Domhnall mac Aodha Mhuindeirg

rí in Éirinn sa 8ú haois

Rí Thír Chonaill, de chuid Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Domhnall mac Aodha Mhuindeirg (Sean-Ghaeilge Domnall mac Áeda Muindeirg) (bás 804). Tugadh scairt an teideal "Rí an Tuaiscirt" dó. Aodh Muindearg (bás 747) ba ea a athair, agus Flaithbheartach mac Loingsigh (bás 765), Ardrí Éireann, a sheanathair.[1]

Infotaula de personaDomhnall mac Aodha Mhuindeirg
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás804
Teaghlach
AthairAodh Muindearg

Beatha cuir in eagar

Le linn na hochtú haoise, bhí na Cineálacha Chonaill agus Eoghain in iomaíocht le chéile sa tuaisceart. Bhí athair Dhomhnaill aitheanta mar rí an Tuaiscirt agus ionadaí an Ardrí, Domnall Midi (bás 763) de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt. Níor aithníodh a chomharbaí, áfach, agus sa bhliain 763, d'éirigh Niall Frasach (bás 778) de Chineál Eoghain ina Ardrí.

Tar éis dúnmharú a uncail Murchadh mac Flaithbheartaigh sa bhliain 767, tháinig Domhnall i gcoróin mar rí Chineál Chonaill. Tar éis éirí as Néill Frasaigh sa bhliain 770 nó 772, rinne Domhnall ansin a thriail ar cheannas an tuaiscirt. Sa bhliain 779, tháinig an Ardrí nua, Donnchadh na Mí (bás 797) de Chlann Cholmáin, ar feachtas ó thuaidh agus ghabh gialla ó Dhomhnall, ar a dtugtar an teideal rí an Tuaiscirt ag an am seo.[2][3] Dheimhnigh Domhnall a chumhacht ina cheantar féin le bua in éadan Chineál Bhógaine (géag Chineál Chonaill suite i mBáinigh) sa bhliain 784.[4][5]

Sa bhliain 787, cloíodh Domhnall i mbun chatha ag Maol Dúin mac Aodha Sláine (bás 788) de Chineál Eoghain agus chaill a cheannas sa tuaisceart.[6][7][8] Tar éis bhás Mhaoil Dúin, rinne Domhnall ath-thriail ach cloíodh é sa bhliain 789 i gCath Clóitech (now Clóidigh (Tír Eoghain) ar bhruach na Finne) ag Aodh Oirdní (bás 819) de Chineál Eoghain.[9][10][11] D'éirighAodha Oirdní ina Ardrí sa bhliain 798.

Bhí Domhnall aitheanta mar rí an Tuaiscirt ina thásc don bhliain 804 ach ní fios conas a d'éirigh leis an teideal a fháil ar ais.[12][13]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, Volume One, Oxford: Oxford University Press

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charles-Edwards, Aguisín IV
  2. Annála Uladh, AU 779.10
  3. Mac Niocaill, lch. 142
  4. AU 784.4
  5. Mac Niocaill, lch. 143
  6. AU 787.3
  7. Mac Niocaill, lch. 143
  8. Byrne, A New History of Ireland, lch. 657
  9. AU 789.12
  10. Mac Niocaill, lch. 143
  11. Byrne, NHI, lch. 657
  12. AU 804.1
  13. Byrne, NHI, lch. 657