Rí Thír Chonaill, de chuid Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Aodh Muindearg mac Flaithbheartaigh) (Sean-Ghaeilge Áed Muinderg mac Flaithbertaig) (bás 747). Flaithbertach mac Loingsig (died 765), Ardrí Éireann, ba ea a athair.[1]

Infotaula de personaAodh Muindearg
Beathaisnéis
Bás747 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteDomhnall mac Aodha Mhuindeirg Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFlaithbertach mac Loingsig
SiblínLoingseach mac Flaithbheartaigh agus Murchad mac Flaithbertaig

Ardrí dheireanach de Chineál Chonaill ba ea a athair. Cuireadh nó d'éirigh sé féin as a choróin sa bhliain 734 in áit Chineál iomaíochta Eoghain faoi cheannas Aodh Allán (bás 743). Fuair a athair bás ina mhanach i nArd Mhacha sa bhliain 765.[2][3]

Cloíodh agus maraíodh Aodh Allán i gCath Seredmag ag Domhnall na Mí (bás 763) de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt sa bhliain 743.[4] B'fhéidir é gur cheap Domhnall Aodh Muindearg mar a ionadaí sa tuaisceart, óir go dtugtar an teideal an Tuaiscirt dó i nannála Éireann.[5] Más fíor, bhí sé i réim sa tuaisceart ón mbliain 743 go dtí 747.

Níor glaodh ach ríthe Cineál Chonaill a dheartháireacha Loingseach (bás 754) agus Murchadh (bás 767). Tugtar an teideal rí an Tuaisceart dá mhac Domhnall (bás 804).

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 4
  2. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 573
  3. Annála Uladh, AU 734.10, 765.2
  4. AU 743.3
  5. AU 747.4