Is leithinis suite in oirthear gChontae an Dúin, Tuaisceart Éireann, é Leath Cathail. Bhíodh go leor ranna stairiúla éagsúla ann.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLeath Cathail
CineálBarúntacht Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae an Dúin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 18′ N, 5° 36′ O / 54.3°N,5.6°W / 54.3; -5.6

Tá an leithinis teoranta ag Riasc an Chaoil (anois taosctha, ach leathan tráth), Abhainn Bheara, Muir Éireann agus Loch Cuan. Faightear í in áit go saoithiúil iargúlta, sáinnithe beagnach óna chúlchríoch, ach d'fhéadfaí ionradh a dhéanamh uirthi ón oirthear agus ón deisceart.[1]

In amanna ársa, ainm an tuaithe Ghaelaí, Leath Cathail, ba ea é. Faoin ainm Ladcathel, iar-chontae Iarlacht Uladh a bhí ann. Níos déanaí, barúntacht Lecale a bhí ann, a scaradh faoin mbliain 1851 in Lecale Lower (Leath Cathail Íochtarach) agus Lecale Upper (Leath Cathail Uachtarach).[2]

Leath Cathail
Seanbharúntacht Leath Cathail
 
Léarscáil stairiúil Leath Cathail, le hAlice Stopford Green (1912).[3]

Leath Cathail

cuir in eagar

Fo-ríocht de ríocht ársa na nUlad ba ea Leath Cathail. Ainmníodh é as Cathal, prionsa Ulad timpeall na bliana 700 AD, agus de shliocht Fhiachna mhic Deaman rí Ulad.[4][5][6]

Níos luaite, ghlaoití Maigh Inis ar Leath Cathail.[4][5] Sular tógadh na chéad bhacainní mara agus sruthchórais timpeall 200 bliain ó shin, bhíodh an leithinis timpeallaithe beagnach go hiomlán ag Cuan Dhún Droma, Loch Cuan agus Muir Éireann.[5]

De réir Annála na gCeithre Máistrí, ar lá fhéile Pheadair is Phóil (29ú Meitheamh), 1147, chuaigh na hUlaid i mbun chogaidh in éadan Chineál Eoghain, a chuaigh sa tóir orthu go bruach Chuan Dhún Droma.[7] Cloíodh go holc na hUlaid, agus maraíodh Archu Ua Flathraoi, "tiarna Leath-Chathail". Chreach an Cineál Eoghain buacach Leath Cathail agus thóg leo giallaigh Ulad.[7] Faoin 12ú haois, deirtear gur ríthe Leath Cathail iad Cineál Aonghasa, agus Uí Flathraoi ina dtiarnaí ann.[4]

Naoimh Pádraig, Brigit agus Colm Cille

cuir in eagar

Tháinig Naomh Pádraig i dtír ag inbhear na Sláine ar fhilleadh dó ar ais go hÉirinn. Tá dealbh mhór eibhir ann inniu ag Ráth Cholpa. D'éag sé i Mainistir Shabhaill, áit thús a mission agus was administered his dying communion by Easpag Tassach de Ráth Cholpa. Aistríodh a chorp go Dún Pádraig, ar a glaodh ansin Dún Dhá Leath Glaise, suite i Leath Cathail Uachtarach.

Sa bhliain 835, tógadh taisí Naoimh Bhríde go Dún Pádraig um iad a chosaint ó fhoghlaithe Lochlannacha.

Sa bhliain 877, tógadh corp Naomh Cholm Cille anseo ó Oileán Í.[8] Cuireadh faoi i ngarraí é de bharr dhó rialta na mainistreach féin. Rinneadh dearmad ar an suíomh go dtí an bhliain 1185.[9] Árna ath-aimsiú, bhí sé adhlactha ag John de Courcy laistigh den mhainistir, ag cairdinéal Vivian ar an 9ú Meitheamh 1186.

  1. "Downpatrick and Lecale. A Short Historical Guide" (1980). 
  2. "[https://web.archive.org/web/20160312065932/http://esds.ac.uk/doc/3582/mrdoc/pdf/fields.pdf Database of Irish Historical Statistics - Literacy Notes website = esds.ac.uk]". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-12. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  3. Stopford Green, Alice (1912). "The Old Irish World". Baile Átha Cliath: M. H. Gill and Son. Dáta rochtana: 21d Samhain 2012. 
  4. 4.0 4.1 4.2 Ireland's History in Maps - Ancient Ulaidh, Ulidia, the Kingdom of Ulster
  5. 5.0 5.1 5.2 "Lecale Historical Society, Downpatrick, County Down".
  6. Lowry, DE (1925–26). "Norsemen and Danes of Strangford Lough (reprinted from Proceedings of Belfast Natural History and Philosophical Society)". 
  7. 7.0 7.1 eBooka Curtha i gcartlann 2022-05-24 ar an Wayback Machine - James O'Laverty. An historical account of the Diocese of Down and Connor, ancient and modern.
  8. "The history of Ireland, ancient and modern".
  9. "A Historical Account of the Diocese of Down and Connor, Ancient and Modern".