Í Cholm Cille
Oileán de chuid na nOileán Istigh in Inse Ghall, Earra-Ghàidheal agus Bòd, na hAlban is ea Í Cholm Cille nó Oileán Í (Gaeilge na hAlban: Ì Chaluim Chille).
(en) Iona | |||||
![]() | |||||
Cineál | Oileán | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Na hOileáin Laistigh | ||||
Suíomh geografach | Na hOileáin Laistigh | ||||
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | An Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | ||||
Limistéar comhairle in Albain | Earra-Ghàidheal agus Bòd | ||||
| |||||
Farraige | Muir Inse Ghall | ||||
Tréithe | |||||
Cros | An Ríocht Aontaithe agus Ríocht na hAlban | ||||
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Gaeilge na hAlban! (Calum Cille, Iosa Chrìosd, Lochlannaich, Beurla, eilein, srl...)
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |

Tá áit faoi leith aige i stair na Críostaíochta in Albain agus tá clú air toisc go bhfuil suaimhneas agus áilleacht nádúrtha ag baint leis.
Sanasaíocht Cuir in Eagar
Bhí Inse Ghall faoi fhorghabháil ag cainteoirí ag a raibh ar a laghad ceithre theanga acu. Mar thoradh ar seo, tá níos mó ná brí amháin ag roinnt mhaith d'ainmneacha an oileáin.
Mar sin féin, más ann, is beagán díobh a bhailigh an méid ainmneacha éagsúla thar na céadta bliain mar an oileán ar a dtugtar i Béarla "Iona". Thug na foirmeacha is luaithe d'ainm an oileáin deis don scoláire logainm William J Watson a thaispeáint go raibh i gceist leis an ainm, ar dtús, ná rud éigin cosúil le "Iúr-áit." An ghné Ivo-, ag sainchiallú "Iúr", tarlaíonn sí i scríbhinn Ogham (Iva-cattos [ginideach], Iva-geni [ginideach]) agus i n-ainmneacha Gallach (Ivo-rix, Ivo-magus) agus d'fhéadfadh gurb é a bhí mar bhun do na luath-ainmneacha Gaeilge, mar Eogan (Ogham: Ivo-genos). [5] Is féidir go bhfuil baint ag an ainm leis an duine miotaseolaíoch, Fer hÍ mac Eogabail, mac altrama Mhanannán mac Lir, an réamhainm leis an mbrí "fear an Iúir." .
Sa bhliain 563 tháinig bád i dtír ar Oileán Í. istigh sa churach bhí imircigh ó Éirinn - manaigh a bhí ann agus ina measc bhí duine a bhíodh an-tábhachtach ag baint leis i stair na Breataine ná aon duine eile a bhí beo sna Meánaoiseanna.