Máel Dúin mac Áedó Alláin
Rí Ailigh de Cenél nEógain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Maol Dúin mac Aodha Alláinn (Sean-Ghaeilge Máel Dúin mac Áedo Alláin) (bás 788). Áed Allán (bás 743), Ardrí Éireann, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón 770 go dtí 788.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 haois |
Bás | 788 |
Teaghlach | |
Páiste | Murchadh mac Maoil Dúin |
Athair | Aodh Allán |
D'éirigh a uncail, Ardrí Niall Frasach (bás 778), as a choróin sa bhliain 770 nó 772, agus rinneadh ansin rí Ailigh de Mháel Dúin.[2][3] Insítear sna hannála go ndearna an tArdrí nua, Donnchadh na Mí (bás 797) de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt, feachtais sa tuaisceart sna blianta 771 agus 772 chun a údarás a dheimhniú.[4][5] Tá taifead fosta ar dhúnmharú Chonchúir, uncail Maoil Dúin, sa bhliain 772.[6]
Le linn réimeas Donnchadha na Mí, bhí Cenél Conaill i gceannas sa tuaisceart. Tugtar an teideal rí an Fhocla ([rex] ind Fhoclai) do Dhomhnall mac Aodha Mhuindeirg (bás 804). Sa bhliain 787 ámh, chloígh Maol Dúin Domhnall agus Cenél Conaill agus tháinig chun cinn sa tuaisceart.[7][8][9] Ina thásc don bhliain 788, tugtar an teideal rí an Fhocla dó.[10]
Tháinig i gcomharbacht air a chol ceathrar Aodha Oirdní (bás 819), a d'éirigh ina Ardrí sa bhliain 797. Rinneadh rí Ailigh fosta dá mhac Murchadh (bás 823).
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, cuid 1, G100001A
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 1, G800011A
- Chronicon Scotorum, G100016
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
- Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, Volume One, Oxford: Oxford University Press