Rí Thír Chonaill de Chineál Chonaill, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Conall Cú mac Aodha (Sean-Ghaeilge Conall Cú mac Áedo) (bás 604)[1][2]. Aodh mac Ainmhireach (bás 598), Ardrí Éireann, ba ea a athair.[3]

Infotaula de personaConall Cú mac Aodha
Beathaisnéis
Bás604
Teaghlach
AthairAodh mac Ainmhireach

Tar éis bhás a athar sa bhliain 598, tharla achrann comharbachta i measc mhuintir Uí Néill. Sa Tuaisceart, cloíodh Conall ag a ghaol comhraic, Colmán Ríomhaí (bás 604), ag Cath Slemain sa bhliain 602 agus cuireadh an ruaig air.[4][5][6] Maraíodh Colmán dhá bhliain níos deireanaí, ach ní raibh Conall in ann leas a bhaint as, óir go bhfuair seisean bás seal gairid ina dhiaidh.[7]

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 604.6
  2. Annála Tiarnaigh, AT 602.4
  3. Mac Niocaill, lch. 82
  4. AU 601.3, 602.2
  5. AT 600.2
  6. Mac Niocaill, lch. 82
  7. Mac Niocaill, lch. 84