Inse Ghall

oileánra amach ó chósta thiar mhórthír na hAlban

Is sraith oileán in Albain iad na hInse Ghall (Gaeilge na hAlban; na h-Eileannan Siar [nə hɛlʲənən ʃiəɾˠ], an tSean-Ioruais; Suðreyjar "na hInse Theas") atá suite ar chósta thiar na hAlban. Eagraítear na hoileáin in dhá ghrúpa mhóra de réir an achair eatarthu agus an tír mhór; na hOileáin Thiar 7 na hOileáin Istigh.

Tá stair fhada maireachtála ag gabháil leis na hoileáin seo (ar a laghad ón ré mheiseoilíteach), mar sin de tá cuid mhór tionchair ó chultúir Ioruacha, Cheilteacha is Shasanacha tagtha isteach le rith na haimsire. Feictear an iliomad fhoinsí tionchair anseo in ainmneacha éagsúla na n-oileán, a thagann ó na teangacha éagsúla a ghabh leis na Tuatha difriúla a mhair ansiúd leis na blianta anuas.

Is iad na hInse Ghall an áit ar cumadh roinnt mhaith de litríocht Ghaeilge na hAlban i dtús báire, is roinnt mhaith de cheol Gaelach na hAlban chomh maith. Sa lá atá inniu ann brathann an eacnamaíocht áitiúil ar an chroifteáracht, an iascaireacht, an turasóireacht, tionscal an ola is earnáil an fhuinnimh in-athnuaite. Tá níos lú éagsúlachta bitheolaíche sna hInse Ghall i gcomparáid le mórthír na hAlban, ach tá líon mór rón is éan farraige ann ach oiread.

Cuimsíonn na hoileáin timpeall ar 7,200 ciliméadar chearnógacha (2,800 míle ch'nógacha), agus sa bhliain 2011, bhí daonra iomláin 45,000 duine ina gcónaí sna hInse Ghall

Na hOileáin Siar (gd:Na h-Eileanan Siar)Cuir in Eagar

Na hOileáin Istigh (gd:Na h-Eileanan a-staigh)Cuir in Eagar