Murchadh mac Flaithbheartaigh

Rí Thír Chonaill de Chineál Chonaill, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Murchadh mac Flaithbheartaigh (Sean-Ghaeilge Murchad mac Flaithbertaig) (bás 767). Flaithbertach mac Loingsig, (bás 765), Ardrí Éireann, ba ea a athair, a d'éirigh as a choróin sa bhliain 734 agus chuaigh ar scor go mainistir Ard Mhacha.[1]

Infotaula de personaMurchadh mac Flaithbheartaigh
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás767
Loingseach mac Flaithbheartaigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMáel Bresail mac Murchada (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFlaithbertach mac Loingsig
SiblínAodh Muindearg agus Loingseach mac Flaithbheartaigh

Tháinig Murchadh i gcomharbacht ar a dheartháir Loingseach mac Flaithbheartaigh (bás 754). Bhí a dheartháir Aodh Muindearg (bás 747) aitheanta mar Rí Thuaiscirt agus ionadaí an Ardrí, Domhnall Mí (bás 763) de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt. Níor bronnadh an onóir úd ar nó Loingseach nó Murchadh. Le linn réimeas Murchadha, d'éirigh Niall Frasach (bás 778) de Chineál iomaíochta Eoghain ina Ardrí sa bhliain 763.

Insítear sna hannála gan sonraí gur maraíodh annals Murchadh sa bhliain 767.[2] Níor tugadh ach an teideal rí Chineál Chonaill dó iontu.

Rinneadh rí Chineál Chonaill fosta dá mhac, Maol Breasal (Máel Bresail) (bás 819).

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charles-Edwards, Aguisín IV
  2. Annála Uladh, AU 767.2