Dúnchadh mac Murchadha

rí Éireannach
(Athsheolta ó Dúnchad mac Murchado)

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Dúnchadh mac Murchadha (Sean-Ghaeilge Dúnchad mac Murchada (bás 728). Murchadh mac Brain Buta (bás 727), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 727 go dtí 728.

Dúnchadh mac Murchadha
ríthe na Laighean

Saol
Bás728
Muintir
AthairMurchad mac Brain Mut
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
TreibhUí Dhúnlainge
Gairm
Gairmmonarc

Bhí Dúnchadh ar an bhfód nuair a bhuaigh a athair in éadan an Ardrí Uí Néill, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) ag Cath Alúine sa bhliain 722. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair sa bhliain 727. Cidh sé a chéile comhraic Uí Chinnsealaigh, Laidcnén mac Con Mella, a maraíodh ag Cath Maistean (Mullach Maistean, deisceart Contae Chill Dara) sa bhliain 727.[2] An bhliain dár gcionn, ámh, chloígh agus mharaigh a dheartháir, Faolán mac Murchadha (bás 738), é ag Cath Aileann (Co. Chill Dara), a thóg an ríogacht agus a phós a bhaintreach.[3]

Bhí Dúnchadh pósta le TaileflaithChathail mhic Finghin (bás 742), rí Mumhan. Sinsear Uí Dhúnchadha clann Uí Dhúnlainge, is ea Dúnchadh, lonnaithe ag Cnoc Liamhna ar theorann Áth Cliath-Cill-Cill Dara. Rinneadh rí Laigean dá mac, Ceallach (bás 776).

Féach freisinCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar


TagairtíCuir in Eagar

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
  2. Annála Uladh, AU 727.6
  3. AU 728.2