Conall mac Maoil Chobha
Ard-Rí na hÉireann a mheastar ba ea Conall mac Maoil Chobha (Sean-Ghaeilge Conall mac Máele Coba) (bás 654) ar a glaodh Conall Caol (Conall Cóel) air. Maol Cobha mac Aodha (bás 615) ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i gcoróin ó 643 go 654.[4]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 654 |
Ardrí na hÉireann | |
642 – 654 ← Domhnall mac Aodha – Blathmac mac Aodha Sláine, Diarmaid mac Aodha Sláine → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Néill an Tuaiscirt |
Athair | Maol Cobha mac Aodha |
De réir annála Éireann bunaithe ar Chroinic na hÉireann, chomh-Ard-Rí ba ea é lena dheartháir, Ceallach mac Maoil Chobha, tar éis bhás a n-uncail, Domhnall mac Aodha sa bhliain 642. Deirtear i nAnnála Uladh don bhliain 643:
- Hic dubitatur quis regnauit post Domhnall. Dicunt alii historiagraphi regnasse .iiii. reges, .i. Cellach & Conall Cael & duo filii Aedho Slane mc. Diarmada mc. Fergusa Cerrbheoil mc. Conaill Cremthainde mc. Neill Naoighiallaig, .i. Diarmait & Blathmac, per commixta regna.[5]
- Tá amhras ann cé a bhí i réim i ndiaidh Domhnaill. Deir roinnt staraithe gur rialaigh ceathrar ríthe, .i. Ceallach agus Conall Caol agus beirt mhac Aodha Sláine..., .i. Diarmaid agus Blathmac, i gcomhréimis a chéile.
Comhghuaillthe Dhomhnaill a bhí na ceithre chomharbaí uile, nuair a cloíodh Conall Caoch ag Cath mór Mhaigh Roth sa bhliain 637, agus d'fhéadfadh é dáiríre go raibh an ceathrar i réim le chéile. Insítear go raibh Conall i gceannas arm Dhomhnaill ag Cath Shailtír, cath cabhlaigh a tharla ar an lá gcéanna, inár cloíodh cabhlach Cenél nEógain agus Dál Riada.[6][7]
De réir na ríliosta, bhí Ceallach agus Conall i gcoróin roimh Diarmaid agus Blathmac.[8] Ní fheictear Ceallach nó Conall ámh sa ríliosta is luaite, Buile Choinn.[9]
Sa tuaisceart, thug a gcol ceathrar a dhúshlán iad, ach chloígh Conall agus Ceallach é ag Cath Dhún Criomhthainn sa bhliain 650.[10][11][12]
Maraíodh Conall Caol sa bhliain 654. Deirtear i ngluais le hAnnála Uladh, athinste i nAnnála na gCeithre Máistrí gur mharaigh Diarmaid é.[13][14]
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, Part, 1, G100001A
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
- Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
- Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
- "Cellach mac Máele Coba (d. 658)". Oxford Dictionary of National Biography (2004).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Byrne, Tábla 4
- ↑ Charles-Edwards, Aguisín IV
- ↑ Mac Niocaill, lch. 153
- ↑ Tugtar réimeas 15 bliain do sna ríliostaí sa Leabhar Laighneach, agus Sioncronachtaí Laud 14 bliain
- ↑ Annála Uladh, AU 643.7
- ↑ AU 637.1
- ↑ Mac Niocaill, lch. 96
- ↑ Charles-Edwards, lch. 485
- ↑ Charles-Edwards, lch. 484
- ↑ AU 650.2
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 650.2
- ↑ Mac Niocaill, lch. 98
- ↑ AU 654.1
- ↑ Mac Niocaill, lch. 98
Réamhtheachtaí Domnall mac Áedo |
Ard-Rí na hÉireann 640-656 |
Comharba Diarmait mac Áedo Sláine agus Blathmac mac Áedo Sláine |