Donnchad Midi

rí in Éirinn sa 8ú haois

Rí na Mí agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Donnchadh mac Domhnaill (Sean-Ghaeilge Donnchad mac Domnaill) (733 – 6ú Feabhra 797), ar a glaodh Donnchadh na Mí (Donnchad Midi) air. An chéad Ard-Rí de Clann Cholmáin Uí Néill an Deiscirt, lonnaithe i hContae na hIarmhí agus iarthar Chontae na Mí ba ea a athair, Domhnall na Mí.

Infotaula de personaDonnchad Midi
Beathaisnéis
Breith733
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Feabhra 797
63/64 bliana d'aois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
770 – 797
← Niall Frossach mac FearghailÁed Oirdnide → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachClann Cholmáin Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteConchobar mac Donnchada, Ailill mac Donnchad, Máel Ruanaid mac Donnchada Midi, Domnall mac Donnchada Midi, Teresa d'Aviz Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDomhnall mac Murchadha
SiblínMuiredach mac Domnaill Midi

Sách síochánach a bhí réimis Domhnaill agus a chomharba, Niall Frasach de Cenél nEógain, ach chuir Donnchad beartas leathnaitheach i bhfeidhm, dírithe in éadan na Laighean, céilí comhraic traidisiúnta Uí Néill, agus freisin, don chéad uair, ríocht na Mumhan.

Éire san 8ú haois. Bhí ríochtaí Uisnigh agus na Mí faoi bhun na bhfocal "Southern Uí Néill".

Lean Donnchadh air leis an tacaíocht a thugadh a athair do mhainistreacha Cholm Cille, Oileán Í i gceannas. D'iarr sé ar thacaíocht na n-eaglaisí wars, go háirithe mainistir Cholm Cille ag Darú, agus é i mbun a chogaí. Rinne sé ionsaithe agus creacha gan trócaire ar eaglaisí a thug tacaíocht dá chéile comhraic i measc Uí Néill féin, agus na Laighean agus na Mumhan araon.

Cuimhnítear ar Dhonnchadh is remembered, agus ní i gcónaí go breá, mar rí gaiscígh. Bhunaigh sé go bbb céad Uí Cholmáin i measc Uí Néill an Deiscirt. Rinneadh Ard-Ríthe dá mhuintir go dtí teacht chun cinn Bhriain Bhóramha ag deireadh na 10ú haoise.

Bunúis agus tosca

cuir in eagar

Domhnall Mí (bás 763) ba ea athair Donnchadh, agus a mháthair Ailbíne ingen Ailello d'Ard Ciannacht, mionríocht ar an bhfarraige raibh i thuaidh den Bhóinn. Glacadh le Domhnall mar Ard-Rí ón mbliain 743, nuair a chloígh agus mharaigh sé Aodh Allán de Chineál Eoghain, go dtí a bhás ar an 20ú Samhain 763. Tháinig deartháir Aodha Alláin, Niall Frasach, i gcomharbacht ar Dhomhnall..

Mar a tuairiscíodh é sna hannála Éireann, níor chomh síochánach é comharbas ar mhuintir Dhonnchadha, Clann Cholmáin.[1][2] Maraíodh deartháir óg Dhonnchadha, Diarmaid Dubh sa bhliain 764, agus é i gceannas ar mhainistir Dharú i mbun catha in éadan Chluain Mhic Nóis faoi cheannas Bhreasail mhic Mhurchadha, is dócha a nia. Maraíodh Breasal níos deireanaí sa bhliain. Chloígh Donnchadh ansin Fir Thulach Mí, miondream lonnaithe in aice le Loch Ainninn. An bhliain dár gcionn, 765, le tacaíocht óna ghaol i bhfad amach, Fallaman mac Con Congalt de Chlann Cholmáin Bhig, chloígh agus mharaigh sé a dheartháir Murchadh ag Carn Fiachach, gar do Ráth Conarta, Contae na hIarmhí an lae inniu.

