Muireadhach mac Murchadha
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Muireadhach mac Murchadha (Sean-Ghaeilge Muiredach mac Murchado) (bás 760)[1] Murchadha mac Brain Mhut (bás 727), iar-rí, ba ea a athair.[2] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 738 go dtí 760.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 760 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe na Laighean | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Dhúnlainge |
Páiste | Bran Ardcheann |
Athair | Murchad mac Brain Mut |
Siblín | Bran Becc mac Murchado, Fáelán mac Murchado agus Dúnchad mac Murchado |
Cloíodh na Laigin go dona i gCath Átha Seanaigh sa bhliain 738 ag an Ardrí Aodh Allán mac Fearghaile (bás 743) de Chineál Eoghain. Bhí dea-chaidreamh ámh idir Muireadhach agus Ardrí a linne, Domhnall Mí (bás 763) de Chlann Cholmáin. Phós Bran Ardcheann mac Muireadhaigh (bás 795) le hEithne ní Dhomhnaill. Sa bhliain 759, chuaigh Domhnall i gceannas agus mór na Laigean chomh fada is Magh Muirtheimhne, gar do Dhún Dealgan.[3][4]
Bhí muintir Uí Mháil tráth ina ríthe na Laigean, an rí deireanach ná Ceallach Chualann mac Geirthí (bás 715). Sa bhliain 744, cloíodh iad ag Cath Ailéin dá Bhearrach, suite i gCuala, Contae Chill Mhantáin, ag triail ar an ríogacht sin uair dheireanach.[5] Maraíodh beirt gharmhac Cheallaigh, Cathal agus Ailill.[6]
Rinne an rí Osraí, Amchaidh mac Con Chearca ruathar ar na Laigin ag Fotharta Feá (754),[7] agus ar Uí Bhairrche agus Uí Chinnsealaigh,[8] le linn réimeas Mhuireadaigh.
Sinsear mhuintir Uí Mhuireadhaigh ba ea Muireadhach féin, agus a mbaile ríoga ag Mullach Maistean in Iarthair Life. Rinneadh rí Laigean freisin dá mhac, Bran Ardcheann (bás 795).
Foinsí
cuir in eagar- Annála Uladh
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Hogan, SJ, Edmund (1910), Onomasticon Goedelicum: An Index to Irish Names of Places and Tribes (locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae), Documents of Ireland, Coláiste na hOllscoile Corcaigh [1]