Colmán mac Diarmato

rí in Éirinn sa 6ú haois Meiriceánach

Rí Uisnigh d'Uí Néill an Deiscirt ba ea Colmán mac Diarmada (Sean-Ghaeilge Colmán mac Diarmato) (bás 555/558). Diarmaid mac Cearbhaill ba ea a athair. De réir foinsí luatha agus scoláireachta níos sine, bhí beirt mhac ag Diarmaid darbh ainm céanna, Colmán Már (mór, is sine) agus Colmán Bec (beag, is óige). Molann roinnt scoláirí ámh nach raibh ach mac amháin ann leis an ainm úd. Tá rian de Cholmán Beag sna hannála Éireann, ach ní fhaightear ach a thásc ó thaobh Cholmáin Mhóir de.

Infotaula de personaColmán mac Diarmato
Beathaisnéis
Básc. 587 (Féilire Ghréagóra)
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteAonghas mac Colmáin, Suibhne mac Colmáin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDiarmaid mac Cearbhaill

Ginealaigh cuir in eagar

De réir na sean-ghinealach, bhí triúr mac ag Diarmaid mac Cearbhaill, an bheirt Cholmán agus Aodh Sláine. Deirtear gurbh í Eithne ní Brénainn Dall na gConmaicne na gConnacht í máthair Colmáin Mhóir, agus Brea na gConmaicne í máthair Cholmáin Bhig.[1] . Dar le foinsí eile, máthair Aodha Sláine fosta í Eithne, agus maíonn eile fós gur phós sí mac Aodha, Blathmac.[2]

Tuigeadh gur bhunaitheoirí rítheaghlach iad an bheirt Cholmán. Sinsear eapainmneach Chlann Cholmáin ba ea Colmán Mór. Bhí beirt mhac aige, dar leis na ginealach, Suibhne agus Fearghas. Bhíodh an chlann úd i gceannas Uí Néill an Deiscirt ón 8ú haois go dtí go luath san 11ú haois, agus rinneadh ríthe na Teamhrach díobh go leor. Deirtear gur shinsear rítheaghlaigh níos lú tábhachtach é Colmán Beag, mar atá Clann Cholmáin Bhig, níos deireanaí Caille Follamain, trína a mhac, Aonghas.[3][4]

Annála cuir in eagar

Colmán Mór cuir in eagar

Níl tuairiscithe faoi Cholmán Mór sna hannála ach tásc a bháis sna 550í.[5][6] Tá roinnt deacrachtaí tugtha faoi ndeara maidir le dáta bhás Cholmáin Mhóir le taobh shaoil a dheartháireacha agus a mhac a mheastar a bhí aige, le luath appearance a ainm as Laidin, agus an taifead sna hannála. De réir Ailbhe Mhic Shamhráin:[7][8][9][10]

"...Colmán Már is a hollow figure and looks suspiciously like an artificial creation...".

Moltar gur cuireadh Colmán Mór leis na ginealaigh le linn ré Dhomhnaill na Mí (bás 763), dhá chéad bliain níos deireanaí.[11]

Colmán Beag cuir in eagar

Feictear Colmán Beag sna hannála don chéad uair sna 560í, nuair a insítear go ndeachaigh sé ar turas go dtí Iardoman — gluais tugtha de ghnáth mar "Saoil agus Ìle", ach uaireanta tuigthe Inse Ghall Istigh — i dteannta le rí Dhál Riada, Conall mac Comgaill.[12][13][14]

Sna 570í, insítear gur cloíodh Colmán Beag i gCath Femen. Dar le roinnt foinsí, cloíodh é ag Cairbre From mac Criomhthainn, rí ruire na Mumhan.[15] Bhí ar a laghad dhá shuíomh suntasach leis an ainm Femen, suíomh amháin gar de Chnoc na Teamhrach, suíomh eile gar de Chaiseal.[16] Tá sé molta an roinnt staraithe gurbh achrann cathartha Uí Néill é an cath sin.[17][18]