Maraíodh Fallaman, is amhlaidh rí na Mí, sa bhliain 766. Níorbh fhéidir é ach gur rí Uisnigh, taoiseach Chlann Cholmáin, é Donnchadh ar a mhéad, ag am bhás a athar (763).[3][4] I ndiaidh bhás Fhallamain, rinneadh rí na Mí de Dhonnchadh.[5][6][7][8]

Rí na Mí

cuir in eagar

Sa bhliain 769, chuir Donnchadh Cairbre mac Fógartaigh, rí Loch Gabhair, ar deoraíocht. Bhí Cairbre, mac an iarArd-Rí, Fógartach mac Néill, ina rí ar Bhreá Theas, agus b'fhéidir ina phríomhionadaí Shíol Aodha Sláine Uí Néill an Deiscirt, céilí comhraic cé go raibh easaontaithe.[9] An bhliain dár gcionn, to a background of internal conflict in Laigin, chuaigh Donnchadh i gceannas arm i gcúige Laighean isteach agus achrann intíre ar siúl ann. Dhiúltaigh rí na Laigean, Ceallach mac Dúnchadha, dul chun troda, agus d'fhan Donnchadh ag Dún Ailinne le feadh seachtaine agus a arm ag creachadh an chúige.[10][11][12]

De réir Annála na gCeithre Máistrí, d'éirigh Néill Frasaigh as a choróin sa bhliain chéanna is a bhí Donnchadh ar feachtas in Laigin (rud a tharla sa bhliain 770 de réir Annála Uladh), agus tús réimeas Dhonnchadha sa bhliain 771.[13][14] Feictear cúis nó comhartha titim Néill sna blianta 771 agus 772, nuair a bhí Donnchadh ar feachtas sa Tuaisceart.[15][16][17][18]

Sa bhliain 775, ghlac Donnchadh faoina cheannas mainistir Chluain Ioraird ar dhúiche theorann na Laigean. Rinne sé furasta feachtas in aghaidh na Mumhan. Insítear i nAnnála Uladh:

fecit Donnchad uastationem magnam in finibus Muminensium & ceciderunt multi di Muimnechaibh.[19]

Rinne sé arís amhlaidh sa bhliain repeated 776 le cuidiú chomhluadar Darú.[20][21][22][23]

Insítear gur chuir Donnchadh isteach ar Aonach Thailtean, an chéad uair sa bhliain 774, inste gan mhíniú, agus arís sa bhliain 777, agus na Ciannachta á n-ionsú, a deirtear,[24][25] mar thoradh an achrainn idir Donnchadh agus Congalach mac Conaing, rí Chobha, a thosaigh níos luaite sa bhliain.[26] Tharla cath riartha áit éigin in mBreá sa bhliain 778 inár maraíodh Congalach agus go leor dá chomhghuaillithe.[27][28]

Ard-Rí na hÉireann

cuir in eagar

Tá fianaise ann gurbh fhéidir é go raibh Donnchadh ina Ard-Rí roimh bhás Néill Frasaigh, agus ná sa bhliain 778 nuair a scaip seisean, i dteannta le Breasal, abb Oileán Í, "Cáin Cholm Cille".[29][30] Fuair Niall bás níos deireanaí sa bhliain ar Oileán Í.[31] Sa bhliain 779, rinne Donnchadh feachtas arís in éadan Uí Néill an Tuaiscirt, agus ghéill "rí an Tuaiscirt", Domhnall mac Aodha Mhuindeirg, dó.[32][33]

Ossi brigh
in dal occ Innsi na Righ.
Donnchadh ni dichet[34] for muir.
Fiachna ni tuidhecht h-i tir.

Annála Uladh, AU 784.8

Ruaigeadh ionsaí ar chríocha Dhonnchadha ag fir na Laigean sa bhliain 780.[35] Níos deireanaí sa bhliain, eagraíodh cruinniú idir Uí Néill agus na Laigean, agus creidtear gur shocraigh rí na Teamhrach an t-aighneas.[36][37][38] Sa bhliain 784, socraíodh cruinniú mar a chéile idir Donnchadh agus Fiachna mac Aodha Róin, rí na nUladh, ag Inis na Rí (in aice leis Na Sceirí). Theo ar an tionól ámh. Dhiúltaigh Donnchadh dul ar bord long Fhiachna, ar eagla go mbeadh cuma íseal air, agus dhiúltaigh Fiachna teacht i dtír ar an gcúis chéanna. Comóradh an eachtra seo i ndán ar imeall Annála Uladh.[39][40][41]

