Bran Ardcheann

rí Éireannach
(Athsheolta ó Bran Ardchenn)

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Bran Ardcheann mac Muireadaigh (Sean-Ghaeilge Bran Ardchenn mac Muiredaig) (na 795). Muireadhach mac Murchadha (bás 760), iar-rí, ba ea a athair.[1][2] Bhí sé i réim ón mbliain 785 go dtí 795.

Bran Ardcheann
ríthe na Laighean

Saol
Bás 6 Bealtaine 795
Muintir
Athair Muireadach mac Murchadha
Páistí
Treibh Uí Mhuireadhaigh
Gairm
Gairm monarc

Céile comhraic Ruairí mhic Fhaoláin (bás 785) le haghaidh na corónach ba ea Bran. Sa bhliain 780, rinne an tArdrí, Donnchad Midi (bás 797), slógadh in éadan na Laigean. Chloígh sé Ruaidrí mac Fáeláin, agus scrios sé a thailte.[3] Sa bhliain chéanna, eagraíodh tionól Uí Néill agus na Laigean ag Teamhraigh agus cuireadh síocháin ar ais i bhfeidhm.[4] B'fhéidir é go raibh ar feachtas ar son a chéile, Bran.[5][6]

Sa bhliain 782, chloígh agus ghabh Ruaidrí Bran ag Cath an Churraigh. Maraíodh Comhghuaillthe Bhrain, Mugrón mac Flainn, rí Uí Fhaili, agus Dubh dhá Chríoch mac Laoghchinn Uí Cheinnselaig.[7][8][9]

Bhí Bran pósta Eithne ní Dhomhnaill (bás 795), deirfiúr Dhonnchadha Mí, an Ardrí de Chlann Cholmáin, cleamhnas a dheimhnigh go raibh deachaidreamh acu leis an Ardrí.[10] Sa bhliain 794, rinne Donnchadh ruathar ar an Mhumhain chun na Laigin a chosaint.[11][12][13]

Ar an 6ú Bealtaine 795, maraíodh Bran agus Eithne i gCill Cúile Duma (gar den Sráidbhaile, Contae Laoise) ag a chomharba, Fíonsneachta Ceathardheach mac Ceallaigh (bás 808) Uí Dhúnchadha. Ba ghníomh polaitiúil gan trua é seo, dírithe in aghaidh an Ardrí, Donnchadh.[14][15][16]

I measc a mac, bhí Muireadach (bás 818) agus Ceallach (bás 834), ríthe Laigean beirt.

FoinsíCuir in Eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Charles-Edwards, Aguisín XVII
  3. Annála Uladh, AU 780.7
  4. AU 780.12
  5. Charles-Edwards, lch. 578
  6. Byrne, A New History of Ireland, iml. I, lch. 671
  7. AU 782.3
  8. Charles-Edwards, lch. 578
  9. Byrne, lch. 158
  10. Charles-Edwards, lch. 578
  11. AU 794.6
  12. Charles-Edwards, lch. 578
  13. Byrne, lch. 158
  14. AU 795.1
  15. Charles-Edwards, lch. 578
  16. Byrne, lch. 158