard-Rí na hÉireann

Ard-Rí na hÉireann ba ea Suibhne Meann (Sean-Ghaeilge Suibne Menn[1]) nó Suibhne mac Fiachna (Suibne mac Fiachnai) (bás 628).

Infotaula de personaSuibhne Meann
Beathaisnéis
Bás628 (Féilire Ghréagóra)
Ardrí na hÉireann
615 – 628
← Maol Cobha mac AodhaCongal Cáech, Domhnall mac Aodha → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachCineál Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCrannmhaol mac Suibhne Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFiachmae
SiblínEarnaine mac Fiachna

Ball ba ea Suibhne de Chineál Fhearadaigh, ainmnithe as a sheanathair, Fearadach fionnó Néill Noaighiallaigh, agus géag sóisearach de Chineál Eoghain. Bhíodh Cineál Mhic Earca, de mhuintir Mhuircheartaigh dheartháir Fhearadaigh, i gceannas Chineál Eoghain ag an am. Ní raibh nó seanathair nó athair Shuibhne ina ríthe Chineál Eoghain.

Fuair Aodh Fuariodnach de Chineál mhic Earca bás sa bhliain 612, agus tháinig Maol Cobha mac Aodha de Chineál Chonaill i gcoróin Uí Néill. Mharaigh Suibhne Maol Cobha sa bhliain 615, is amhlaidh i lár na tíre, agus tháinig seisean i gcoróin. Moltar go raibh comhaontas idir Suibhne géag sóisearach Uí Néill eile, Clann Cholmáin an deiscirt agus lig ar Shuibhne an ríogacht a choinneáil faoina cheannas.

De réir na hannála Éireann, bhí Aonghas, taoiseach Chlann Cholmáin, ina Ard-Rí ag uair a bháis sa bhliain 621. B'fhéidir é gur bhronn Suibhne an ríogacht ar Aonghas sular tháinig seisean i réim.

Sa bhliain 628, rinne deartháir Mhaoil Chobha, Domhnall ionsaí ar Shuibhne, ach chloígh é agus theith sé. Muid deireanaí sa bhliain, ámh, maraíodh Suibhne, ag rí na nUlad, Congal Caoch, a d'insealbhaigh é féin mar Ard-Rí ina ionad. Measann Charles-Edwards gur éirigh le Congal "b'fhéidir le ruathar gan choinne".

Ní raibh Ard-Rí ann den Chineál Eoghain as sin amach go dtí an 8ú haois. Bhí ámh sliochtaigh Shuibhne, agus ní a n-iomaitheoirí den Chineál mhic Earca, i mbun ríogacht Chineál Eoghain go dtí bás a fhionnó, Flann mac Maoil Tuile, c. 700.

Foinsí cuir in eagar

  • "The Annals of Ulster AD 431-1201". CELT: Corpus of Electronic Texts.
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • "Suibne Menn mac Fiachnai (d. 628)". Oxford Dictionary of National Biography (2004).

Tagairtí cuir in eagar

  1. 2 menn, mend, meann (Lit.), stadach, ar eDIL


Réamhtheachtaí
Máel Coba mac Áedo
Ard-Rí na hÉireann
611-623
Comharba
Domnall mac Áedo