Feictear Colmán Beag sa deireadh sna 580í, b'fhéidir 586 agus 587. Sa bhliain 586, insítear gur maraíodh Baotán mac Ninneadha (rí na Teamhrach a maítear), "according to Colmán Bec's plan" ag Cumméne mac Colmáin agus gaol leis an ainm céanna, a gharmhac Illand dheartháir. An bhliain dár gcionn, insítear gur éag Colmán Beag ag troid in éadan Aodh mac Ainmhireach ag Belach Dathí anaithnid.[19][20][21][22][23][24]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis J. (2001), Irish Kings and High-Kings (2a ed.), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Connon, Anne, "Prosopography II: A Prosopography of the Early Queens of Tara", in Bhreathnach, Edel (ed.), The Kingship and Landscape of Tara, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, pp. 159–224, ISBN 1-85182-954-7
  • Connon, Anne, "Prosopography II: A Prosopography of the Early Queens of Tara", in Bhreathnach, Edel (ed.), The Kingship and Landscape of Tara, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, pp. 225–327, ISBN 1-85182-954-7
  • Mac Shamhráin, Ailbhe (2000), "Nebulae discutiuntur? The emergence of Clann Cholmáin sixth-eighth centuries", in Smyth, Alfred P. (ed.), Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, pp. 83–97, ISBN 1-85182-489-8
  • Mac Shamhráin, Ailbhe; Byrne, Paul, "Prosopography I: Kings named in Baile Chuinn Chétchathaig and the Airgíalla Charter Poem", in Bhreathnach, Edel (ed.), The Kingship and Landscape of Tara, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, pp. 225–327, ISBN 1-85182-954-7

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Connon, "Prosopography II", ll. 294–295.
  2. Connon, "Prosopography II", ll. 281–284.
  3. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 604
  4. Byrne, Irish Kings, lch. 90
  5. Charles-Edwards, Chronicle of Ireland, iml 1, ll. 101 & 103 (555:3 & 558:1)
  6. Mac Shamhráin, "Nebulae discutiuntur?", lch. 89.
  7. Mac Shamhráin, "Nebulae discutiuntur?", ll. 89–90.
  8. Byrne, Irish Kings, Additional notes & corrigenda, lch. xvii (for p. 90): "Colmán Bec was probably originally identical with Colmán Már..."
  9. Mac Shamhráin & Byrne, "Prosopography I", ll. 215–217: "All things considered it is reasonable to assume that [Colmán Már] is an invention..."
  10. Charles-Edwards, Chronicle of Ireland, iml. 1, lch. 131 (621.2) & nóta 3.
  11. Mac Samhráin, "Nebulae discutiuntur?", lch. 97.
  12. Charles-Edwards, Chronicle of Ireland, iml 1, ll. 107–108 (568)
  13. Mac Shamhráin & Byrne, "Prosopography I", lch. 216
  14. Byrne, Irish King, ll. 111 & 259.
  15. Charles-Edwards, Chronicle of Ireland, iml 1, lch. 109 (573.1) & nóta 5.
  16. Charles-Edwards, Chronicle of Ireland, iml. 2, lch. 144, s.v. Femen.
  17. Mac Shamhráin & Byrne, "Prosopography I", lch. 216
  18. Mac Shamhráin, "Nebulae discutiuntur?", lch. 90.
  19. Charles-Edwards, Chronicle of Ireland, lch. 115 (586.1, 587.1)
  20. Mac Shamhráin & Byrne, "Prosopography I", lch. 216
  21. Mac Shamhráin, "Nebulae discutiuntur?", ll. 90–91.
  22. Lacey, Cenél Conaill, ll. 198–199
  23. Byrne, Irish Kings, lch. 114
  24. Mac Shamhráin & Byrne, "Prosopography I", ll. 182–189.