Murchad mac Brain Mut

Rí Laighean

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Murchadh mac Brain Buta (Sean-Ghaeilge Murchad mac Brain Mut) (bás 727). Bran Buta mac Conaill (bás 696), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 715 go dtí 727.[2]

Infotaula de personaMurchad mac Brain Mut
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás727
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnlainge Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBran Becc mac Murchado, Fáelán mac Murchado, Dúnchad mac Murchado, Muireadach mac Murchadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBran Mut mac Conaill

Feictear Murchadh ar dtús sna hannála agus é ar a ruathair insealbhaithe in éadan na Mumhain sa bhliain 715.[3] Bhí cogadh aige in éadan Uí Néill. Sa bhliain 719, rinne siad ruathair réir chuig ar na Laigin.[4] Bhí Murchadh i gcomhaontas le Cathal mac Finguine (bás 742), rí Mumhan, agus sa bhliain 721, rinne siadsan le chéile ruathair ar Bhreá.[5] Sa bhliain 721 ámh, rinne Cathal suíocháin leis an Ardrí, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) de Chineál Eoghain, agus d'ionsaigh Fearghal na Laigin chun an bhóramha a éileamh.[6]

Bhris fir na Laigean an sos cogaidh, ámh, agus d'ionsáigh Fearghal arís mar chúiteamh. I Mí na Nollag 722, áfach, maraíodh Fearghal agus go leor uaisle Uí Néill ag Cath Alúine (Contae Chill Dara) ag na Laigin faoi cheannas Mhurchadha.[7] Throid Murchadha son Dúnchadh (bás 728) agus Aodh mac Colgan (bás 738) Uí Chinnsealaigh ar aon Laighean. Cuir siad ceann Fhearghaile chuig Cathal chun a chuid feirge a shuaimhniú.[8] Deirtear i nAnnála Tiarnaigh gur chloígh an Ardrí, Cinnéad mac Iorgalaigh (bás 728) de Shíol Aodha Sláine, na Laigin ag Cath Mhaíne sa bhliain 726 agus gur bhain sé a éilimh amach, ach ní thacaíonn annála eile leis an scéal seo.[9]

Tháinig Uí Dhúnlainge chun cinn le cuidiú mheath Uí Mháil. Maraíodh beirt mhac a réamhtheachtaí, Ceallach Chualann (bás 715), le linn a réimis: maraíodh Aodh (bás 719) ag Cath Fhionnúirach (Fionnúir, Co. Cill Dara), ina raibh na Laigin ag troid eatarthu féin; agus mharaigh Criomhthann (bás 726) ag Cath Bhealach Lice agus é óg.[10]

Duine dá mhná céile ba ea Concheann ní Cheallaigh (bás 743) Uí Mháil. Máthair Fhaoláin (bás 738) agus Mhuireadaigh (bás 760), ba ea í, ríthe Laigean beirt. I measc mac eile aige, bhí Dúnchadh (bás 728) agus Bran Beag (bás 738), ríthe Laigean beirt fosta.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Wiley, Dan M., Battle of Allen, The Cycle of the Kings

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
  2. Tugtar réimeas cúig bliana déag dó sa Leabhar Laighneach.
  3. Annála Uladh, AU 715.4
  4. Annála Tiarnaigh, AT 719.7
  5. AU 721.6
  6. AU 721.8
  7. AU 722.8
  8. Dan M.Wiley, Battle of Allen Curtha i gcartlann 2006-09-02 ar an Wayback Machine, The Cycle of the Kings
  9. AT 726.8
  10. AU 719.4, 726.4