Sa bhliain 786, tuairiscítear sna hannála gur maraíodh Febordaith, uachtarán mhainistir Thuiléin. Deir gluais níos deireanaí gur baineadh díoltas ar a bhás. Is amhlaidh go bhfuil baint leis seo agus an chéad iontráil eile i nAnnála Uladh, a deir gur chloígh Donnchadh Síol Aodha Sláine ag Lia Fionn, gar don Obair an lae inniu, agus mharaigh sé Fógartach mac Cumascaigh, [ rí Loch Gabhair.[42][43]

Sa bhliain 791, deirtear gur 'sháraigh Donnchadh bachall Íosa agus mionn Phádraig le linn aonaigh', is dócha Aonach Thailtean.[44][45] Níos deireanaí sa bhliain, rinne Donnchadh ionsaí ar Aodh Oirdní, chuir sé an ruaig air as Tailte agus as gleann na Bóinne. Maraíodh Cathal mac Echdach, rí Uí Chriomhthainn, agus uaisle eile sa treascairt.[46] Faightear an iontráil deireanach maidir le Donnchad i mbun chogaidh don bhliain 794, nuair a chuidigh sé leis na Laigin in aghaidh na Mumhan.[47][48][49]

Fuair Donnchadh bás go luath sa bhliain 797, 64 bliain d'aois.[50][51] Tháinig was succeeded as High King by Aodh Oirdní mac Néill Chaille i gcomharbacht ar mar Ard-Rí, agus a mhac Domhnall mar thaoiseach of Chlann Cholmáin agus rí na Mí.

Tá cáil idir mhaith agus olc ag Donnchadha. Sa saothar Féilire Aonghasa, scríofa ag Tamhlacht sa Laigin, is amhlaidh go meastar é mar rí tíoránta, taoiseach cogaidh "dric[52] rúad rogdae" (feargach rua roghnaithe).[53] Cé go raibh Donnchadh cairdiúil le comhluadair Cholm Cille, rinne sé dochar ar chomhluadair eile, agus iad siúd ar teorannacha na Mumhan ach go háirithe. Cé go measann luathstartha gurbh iad na Lochlannaigh (fianaithe don chéad uair in Éirinn go gairid roimh bhás Dhonnchadha) an chéad dream a dhírigh ar eaglaisí, dhéanadh Donnchadh agus a chomhaoisigh slad go minic orthu.[54][55][56][57]

Bhí Donnchadh pósta is cinnte le Bé FáilChathail mhic Muireadaigh, sinsear Leath Chathail san Ulaid. Tuairiscítear a bás i nAnnála Uladh don bhliain 801[58] I measc a pháistí bhí beirt mhac, Aonghas agus Maol Ruanaí.

Creidtear go raibh Donnchadh pósta le Fuirseach, iníon rí Dhál Araí darbh ainm Congal. Thug sí mac, Conchúr, ar an saol leis. Ní fios cérbh í máthair a mhac Ailill, Conn, Domhnall agus Fallaman agus a iníonacha Gormlaith agus Euginis. Deirtear scaití gur iníon Donnchadha í Eithne, a bhí pósta Bran Ardcheann, rí na Laighean Leinster, ach níos dóichí a dheirfiúr.[59][60][61][62]

Fuair Conn bás roimh a athair, maraithe sa bhliain 795. Tháinig Domhnall i gcomharbacht ar a athair mar Rí na Mí, ach ní raibh sé i gcoróin ach le tréimhse ghearr. Tuairiscítear i nAnnála Uladh gur maraíodh go fealltach é ag a ghaol féin sa bhliain 799.[63][64]

