Rí na Mí de Chlann Cholmáin ba ea Fallamhan[1] mac Congheilte[2] (Sean-Ghaeilge Fallomon mac Con Congalt) (bás 766).

Infotaula de personaFallomon mac Con Congalt
Beathaisnéis
Bás766
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Ba bhall é Fallamhan de Chlann Cholmáin Bhig, géag d'Uí Néill an Deiscirt, a rianaigh a sinsearacht siar ó Cholmán Beag mac Diarmada mhic Cearbhaill agus, níos lú cinnte, ó Niall Naoighiallach. Bhíodh cónaí ar an gclann timpeall ar Loch Léinn. Ba é Caille Fallamain (Coille Follamain) príomhchlann Cholmáin Bhig. Caomhnaítear an t-ainm sa bhaile Coill Fhallúin, siar ó thuaidh ó Ráistín.[3][4]

Bhí Clann Cholmáin Bhig bhí scáth a gaol Clann Cholmáin (Mhóir), muintir dheartháir Cholmáin Bhig, ar a glaodh Colmán Már, agus cónaí orthu siúd thart timpeall ar Chnoc Uisnigh. Le linn na 6ú agus 7ú haoiseanna, bhí an dá chlann faoi scáth Shíol Aodha Sláine as Bhreá, muintir mac eile Dhiarmada, Aodha Sláine. Nuair tháinig ach mac amháin Cholmáin Bhig chun cinn le linn a mórcheannais, mar a bhí Aonghas mac Colmáin Bhig. D'fhéadfadh é go raibh sé ina rí na Teamhrach, nó níos dóichí ionadaí Shuibhne Mheann i lár na tíre.[5]

San 8ú haois, tháinig meath ar Shíol Aodha Sláine de bharr achrann idir na clanna agus tháinig Clann Cholmáin Mhóir agus b'fhéidir fosta Clann Cholmáin Bhig i gceannas.[6][7]

Beatha cuir in eagar

Is é a shín-seanathair Faolchú (Fáelchú), a fuair bás go luath sna 660í, an sinsear is luaite d'Fhallamhan atá luaite sna hannála Éireann.[8] Feictear Fallamhan féin don chéad uair sa bhliain 733. Go luath sa bhliain úd, tharla cogadh dearg i measc Uí Néill an Tuaiscirt, idir Ardrí na hÉireann, Flaithbheartach mac Loingsigh de Cineál Chonaill, agus Aodh Allán de Chineál Eoghain, a chuir sa deireadh Flaithbertach as a choróin.[9][10]

Níos deireanaí sa bhliain úd, deirtear gur tharla cogadh i lár na tíre. Insítear i nAnnála Uladh gur cloíodh Cathal éigin — tuigthe de ghnáth a bheith Cathal mac Finghin, rí Mumhan — ar dtús ag Domhnall na Mí agus Clann Cholmáin Mhóir ag Tailte, agus abhainn gur bhuaigh sé in éadan Fhallamhain agus Chlann Cholmáin Bhig ag Tlachta.[11][12] Tá sé mollta ag an staraí Charles-Edwards gurb ionann an Cathal úd go deimhin agus Cathal mac Aodha de Shíol Aodha Sláine, rí Loch Gabhair.[13]

Níl aon rud eile tuairiscithe maidir le Fallamhan go dtí tar éis bhás Domhnaill na Mí sa bhliain 763. Feictear ansin é mar chomhghuaillí Dhonnchadha na Mí mhic Domhnaill. Is amhlaidh go raibh comhaontas eatarthu ó thús réimeas Domhnaill, nó roimhe sin, a thuaidh agus Aodh Allán clóite agus maraithe aige sa bhliain 743.[14][15]

Sa bhliain 765, insítear gur thug Fallamhan tacaíocht do Dhonnchadh in éadan a dhearthár, Murchadh. Maraíodh Murchadh ag Carn Fiachach, gar do Ráth Conarta, ag tríd in éadan Fhallamhain agus Donnchadha.[16][17] Maraíodh Fallamhan féin sa bhliain 766, go fealltach (dolose as Laidin) dar le hAnnála Uladh and Tiarnaigh dís. Tugtar an teideal rí na Mí do ina thásc.[18][19] Óir gurbh é Donnchadh an té ba mhó a ghnóthaigh air — rinneadh rí na Mí de i ndiaidh seo — tá sé mollta gur ordaigh sé féin an dúnmharú.[20]

Réamhtheachtaí
Domnall Midi
rí na Mí
c. 763 – 766
Comharba
Donnchad Midi

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, Londain: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T. M. (2004), "Domnall mac Murchada (d. 763)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 25 October 2007
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Doherty, Charles (2004), "Donnchad mac Domnaill (733–797)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 25 October 2007
  • Herbert, Máire (2001), "The Vita Columbae and Irish Hagiography: A Study of Vita Cainnechi", in Carey, John; Herbert, Máire; Ó Riain, Pádraig (eds.), Studies in Irish Hagiography: Saints and Scholars (PDF), Baile Átha Cliath: Four Courts, pp. 31–40, ISBN 1-85182-486-3

Tagairtí cuir in eagar

  1. Fallon, Ó Fallamhain[nasc briste go buan], Ó Fallúin, ar sloinne.ie
  2. con=chomh; geilt1, bheith ag innilt, ag féarach, ar teanglann.ie FGB
  3. Byrne, Irish Kings, ll. 87–94
  4. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 15–36.
  5. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll.476–481.
  6. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 571–573
  7. Herbert "Vita Columbae", lch. 37.
  8. Annála Tiarnaigh, AT 662.4.
  9. Annála Uladh of Ulster, AU 732.10, 733.3
  10. AT 733.3 & 733.4.
  11. AU 733.7
  12. Byrne, Irish Kings, lch. 208.
  13. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 477–480.
  14. Herbert, "Vita Columbae", lch. 37
  15. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 477.
  16. Doherty, "Donnchad"
  17. AU 765.5.
  18. AU 766.2
  19. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 480.
  20. Herbert, "Vita Columbae", lch. 38.