Rinneadh níos deireanaí rí na Mí agus Ard-Rí dá mhac, Conchúr. Rinneadh rí na Mí de Mhaol Ruanaí agus Ard-Rí dá mhac-sa Maol Seachnaill. Maraíodh Ailill sa bhliain 803 ag troid in aghaidh a dhearthár, Conchúr, ag Ruba Chonaill. Fuair Aonghas bás sa bhliain 830, glaoitear "rí Tealach Mí" air. Fuair Fallaman bás sa bhliain úd chomh maith, maraithe ag troid in éadan fir na Mumhan.[65][66]

D'fhéadfadh é gur mhac Dhonnchadha é Ruairí mac Donnchadha, secundas abbas mhainistir Cluain Ioraird agus tánaiste Chluain Mhic Nóis. Faightear a thásc sa bhliain 838 in Chronicon Scotorum.[67][68]

Bhí Gormlaith ní Dhonnchadha, a fuair bás sa bhliain 861, pósta le Niall Caille, agus Aodh Fionnliath a mac le chéile. I nAnnála Uladh, glaoitear "regina regis Temorie" (banríon rí na Teamhrach) ar Euginis, a fuair bás sa bhliain 802.[69][70]

  1. Charles-Edwards, "Domnall"
  2. Doherty, "Donnchad".
  3. Annála Uladh, AU 766.2
  4. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 476–481.
  5. Doherty, "Donnchad"
  6. AU 764.6, 764.12, 765.5 & 766.2
  7. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 594.
  8. Caidreamh le Breasal, féach Kehler, Clonmacnois, lch. 56, nóta 113.
  9. AU 769.5.
  10. Doherty, "Donnchad"
  11. AU 770.4, 770.7 & 770.8
  12. Byrne, Irish Kings, lch. 157.
  13. Annála na gCeithre Máistrí, AFM 765.17 & 766.1
  14. Irwin, "Niall".
  15. Doherty, "Donnchad"
  16. AU 771.10 & 772.3
  17. Byrne, Irish Kings, lch. 157
  18. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 574.
  19. AU 775.5.
  20. Doherty, "Donnchad"
  21. AU 776.11
  22. Byrne, Irish Kings, lch. 157
  23. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 594–596.
  24. AU 774.7 & 777.6
  25. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 558.
  26. AU 777.3.
  27. Doherty, "Donnchad"
  28. AU 778.1
  29. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 563
  30. AU 778.4.
  31. AU 778.7.
  32. Doherty, "Donnchad"
  33. AU 779.10.
  34. dichet, ar eDIL
  35. AU 780.7
  36. Doherty, "Donnchad"
  37. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 278 & 471
  38. AU 780.
  39. AU 784.8
  40. Doherty, "Donnchad"
  41. Byrne, Irish Kings, lch. 124.
  42. Doherty, "Donnchad"
  43. AU 786.5, 786.6.
  44. AU 789.18
  45. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 563.
  46. AU 791.5
  47. Doherty, "Donnchad"
  48. AU 794.6
  49. Byrne, Irish Kings, lch. 158.
  50. AU 797.1
  51. Doherty, "Donnchad".
  52. dric ar eDIL
  53. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 469–470.
  54. Tá cáil ar leith ag rí na Mumhan, Feilimí mac Criomhthainn mar chreachadóir eaglaisí, féach Byrne, Irish kings, ll. 211–212
  55. Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, ll. 260–262
  56. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 570–571
  57. Charles-Edwards, "Irish warfare", ll. 38–39.
  58. AU 801.6
  59. Doherty, "Donnchad"
  60. Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 158
  61. Charles-Edwards, "Domnall"
  62. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 578 & 604.
  63. AU 795.2 & AU 799.5
  64. Doherty, "Donnchad".
  65. Doherty, "Donnchad"
  66. AU 803.5, 830.1 & 830.5.
  67. Kehnel, Clonmacnois, ll. 36–37 & 48
  68. Chronicon Scotorum, CS 838.
  69. AU 802.7 & 861.2
  70. Doherty, "Donnchad". Deirtear sa bhreis i nAnnála na gCeithre Máistrí, ACM 797.11, gur bhean chéile rí Bhreá ba ea Euginis.


Réamhtheachtaí
Fallomon mac Con Congalt
Rí na Mí
766–797
Comharba
Domnall mac Donnchada Midi